Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-04-12

Gaelscéal.

D'fhreastail mé ar an seoladh. Tá trí eagrán (an chéad ceann san áireamh) ceannaithe agam i siopaí. Táim measartha sásta.

Tá léirmheas chruinn déanta ag Conchubhar (Gaelscéal ag aimsiú an bhuille) agus comhrá spéisiúil ann. D'aontaigh mé cuid mór leis an méid a bhí le rá ag Seán Mór faoi eagrán 2.

Ach sílim go bhfuil a mhéar leagtha ag Séamas Mac Seáin ar an bpríomhlaige. Caithfear an nuachtán a dhíol - le léitheoirí agus le fhógróirí. Luadh i dtrácht ar an píosa a bhí ag Pól Ó Muirí ar a bhlag Béarla Ultach gur botún a bhí ann gan an suíomh idirlíon a bheith "beo" roimh an seoladh, ar mhaithe le stocaireacht a dhéanamh. Agus fós níl eolas ar an suíomh conas síntiúis a bhaint amach. Nó má tá, níor aimsigh mise é. Oibríonn córas PayPal Nuacht24 go seoigh domhsa, £10 in aghaidh na míosa as mo chárta creidmheasa, agus nuachtán Samizdat na Gaeilge i mo bhosca poist gach seachtain. Tuige nach bhfuil an rogha sin ag dul le Gaelscéal? Ní feidir a bheith ag brath ar dea thoil siopaí nuachtáin. Muna bhfuil ach corr chóip á dhíol, ní fiú an tairbhe an trioblóid don siopadóir - bíonn an oiread oibre i gceist le cóipeanna a sheoladh ar ais, féachaint chuige go bhfuil na cuntais in ord, agus rl. (Taithí agam ar seo ó bheith ga lorg Lá agus Foinse i siopaí, agus mo dhóthain clamhsán faoi na dáilitheoirí cloiste agam!)

Cúis imní dom an suíomh idirlín, déanta na fírinne. Feictear dom nach bhfuil smacht díreach ag Foireann Gaelscéal ar an suíomh - tá an cosúlacht air go bhfuil siad spléach ar dream éigin eile chun eolas a chuir ann agus a athrú. Má tá cartlann ann, ní fheicimse é. Agus nílim tógtha leis an leagan amach, ná an bealach a cuirtear blúiríní gairide as na scéalta, a bhfuil an cuma orthu nár múnlaíodh iad don suíomh, nár déanadh ach cúpla abairt a réabadh as an leagan cló. Tá amhras orm freisin faoi fotha twitter a bheith ann, ach an cuma air nach bhfuiltear á úsáid i gceart, chun spéis a spreagadh. Nod: féachaigí na moltaí ag http://www.usability.gov faoi conas suíomh so-úsáidte a dhearadh!

Feictear dom gur laige coitianta é sin i suíomhanna idirlín gluaiseacht na Gaeilge - go mbíonn deighilt ann idir an dream atá gníomhach, agus an dream atá ag cur an suíomh ar fáil.

Ach do nuachtán, d'fhéadfadh sé bheith marfach.

Bímis ionraic - níl aon whistleblower chun a rún a ligeann le Gaelscéal - seachas más "Gael scéal" atá i gceist. Ní fiú dóibh, toisc nach bhfuil an lucht léite fairsing go leor. Beidh orthu dul sa tóir ar scéalta; agus ansin stocaireacht a dhéanamh le léitheoirí agus fógróirí a mhealladh. Agus sin in éagmais na daoine a chnuasaigh taithí iriseoireachta le Lá agus Foinse. (N'fheadar an dtiocfaidh athrú ar sin ach an cás cúirte de chuid Cló Cheart a bheith socraithe?)

Agus, gan amhras, beidh sé deacair ag Gaelscéal gach trátha fhreastal. Táimse ar aon fhocal le Gabriel Rosenstock, a bhí ag clamhsán i litir an tseachtain seo, nach bhfuil an litríocht ag fáil ach cuid tanaí an mheacain. (agus bhí níos lú arís ann an tseachtain seo). Ach tá pobal léite nuachtáin na Gaeilge chomh beag sin nach féidir é a scoilt níos mó, agus a rogha cothaithe a sholáthar do gach grúpa. Níl ach an 32 leathanach ag Gaelscéal. Le himeacht ama, is dócha go mbainfear amach an cumasc cheart chun an phobal a cothú.

Tá obair mhaith ar siúl, ach tá bealach le dul fós.