Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-25

Na Leabhra

Aodh Ó Domhnaill, údar. Le caoinchead Phóló
D'fhreastail mé ar dhráma iontach (eile) de chuid Aisteoirí Bulfin de Satharn - Na Leabhra, le Aodh Ó Domhnaill. Dráma aon ghníomh atá ann: beirt sean scoláire agus bean - feidhmeannach - ar an stáitse le linn an ama. Tá na fir in ainm is a bheith ag cur leabhair de ghlan mheabhair, agus an bean ag cruinniú na leabhar le tabhairt chun siúl. Micheál Ó Grugáin agus Tadhg Ó Conchubhair a bhí i bpáirteanna na sean scoláirí Máirtín agus Séamus - agus an ról a bhfuil cleachtadh acu air sílim, á imirt acu - Máirtín beagán níos dáiríre, agus Séamas rud beag saonta - simplí fiú. Ní raibh sé - b'fhéidir d'aon ghnó - soiléir cé mhéad eolas ar cad a bhí ag dul ar aghaidh dáiríre a bhí ag an tríú pearsa Nóirín (Sinéad Ní Uallacháin), ná go deimhin an raibh fíor iarracht ar bun an léann a tharrtháil lena cabhair. Léirítear dúinn i diaidh ar ndiaidh tríd an chaint go bhfuil Rialtas tíoránta ag bogadh daoine soir de shíor, ag cruinniú gach leabhar, agus cosc curtha ar an idirlíon, ar na fóin, ar...
Dearadh stáitse simplí, ach éifeachtach a bhí ann. Leabhragán (beagnach folamh), bord, dhá chathaoir. Barra agus boscaí, a líon Nóirín le leabhair fad is a bhí an beirt eile ag sáraíocht - agus  lena linn dár  tabhairt ar sciuird trí litríocht na Gaeilge.
Tá macallaí láidir de Fahrenheit 451 agus den Uileloscadh ann.
Bhí mé an tógtha le haisteoireacht Shinéad - ní  raibh an oiread sin le rá aici - bhí mór chuid de chaint an dráma tógtha suas le sleachta as na "dea-leabhair" a bhí dá gcuir de ghlanmheabhair ag an dís, agus le sáraíocht eatarthu. Ach ba uirthi go príomha a bhráth an mothúcháin a spreagadh sa lucht féachana go raibh rud éigin dáiríre as alt; go raibh uafás á léiriú dúinn. Rud a rinne sí le geáitsíocht chuí agus aghaidh a labhair gan focail. Aici a fágtar an stáitse nuair atá an tubaiste deiridh tarlaithe.

Mar a deirim, dráma aon ghníomh a bhí ann: rinneadh oíche iomlán as tríd "Siamsa na leabhair" a chuir leis. Cheol Aoileann Ní Chonchubhair go binn mairgne Thomáis Rua Uí Shuilleabháin dá leabharlann a chuaigh go grinneall na mara: Amhrán na Leabhar. Bhí reacaireacht againn ansin,leaganacha Nua-Ghaeilge de Éigse na nGael, ó Rosc Aimheirgin go amhráin Colm de Bhailís, agus anuas go dtí an lae inniu. Reacaireacht atá dlite d'fhilíocht, agus rinne Fidelma Ní Ghallchobhair, Aoife Ní Ghlaicín-Riain agus Oisín Ó Cualáin an dliteanas sin a chomhlíonadh go paiteanta. Thaitin an leagan a rinne siad triúir den Seanduine Cam go mór liom (cé go raibh samhlaíocht de dhíth chun seanduine cam a fheiceáil in Oisín, bhí cuma an mnaoi óg míshásta go cruinn ag Aoife!). Sa bhreis ar sin fuair muid sleachta fada fileata den chaint a chan fear déirce agus é ag iarraidh grá dé a mhealladh ó bhean feirme ó Tadhg Ó Bric - agus ansan a racht nuair a ceileadh an duais air! Chan Aodh aor dá dhéantús féin ar Enda Kenny dúinn, le tacaíocht fonnmhar an lucht féachana, Chuir an píobaire James Mahon clabhsúr ar an oíche le cóiriú ar roinnt foinn mhall agus máirseáil.

Oíche thaitneamhach don trí glúin againn a bhí ann - bhíos i bhfochair mo mhuintir agus mo mhac is sine. Is gnách mé ag clamhsán go mbíonn drámaíocht na Gaeilge á chuir ar fáil i bprochóga fuara taise: ach tá feabhas tagtha, feictear dom , ar an New Theatre: Bhíos ar mo chompord ann.