Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-05-14

Fínéad: Anton Saefkow Platz, Berlin

Mar a deirim, cúrsaí teaghlaigh a thug go Beirlín an teaghlach ar fad. Mar a tharlaíonn sé, is in árasáin bheaga atá gaolta mo mhnaoi ag cuir fúthu. Mar sin, ní bheadh an cúigear againn in ann stopadh le haoinne acu le chéile. Bhí sé i gceist acu muid a scaipeadh eatarthu - go ceithre cúinne Bheirlín agus lasmuigh de.
Ach tháinig athair mo mhnaoi ar leigheas níos fearr ar an gceist - tá árasáin de chuid Comharthithíocht Lichtenberg ar fáil go sealadach. Mar sin chaith muid an cúpla lá i ngnáth árasán ar Anton-Saefkow Platz. Foirgneamh 18 stór a bhí ann, agus muid ar an 7ú úrlár. Tógadh na foirgneamh sna 1970í, "Plattenbau" (tógtha le coincréit réamhtheilgthe).
 Bhí sé dearmadta agam áfach cé chomh crannach agus is féidir le Beirlín a bheith (breis faoi san lá eile), fiú i mbruachbhaile ardstórach mar seo. Bhí leagan amach sách scaoilte ar an áit ó thús, ó dhear an Kollektiv1 (comhar) cumannach é. Agus tá athnuachan déanta air ó shin. Bhí an ceap árasáin féin athnuaite agus curtha in oiriúint go háirithe do dhaoine le macaill coirp - doirse uathoibríocha, teasdíonadh thar a bheith éifeachtach agus rl. Bhí sé te amuigh - mar sin ní féidir liom ach breith indíreach a thabhairt ar an dteasdíonadh. Tá sin bunaithe ar fuaimdhíonadh. Fuaim dá laghad níor chuala mé ó aon árasán eile agus muid ann. Agus nuair a dhún muid na fuinneoga, níor chuala muid dada ó lasmuigh ainneoin go raibh an ceap buailte suas le príomhbhóthar. Faraor, b'éigean na fuinneoga a oscailt de bharr na meirbhe - bhí sé sna 20í arda - agus tháinig fothram na tráchta idir muid agus codladh sámh. Seachas sin, bhí an árasán ana oiriúnach dúinn.

Bhí an Kiez thart timpeall an tí go deas. Ainneoin an foirgneamh a tógadh do ollsiopa sna 1970í a bheith folamh, bhí trí chinn de ollmhargaí thart ar an áit. Bhí linn snámha le uaireanta fada oscailte ann. Bhí leabharlann ann, agus an iliomad siopa beag, siopa leabhair ina measc (ach sheachain mé an cathú). Siopa suntasach amháin - ríomhairí agus uisce beatha. Mar, de réir a mana s'acu "An té atá ina mháistir ar ríomhairí, bíonn blas aige ar deá dheoir". Fíor dóibh! Bhí clós spraoi deas ann freisin.

Ceann de na rudaí is ansa liom faoi Bheirlín ná gur féidir builíní úra a fháil ar maidin don bhricfeasta, le réimse leathan cineálacha. Cé go bhfuil cúrsaí aráin feabhsaithe abhus le teacht daoine ó lár na hEorpa, tá bearna fós ansiúd. Maidin Satharn agus mé ag dul ar a dtóir, chonac fear san ardaitheoir leis na mála ceirte tipiciúil ar an gnó chéanna. Mar sin chuir mé ceist air cá raibh na cinn is fearr le fáil: "Na cinn is saoire tí Kaiser; na cinn is fearr béal doras don Sparkasse" - agus bhí na ceart go hiomlán aige!

1 Bhí orm smaoineamh go cúramach nuair a chuir athair mo mhnaoi ceist orm faoi conas bhí ag éirí liom sa phost nua - an raibh an Kollektiv go maith? Gnáth nath ar comhghleacaithe dó siúd, fós, tar éis scór éigin bliain.