Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-07-17

Tairne gach fadhb

Tairne gach fadhb don bhfear nach bhfuil aige ach casúr, mar a deir seanfhocal Gearmánach.

Tá "An Bord Snip Nua" (leasainm ghránna, agus comhartha eile ar an drochmheas atá ag an aos chainteach ar an nGaeilge) tar éis a dtuarascáil a thabhairt don Rialtas, agus iadsan tar éis é a fhoilsiú. Tá sé suntasach go bhfuil na hairí Rialtais tré chéile ag rá gur "menu" atá i gceist - liosta roghanna. Suntasach freisin go bhfuil an méid airgead a mhaíonn an Carthach agus a chomh eacnamaithe a shábháilfear níos airde ná an méid a bhí luaite mar sprioc.

Is léir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh scagadh poiblí ar an méid atá san tuarascáil. Agus go bhfuil ré lucht stocaireachta linn. Tá ceacht na gcartaí leighis foghlamtha is léir.

Tá drochscéalta flúirseach san tuarascáil seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht - deireadh leis an Aireacht ina measc, agus cúram na Gaeilge a bheith fágtha faoin Roinn Éadóchais agus dreamanna nach iad. Deireadh le COGG - dream a scoilt ón Roinn úd chun a bheith in ann rud éigin a bhaint amach, agus a bhfuil roinnt bainte amach acu ainneoin dris chosáin iomadúla ón "Máthair" roinn.

Eacnamaí atá i McCarthy, agus is "Toradh ar infheistíocht" a shlat tomhais.

Ach:
Une chose n’a pas une valeur parce qu’elle coûte, comme on le suppose, mais elle coûte parce qu’elle a une valeur.

Sin rud nach dtuigeann eacnamaithe - luachanna nach féidir a thomhas sa bhunlíne. Is minic eolas bheacht acu ar chostas gach rud - ach iad dall ar a luach.

Is gné den chultúr an Ghaeilge; agus is deacair luach an chultúir a mheas i gceart. Beidh sé deacair mar sin ag an Conradh, agus dreamanna eile, a ghlam a ardú os cionn na glamanna eile a ardófar - cuid acu a bhainfidh le cách, agus a mbeidh cluas an phobail acu dá réir.

Ach mura dtógfaidh muid raic, ní fhágfar againn ach raic - cnámha báid na teangain.

Cá bhfaighidh muid Iníon Fharoinn?