Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-05-31

Fógraí atá feidhmeach - agus spéisiúil

Chonaic mé an fógra ar chlé agus mé ag siúl i bPoblacht na Seice. Is maith liom na deismíneachtaí beaga - hata an fhir, ribín an chailín.  Feictear dom nach mbaineann siad ó fheidhm an fhógra - go deimhin sa mhéid agus go bhfuil an fógra níos tarraingtí ná a mhacasamhail abhus, b'fhéidir go gcuireann siad leis. Mheabhraigh an fógra na "Ampelmännchen" i mBeirlín dom (féach thíos). Tá a stair spéisiúil fhéin ag na firíní beaga seo, a rugadh sa chumannachas agus a bhí le díothú ag an gcaighdeánú Iartharach tar éis 1989. Tógadh raic, áfach - agus tá siad anois le feiceáil ar sráideanna thoir agus thiar sa Ghearmáin. Ní hamháin sin, ach tá siad ina gcaipitlithe cearta, le siopa dá gcuid féin agus an dúrud earraí le fáil ann!
Is maith an rud nóta beag ealaíonta le nithe feidhmiúla seachas an loime is gnách ar fógraí agus a leithéidí. Rud atá caillte againn san aois tionsclaíoch, ach a bhíodh coitianta nuair a rinneadh earraí le lámh - agus le grá! Is maith ann an maisiúchán.