Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-08-18

Fiadhúlra an Oirthear

Earc Sléibhe (ó Wikimedia)
Buachaill cathrach mise. Mar sin, is beag cur amach atá agam ar fiadhúlra. Feicim éanlaithe sách minic, gan amhras. Agus feithidí!
Is breá liom rud as an gnách a fheiceáil, áfach. Agus is ar siúlóidí sléibhe nó cois trá is túisce a tharlaíonn sin. Bhíos amuigh faoi dhó le déanaí leis na Cnocadóirí. Mí ó shin ag siúl fán chósta ó Chill Mhantáin go dtí na Clocha Liatha - thart ar 19 km. Ar an slí chuaigh muid thar an tearmann i gCill Chomhghaill. Tá tearmann ar leith ann do geabhróga bheaga; cé go bhfuil an séasúr neadaithe ag druidim chun deiridh, chonaic muid scata acu taobh thiar den fál chosanta atá tógtha ar an trá.
Ardú croí ar leith a bhí ann go bhfaca muid péire rón ag déanamh bolg le gréin gar don gcladach. Ansin, dé Domhnaigh, shiúl muid ar an droim sléibhe idir Gleann Dá Locha agus Gleann Molúra, chomh fada leis an Log Dubh.
Arís, feithidí agus éanlaithe is mó a chonaic muid.  Bhí deasghnátha pósta na seangáin faoi lán tseoil, agus an t-aer breac leis na banríonacha agus a gcomhluadar ag eitilt. Buíochas le Dia, is beag míoltóg a bhí thart! Tá clárchosán ar codanna den sliabh, agus chonaic mé earc sléibhe ag baint sult as an ngrian ar cheann acu. Chonaic muid fia nó dhó freisin.

Ach go hiondúil bíonn sé deacair Mamaigh na hÉireann a fheiscint i rith an lae. Ní dóigh liom go bhfaca mé broc beo riamh; cé - faraor - go bhfuil siad feicthe marbh ar thaobh an bhóthair ró mhinic agam. Tá corr sionnach beo feicthe agam, ach arís, marbh ar thaobh an bhóthair is mó a fheicim iad.