Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-08-12

Troscadh agus Tréanas

Thosaigh Ramadan inné - nó an lá roimhe, de réir comhghleacaí liom atá ag comhlíonadh na gnáis, ach de réir féilire a phobail fhéin. B'eol dom gur bhain Moslamaigh feidhm as féilire gealaí, ach shíl mé é bheith nasctha le féilire na gréine - mar atá Cáisc na nGiúdach agus Críostaithe, a bhogann leis an ré ach atá ar ancaire ag cónocht an Earraigh.

Mar sin, is déine Ramadan airithe ná a chéile - ós rud é go ndéantar troscadh iomlán idir éirí agus luí na gréine. Níorbh eol do'm chomhghleacaí cén nós a leantar níos faide ó Thuaidh - tá áiteanna sa tSualainn nach dtéann an ghrian faoi in aon chor, mar shampla.

Tá nósmhaireacht troscadh na gCaitliceach éirithe ana bhog. Dhá lá troscadh agus tréanas sa bhliain; Aoine an Chéasta agus Céadaoin an Luaithrigh. Tá nósanna eile ann, ach go bunúsach is faoin duine féin iad a chomhlíonadh.
Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh, agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d'Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
(Mth 6:16-18)
Is cumasc de anam, aigne agus colainn an duine - sílim go bhfuil troscadh go maith don trí ghné, ach gan dul thar fóir. Agus gur mó maitheasa a dhéanann an rud a déantar de shaorthoil ná comhlíonadh gan machnamh proiceapta.

Maidir le'm chomhghleacaí, deir sé nach n-itheann sé níos lú; ach go mbíonn a aiste bídh níos folláine, agus go spreagtar chun déirce a thabhairt é.