Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-07

Pota Focal

Foilsíodh an píosa seo liom ar Ghaelscéal le déanaí.

Tá athnuachan ó bhun déanta ag Michal Boleslav Mechura ar a thogra foclóra, Pota Focal (http://www.potafocal.com) . Sa bhreis ar an gluais tí atá á chnuasach aige le roinnt blianta anois, tá teacht tríd an suíomh ar teasáras de  chuid saorálaí idirlíon eile – Kevin Scannell, agus freisin ar an dtogra comhoibríoch idirlíon http://www.irishionary.com/, i measc foinsí eile. Gné a thaitníonn go mór liomsa ná an nasc le gluais an iris idirlíon Beo.ie. Tugann sin deis do dhuine an focal a fheiceáil i gcomhthéacs – agus muinín ag duine go bhfuil eagarthóireacht mar is ceart déanta ar an ábhar! Is é Michal dar ndóigh an duine a dhear Beo mar atá anois, sa bhreis ar bheith ina ailtire eolais ar na tograí focal.ie agus logainm.ie. Tá an faobhar a chuir sé ar a scileanna ríomhaireachta sna tograí sin imithe chun tairbhe do Pota Focal – suíomh a chuireann sé ar fáil as a stuaim agus a acmhainní féin, gan aon deontas ná spreagadh. Feidhmíonn an suíomh mar thairseach do líon eile acmhainní freisin – is féidir focal a lorg i focal.ie nó san bhFoclóir Beag ar líne díreach ón suíomh chomh maith. Seo neart an idirlíon – an dóigh gur féidir le saorálaithe cuir le chéile chun rudaí nua, iontacha a chuir ar fáil – agus ansin iad a nascadh le chéile chun rud níos iontaí fós a chuir ar fáil. I gcás mionteanga mar an Ghaeilge, le pobal scaipthe, is iontach an deis atá ann. Tá muid i bhfiacha ag na gceannródaithe fearacht Michal agus Kevin sa chás seo. Tá breis eolais ar shaothar gairmiúil Mhichal, idir deonach agus íoctha, le fáil ag: http://www.prettydata.eu/mbm/

Aguisín: Ó shin i léith, tá áis nua curtha ar fáil - Nua-Chorpas na hÉireann - ag Foras na Gaeilge. Gan amhras, tá an electronic Dictionary of the Irish Language de chuid an RIA ann cheana. Agus gan amhras CELT ag UCC.

De réir mar a chuirtear leis an foinsí Gaeilge ar líne, tá dóchas agam go leanfaidh daoine eile conair Mhichal, agus áiseanna iontacha a chuir ar fáil, ag tarraing astu.