Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-12

Bláth na Leabhair

Mar a dúirt mé, rinne mé a lán siúil agus mé thiar. Cosán na Naomh, (arís, le mo mhac is sine), chuig Baile an tSagairt, Cnoc Bréanainn leis an mac eile, agus liom féin go Loch a' Dúin, suas na Sléibhte go dtí Com an Áir agus ar aghaidh go Bharr Conrach.

Gach áit bhí lusanna áille fairsing, fearacht an ceann úd: Magairlín na Stuaice (Anacamptis pyramidalis). Ghlac mé an ghrianghraif sin ar Rinn Chonáill.

Anois, is fear cathrach mise. Is tearc m'eolas ar lusanna, agus is annamh go dtig liom ainm a chuir orthu, i dteanga ar bith. Ceann thall is abhus. An feileastram, abair. Neadaigh ainm an Devil's bit scabious i'm cheann de bharr go ndearna mé ceann a ghreamú i leabhar gearrthóg fadó riamh.

Bhí fhios agam go raibh leabhar ann den ainm Flóra Corca Dhuibhne. Iar filleadh dom ar an Daingean tar éis camchuairt Choim an Áir agus Loch a' Dúin (scéal d'oíche eile) rinne mé caol díreach ar an gCafé Liteartha. Agus gan amhras níor loic Seoirse orm. Leag sé lámh ar an leabhar ar an bpointe. Agus is seod atá ann: plúr an saothair iomlán a rinneadh: naoi gcinn déag d’fhillteáin, pictiúirí daite is go leor eolais ar a bailíodh i dtionscnamh de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar bhláthanna fiáine na leithinise. Ina measc, eolas béaloidis maidir le leigheas traidisiúnta. Tá corp an leabhair dhátheangach (cé go bhfuil breis eolais sa leagan Ghaeilge) ach tá aiste fhada chuimsitheach ar luibheolaíocht agus an cúinsí a mhúnlaíonn an réimse fásra i gCorca Dhuibhne atá i nGaeilge amháin.

Tá áthas orm go bhfuil an leabhar seo anois i'm l-spás fhéin. Agus anois is eol dom gurbh Odhrach Ballach an Ghaeilge ar Devil's bit scabious. Agus tá sásamh airithe le baint as mo snapshots féin, nuair a léim go raibh dua agus suas le uair an chloig de dhíth chun na grianghraif iontacha a ghlac Aodán Ó Conchúir a dhéanamh. Grianghraif a léiríonn saothar agus saíocht Mháirín UÍ Chonchubhair, agus gan amhras na daoine a chuaigh roimpi agus ónar mbailigh sí béaloideas. Níl fhios agam an bhfuil sé i gceist na fillteáin iomlána a chuir ar fáil ar líne - ba bhreá an rud é. Tuigim go bhfuil teacht orthu ag daoine a bhfuil suim acu iontu, i Músaem Corca Dhuibhne ar an mBuailtín.





Flóra Chorca Dhuibhne (1995)
ISBN 0-906096-07-3
Ar fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne