Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-01-29

Ithiomrá agus béadchaint

Milleann ithiomrá agus béadchaint cáil agus onóir na comharsan. Óir is é is onóir ann an fhianacht shóisialta a dhéantar le dínit an duine, agus tá ceart nádúrtha ag cách ar onóir a ainm, ar a chlú agus ar a mheas. Mar sin, sáraíonn ithiomrá agus béadchaint suáilcí na córach agus na carthanachta.
Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, #2479.

Forbairt nádúrtha ar an méid a scríobh mé inné an mír seo, is dócha. Ach údar eile a spreag mé. Colún ag John Waters san Times inniu maidir leis an mbaol do saoirse cainte atá ann ó ithiomrá agus béadchaint sna meáin. Ag tarraingt as an méid a dúirt Martin Cullen ar na mallaibh fán íde a fuair sé agus a theaghlach de bharr na líomhaintí - iomlán bréagacha mar a tharlaíonn sé - go raibh caidreamh drúisiúil aige lena chomhairleoir poiblíochta.

Dar ndóigh, pheacaigh Martin in aghaidh an ceartchreideamh pholaitiúil nuair a mhaígh sé gur geall le héigniú an taithí a bhí aige de bharr an ithiomrá leanúnach seo.

Rud a thug leithscéal do dhaoine neamhaird a dhéanamh ar an fhírinne garbh san méid a dúirt sé.

Chuala mé scéal uair faoi bhean a bhí ciontach in ithiomrá, agus a chuaigh chun faoistine chuig - sílim - Naomh Francis de Sales. D'iarr sé uirthi mála clúimh mín a fháil, é a scaoileadh amach ar bharr cnoic, agus teacht thar nais chuige chun an chuid eile dá pionós a fháil. Rinne sí amhlaidh. Nuair a d'fhill sí, dúirt sé - "anois, cruinnigh an mhín clúimh uilig arís".
"Ach tá sin dodhéanta", ar sí. "Tá," ar seisean "chomh dodhéanta le torthaí d'ithiomrá a leigheas!"

Tá trua agam ach go hairithe do mic Martin Cullen, a sheas lena n-athair agus a fuair cad é batráil sa chlós scoile dá bharr. Ciall ceannaithe searbh anois acu, is cinnte.

Níl aoinne againn gan locht, agus is beag saol nach bhfuil peaca ceilte ann - agus is leor nod agus "ní bhíonn toit gan tine" chun clú agus acmhainn duine a scrios.

Is fíor do John Waters áfach gur minic a úsáidtear an slat "fimíneacht" chun sleamhnú as dul i ngleic le argóint faoi cén idéal is ceart chuir os comhair an phobail.

Is dócha go ndearfaidh Áine arís gur "saoirse preasa" atá i gceist anseo. Ach níl aon cheart gan a leathbhreac de dualgas. Tá dulagas trom ag dul le saoirse cainte: a bheith ionraic agus fírinneach - agus gan nithe nach gá iad a scaipeadh a reic leis an saol mór!