Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-16

Caint ghontach

Léigh mé alt nó dhó spéisiúil ar na mallaibh maidir le saoirse cainte: An ceann seo ag meabhrú dúinn go bhfuil nathanna ann a ghoineann ach iad a rá: agus alt eile maidir le fíor-chaoinfhulaingt.

Níl a leithéid ann agus saoirse gan choinníoll, gan teorainn.  Níl aon cheart ann, gan a leathbhreac de dhualgas a bheith ag dul leis. Caithfear prionsabail a chuir chun cinn: ach ar bhealach a thugann urraim do dhaonnacht dhaoine eile, a sheachnaíonn ciorrú a chuireann daoine agus smaointe as a riocht.

Is iomaí cúis achrainn agus imní atá ann sa saol faoi láthair, agus gan - feictear dom - aon chomhthuiscint ná fís coiteann againn níos mó ar cad é an leas choiteann; cad é ról an stáit agus ról an saoránaigh, cad é áit cheart an chreideamh, cad é dínit an duine.

Ní fíor go dtugann an coibhneasachas a cheart do gach duine - tá smaointe ann nach ngéillfear cead cainte dóibh ar chor ar bith.

Caithfear caint, mar sin: ach is mithid caint ghontach a sheachaint: idirdhealú go cúramach idir an duine agus a ghníomhartha agus a chuid tuairimí.

Agus tá ról ag an ndlí in san idirdhealú seo: Tá an chaint ghontach ann, agus is ceart caitheamh leis mar a chaitear le haon gníomh a ghoineann duine d'aon ghnó. Ach de réir dlí, go géarchúiseach, agus ní sna meáin, go gáifeach.