Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-08-25

An Bóthar siar ó thuaidh, agus a bhfuair mé ann...

Thug mé aghaidh ar an gCabhán agus an Fleadh dé hAoine tar éis na hoibre. Bhíos ag dréim le cuid den taobh tíre sin, lochlann an Chabháin a fheiceáil fán bealach.  Ach ós siar ó thuaidh a bhí ár dtriall, agus an grian ag dul faoi, bhíos caoch aige. Ní fhaca mé mórán mar sin ar ár gcamchuairt sa bhus.
Ba léir ar líon na bhfógraí fleadh-úla go raibh muid ag druidim le Baile an Chabháin.  Chuala á rá go minic thar an deireadh seachtaine go raibh an-eagar faoi Choiste an Chabháin; agus cinnte bhí fógraí soiléire chuig na hionad ar fad.  B'shin dála an scéil, clamhsán a chuala mé freisin; go raibh na hionad rud beag ró fhada óna chéile. Ach ó tharla nár fhreastail mé féin ach ar dhá ócáid, níor chuir sin isteach ormsa.
Ba chun aire a thabhairt do m'iníon is mó a bhí mise ann, pé scéal é; agus bhíos spíonta agus chuaigh a luí oíche Aoine.
Chaith mé roinnt den Satharn ag súil thart, agus ba léir an obair eagrúcháin arís - bhí flúirse daoine thart le t-léinte agus "ambasadóir" scríofa orthu, réidh le eolas a roinnt. Ina measc bhí beirt gealgháireach ón Afraic. Bhí an príomhshráid dúnta don trácht, agus Gardaí agus lucht Cosaint Sibhialta  ann le maoirseacht a dhéanamh ar an dtrácht.
Bhí slua maith ar an sráideanna, agus ceoltóirí ar gach cúinne.
Cith is dealán a bhí ann mar aimsir -  bhíos leath bhailigh síos an príomhshráid nuair a d'oscail na spéartha, agus sula raibh uain agam foscadh a lorg bhí gach pioc gafa. Fliuchadh go craiceann mé; mo chosa pé ar bith, bhí cóta báistí orm. Ach níorbh fhada go raibh an ghrian ag taitneamh arís. D'fhreastail mé ar ócáid inar léigh Niall Tóibín gearrscéalta i nGaeilge; ach tá blagmhír dá chuid fhéin dlite do sin.
Bhí mo mhac ag seinm sa chomórtas grúpa ceoil - san "Quinn Direct Dome" - ainneoin a gcuid deacrachtaí, tá tionchar Muintir Uí Choinn soiléir ar an mbaile, agus iad feiceálach i measc urraithe na fleidhe. Ní rabhas ró thógtha leis an "Dome" - halla sealadach a bhí ann, agus gan an éisteacht a bheith mar a bheadh sé tuillte ag na ceoltóirí. Mar sin fhéin, bhain muid sult as na grúpaí a sheinn, ainneoin nár éirigh le grúpa mo mhic - i mbliana! Ach bhí an ceolchoirm fadálach, le bearnaí móra idir na grúpaí, agus grúpaí gan a bheith ann nuair a glaodh orthu. Shíleas an maor a bheith rud beag ró bhog! Thosaigh an comórtas ag 19:30, agus dáréag grúpa ceaptha a bheith ag seinm ar feadh 8 nóiméad an ceann. Bhí sé beagnach meán oíche sular fógraíodh toradh.
Bhí an comórtas comhrá maidin Domhnaigh; ach tá a mhír fhéin dlite do sin chomh maith.
Táimse ag dul don binn bán anois...