Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-16

Saoirse coinsiasa agus cláraitheoirí

Ar dtús: mo leithscéal roimh ré d'aon léitheoir a bhraitheann maslaithe toisc go bhfuil seasamh caomhach agamsa ar chúrsaí collaíochta. Ní mian liom aon duine a mhaslú: ach nílim chun mo thuairimí a bhréagnú ach oiread. Is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo go maith iad.

Tá alt liom i nGaelscéal an lae inniu maidir le saoirse coinsiasa.

Luaim ann "Faoin mbille [Bille um Páirtnéireacht Shibhialta], atá achtaithe anois, is cion é do chláraitheoir diúltú páirt a ghlacadh i searmanas páirtnéireachta sibhialta."

Is mithid rud amháin a shoiléiriú faoi seo. Sa mhéid agus gur gníomh riaracháin atá i gceist: páirtnéireacht atá de réir dlí a chlárú, ní thagann coinsias i gceist. Ní gníomhaire saor an státseirbhíseach i gcás dá leithéid.

'Sé an deacracht atá agamsa ná go mbíonn searmanas i gceist; ceiliúradh, agus an chláraitheoir mar "cheiliúraí" san searmanas seo.

Is san ghné seo amháin go bhfeicim go bhfeadfaí deacrachtaí coinsiasa a bheith ag duine; agus sílim go mbeadh sé de cheart ag duine socrú a dhéanamh an deacracht seo a sheachaint: ní tríd diúltú scun scan do clárú, ach tríd socrú a dhéanamh duine eile a chuir ar fáil.

B'fhearr go mór, dar liom, an gníomh riaracháin agus an cheiliúradh a scaradh go hiomlán. Riarachán a fhágáil faoin Stát; agus forais eile a bheith ann do gceiliúradh agus searmanas, gnéithe atá tábhachtach don duine agus don bpobal, ach ar cheart iad a bheith neamhspleách ar an stát.

Fáiltím dá réir roimh na searmanais a chuireann an Cumann Daonnachach ar fáil.