Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-06-13

Ó, mo chuimhne

Dúirt Myles ar trácht ar shuíomh Calliomachas go "téann pixel le gaoith".

Tá amhras orm faoi sin. Mar shampla, seo r-phost a sheol mise chuig Gaeilge-A sa chéad seo chaite: buanaithe sa chartlann. Agus, ag http://www.archive.org tá an togra "Inneall dul i bhfad siar" acu: ag caomhnú leathanaigh idirlín ar bhonn rialta. Tá feidhm bainte agam féin as chun teacht ar nithe a bhí imithe as radharc.

Ach ar shlí, is fíor do Myles. Tá páipéir - ainneoin go bhfuil síol a scriosta san aigéad atá ann - i bhfad níos buaine ná aon mheáin stórais ríomhaireachta. Bheadh sé deacair aon dlúthdhiosca a léamh anois - fiú dá mbeadh an trealamh chuige agat, caolseans go mbeadh an t-eolas fós caomhnaithe de bhrí go dteipeann ar an adhmainteas thar am. Agus níos dóichí ná a mhalairt, is í cód rúnda éigin a bheadh an t-eolas; agus feidhmchlár éigin atá dearmadta de dhíth lena léamh: WordStar, abair.

Gan amhras, tá an fhadhb seo aitheanta le fada acu siúd is túisce a bheas buailte leis. Ina measc, ar earnáil spástaisteal. Maireann misean suas le fiche bliain: níos faide ó thús forbartha. Agus bíonn an dúrud eolas ríomhaireachta cnuasaithe faoin am a seoltar an árthach - eolas nach mór teacht a bheith air má tá leasú éigin le déanamh ar na bogearraí ar bhord. Rud atá thar a bheith coitianta - tarlaíonn rudaí nach raibh súil leo sa spás! Mar sin, bíonn seomraí móra lán de shean-trealamh ag oibreoirí na spásárthaigh.

Sin leigheas nach bhfuil iomlán sásúil. Seachas rud ar bith eile, cá bhfios an mbeidh an trealamh fós ag obair i gceann deich mbliana? Agus an mbeidh teacht ar páirteanna spártha chun é dheisiú más gá? Bíonn, mar sin, níos mó ná aonad amháin de gach píosa trealaimh de dhíth, ar eagla na heagla. Rud a chuireann an dúrud spáis amú. Agus nach bhfuil aon bharántas ag dul leis, pé ar bith.

Ach tá buntáistí ann freisin. Is féidir cóip foirfe a dhéanamh d'eolas digiteach - toisc go bhfuil sé digiteach. Agus tá - go fóill, pé scéil é - ríomhairí ag éirí níos gasta le himeacht aimsire. Rud a fhágann go bhfuil sé indéanta samhail de ríomhaire, atá imithe den tsaoil, a chuir ag obair ar ríomhaire nua. Má coinnítear sonraí cúramacha ar céard go díreach atá i gceist sna sonraí (agus is sonraí iad an leagan dénártha den feidhmchlár chomh maith), beidh an eolas buanaithe.

Sin an dúshlán roimh cartlannaithe, caomhnóirí, agus leabharlannaithe an todhchaí. Tá an-chuid oibre sa réimse seo déanta ag fear darbh ainm Jeff Rothenberg.