Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-06-29

Bímis ag léamh!

De bharr taom saoithíneachta a bhuail mé, bhronn Tadhg leabhar dá chuid ón sraith "Bímis ag Caint faoi" orainn.

Ainneoin doicheall an poist roimh seoltaí i nGaeilge, shroich an leabhar ceann scríbe. (Bhí nótaí imill air - ag moladh d'fhear an phoist triail a bhaint as Bré, Na Clocha Liatha - agus Cill Dara!)

Pé scéal é, "An Bhfuil Rún Agat?" an leabhar a bhí roghnaithe againn, leabhar a chíorann rúndacht - cathain is cóir cloí leis, agus cathain is ceart na rúin a scaoileadh.

Tugann an insint agus na léaráidí gleoite muid, céim ar chéim, ó rúin deasa - bronntanas do mhamaí atá faoi rún go bhfaigheann sí é, tríd leathrúin - conas plé le eachtraí bulaíochta ar dhaoine eile, go dtí croí na ceiste - rún faoi droch íde ort féin, agus an riachtanas rún mar sin a scaoileadh le duine iontaofa.

Cheap mé go raibh na léaráidí san gcuid seo thar a bheith éifeachtach - ag leiriú an bhagairt diamhair a bheadh ag rud dá leithéid ar ghasúr, gan a bheith ró litriúl.

Tríd is tríd, an leabhar atá ann. De bharr go bhfuil mo chlann mic ró shean, agus m'iníon fós ró óg, is dócha nach mbeinn tagtha chomh fada leis de mo dheoin féin - fós. Beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith amach anseo - cé go bhfuil súil agam nach mbeidh call againn riamh le "Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?".

Rud beag amháin - seans go bhfuil an litreoireacht rud beag deacair le léamh do thosaitheoirí léitheoireachta, rud a bheadh ina bhac do roinnt páistí san aois ghrúpa an leabhar a léamh as a gconlán féin.



An bhfuil rún agat?

le Jennifer Moore-Mallinos, maisithe ag Marta Fabrega
leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin

ISBN: 978-0-9550983-9-0

34 lth, lándaite, clúdach bog
Aoisghrúpa: 6-10