Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-23

Briatharchath

D'fhreastail mé aréir ar chaint Thomáis Mhic Shiomóin "AN DÚCHAS AGUS AN NUA". Cuid d'fhéile IMRAM. Bhíos ag dréim le breis forbairt ar na smaointe a bhí a phlé ag Séan ar na mallaibh. Ní hé sin go baileach a bhí ann. Le bheith cruinn, is dóigh liom gur chreid Tomás go mbeadh am aige do chaint níos faide. B'éigean dó a chaint a chuir in oiriúint do tréimhse níos giorra, rud a chuir dá bhuille é beagán. Dhírigh sé mar sin ar an litríocht, agus an slabhra réabtha idir scríbhneoirí na linne seo - scríbhneoirí Gaeltachta agus Galltachta - agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Pobal atá don gcuid is mó dall ar na saothair atá á scríobh, agus a chreideann gur stop litríocht na Gaeilge le béaloideas na Blascaodaí.

Bhí scéalta ón ngort aige. Ceann a chuaigh i gcion orm go mór. An cailín Gaeltachta a d'fhreastail ar cheardlann scoile scríbhneoireachta. A chum gearrscéal den scoth lena linn. Ar mian léi scríobh. I mBéarla - Stephen King seachas Máirtín Ó Cadhain an múnla di.

Nach raibh leabhar ar bith léite ag na gasúr nach raibh ar an gcúrsa; níorbh eol dóibh comharsan leo a bheith ag scríobh.

Téis Thomáis - go gcaithfear na nascanna margaíochta a ath-thógáil ar bhun córasach, go bhfuil gá le cur chuige seasta chun an méid atá á fhoilsiú a oscailt don bpobal i gcoitinne, chun go bhfaigheadh sé bealach isteach i mbéaloideas an phobail.

Dáithí Ó hÓgáin a bhí le freagra a thabhairt ar Thomás. Bhí léamh beagán difriúil, mar a bheifeá ag súil leis, ag Daithí ar Bhéaloideas, ach bhfacthas dom go raibh sé mórán ar aon fhocail le Tomás seachas sin, ach béimeanna eile aige.

Gabriel Rosenstock a bhí mar chathaoirleach, agus a d'oscail an cheist don rud ar thug sé Briatharchath , seachas díospóireacht air.

D'ardaigh mise ceist an easpa leabharlann don Ghaeilge - ach dúirt Liam Carson go bhfuil gach leabhar Gaeilge i gcló i Leabharlann Sráid an Phiarsaigh. Rud a chaithfidh mé a fhiosrú níos doimhne. Is féidir, gan amhras, feidhm a bhaint as an gcóras iasachtaí idir leabharlainne chun teacht ar leabhar más eol duit é bheith i leabharlann éigin.

D'fhiafraigh Nuala Ní Dhomhnaill cén fáth nach raibh Annalacha na gCeithre Maistrí le fáil i ngach leabharlann.

Thug Liam Ó Muirthile aitheasc mór fada a chuir mearbhall orm, agus an t-aon smaoineamh a d'fhan liom ná an gá a chonaic sé gortghlanadh a dhéanamh ar teagasc na Gaeilge, tabula rasa iomlán.

Bhog an bhriatharchath san treo sin ar feadh tamaill, agus i gciorcail cúnga seanchaite. Tarraingíodh Conradh Liospóin isteach sa cheist freisin, n'fheadar cén fáth. Luadh an Cadhnach mar an cheannaire deiridh a bhí ar Ghluaiseacht na Gaeilge, agus dúradh gurbh é a thionchar siúd, agus tionchar na glúine sin a bhunaigh RnaG agus TG4 - rud atá fíor.

Dúirt an fear a chuir clabhsúr leis an gcaint foirmeálta - Douglas a thug Gabriel air - rud thar a bheith stuama. Nach ann do "phobal" na Gaeilge mar bhloc. Go bhfuil daoine ann a léann, agus daoine nach léifidh riamh. Ach gurbh í an teanga labhartha an rud a chaithfear a bhuanú - gan í, tá thiar orainn.

Bhí comhráití taitneamhacha bríomhara fíon éascaithe agam ina dhiaidh, agus ba bheag nár lig mé don bhus deiridh éalú uaim. Bhí bord faoi throm ualach litríochta ann freisin, ach níor ghéill mé don gcathú an uair seo!

Tá Liam ag caint ar ócáid míosúil a bheith ann idir IMRAMA. Bheadh sin go deas. Mór an trua nach fear gan bean, gan chlann - gan beann ar aoinne mé - ansin bheadh ar mo chumas tumadh i saol literati na Gaeilge níos minice!