Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-30

Duisburg, Túr Siolóam agus na Ceannpheacaí Marfacha

Is cosúil go ndúirt tráchtaire caomhach sa Ghearmáin gur pionós Dé a bhí sa tubaiste i nDuisburg ag an Love Parade. De bharr an meisce agus an chollaíocht phoiblí - aerach agus díreach - a bhíodh ar siúil ag an Love Parade. Dúradh rud cosúil leis faoi Hurricane Caitríona - gurbh díoltas Dé ar chathair aerach é.

Sin dearcadh nach dtuigim. Dearcadh atá ag teacht salach go soiléir ar theagasc Chríost.
San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh le chéile. Dúirt sé leo á bhfreagairt: "An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh. Lúcás 13:1-5
Dúirt sé linn gan breithiúnas a thabhairt (Matha 7:1-5) agus léirigh an droch thoradh ar an duine féin atá mar thoradh ar bhreithiúnas ar dhaoine eile in eachtra an Fhairisíneach agus an Poibleacánach (Lúcás 18:9-14).

Cinnte is ceart duáilce a thabhairt ar dhuáilce; is féidir breith a thabhairt ar ghníomh. Is féidir, agus is ceart a thabhairt le fios go bhfuil iarmhairtí colainne agus anama ag meisce agus ilchumasc. Scaiptear galair dá bharr.

Tá na seacht ceannpheacaí ann cinnte; díomas, saint, drúis, craos, tnúth, fearg agus aimhleisce. (c.f. CnhEC, 1866) Ach caithfear idirdhealú go cúramach idir an gníomh sofheicthe agus an peaca - rud a éilíonn lán eolas agus saor thoil: (c.f. CnhEC, 1859) Agus sin nithe nach féidir breith a thabhairt orthu ón taobh amuigh, agus cinnte bheadh sé bómánta iad a chuir i leith daoine nach bhfuil aithne dá laghad agat orthu, de bharr go bhfuair siad bás i dtubaiste.

Tá teagasc dearfach ag an Críostaí le roinnt; is féidir, agus is gá an teagasc sin a mholadh. Ach ní haon chabhair é daorbhreith a thabhairt ar íospartaigh timpiste: agus is gcás Duisburg beidh le feiceáil - an iad drúis agus craos ba chiontaí - nó díomas agus saint, ina measc siúd a thug neamhaird ar rabhadh na saineolaithe...ansin féin fiú, is ar an gníomh a thabharfar breith, agus acu siúd a bhfuil an dualgas sin acu.

Ach ní díoltas Dé atá i gceist, ach iarmhairtí ar cinntí daonna.


Aguisín: Bhí sé de cheart agam an rud a scríobh Eva Herman a léamh ar dtúis. Seasaim leis an méid a scríobh mé thuas - ach níl mé cinnte go raibh sí ag rá gur díoltas Dé a bhí ann: Eventuell haben hier ja auch ganz andere Mächte mit eingegriffen, um dem schamlosen Treiben endlich ein Ende zu setzen.

Aguisín 2:Píosa eile a scríobh sí maidir leis an aisfhreagra ar an méid a scríobh sí.