Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-27

Cloch ar charn: Mícheál Ó Bréartúin (1930 - 2011)

Thionlaic mé Mícheál Ó Bréartúin ar a bhealach deiridh inné; chuireamar i gcré na cille é i gCill Mochióg, ar bhunchnoic Sléibhte Átha Cliath. Oiriúnach go leor d'innealtóir, tá sé in luí lámh leis an M50, ach le radharc álainn sceirdiúil ó dheas ar na sléibhte, agus ansin sa treo eile anuas ar an gcathair. Le ceol uaigneach na bpíob uilleann, i lámha an tsáir-oirfidigh óig Stiofán Ó Casaide, a chuir muid é. Roimhe sin bhí Aifreann ina pharóiste baile i Rath Fearnáin, as Gaeilge don gcuid is mó agus arís le tionlacan ceoil ghaelaigh. Searmanas cuí. Thaitin na ofrálacha, a chuimsigh a shaol agus a spéiseanna, liom - Innealtóir de ghlúin roimh ríomhairí, níl ceist ach gurbh máistir ar an rialóir sleamhnáin a bheadh ann. Thug a ghar-pháistí nithe eile suas - leabhair, gan amhras, agus cóip den scannán Casablanca. Agus na spéaclaí léitheoireachta nach raibh riamh i bhfad uaidh, mar ba fear léann agus leabhair é.
Ainneoin gurbh den bpobal céanna, geal leis, mé - Teaghlaigh Gaelacha Bhaile Átha Cliath Theas, agus gur fhreastal baill dá chlann ar Scoil Lorcáin ag an t-am céanna liom, cé nach raibh aoinne acu in aon rang liom, bhí an teagmháil imithe i léig sula ndeachaigh mé thar lear, agus dearmadta go hiomlán agamsa.
Is tríd a chuid leabhair a chuir mé aithne arís air - Gnóthaí Eachtracha, a chuir síos ar a eachtraí agus é thar lear mar chomhairleoir de chuid BSL. Ansin Sreangscéal agus Aibhléis (pléite anseo agam). Tá leabhair eile dá chuid nach bhfuil léite agam fós. Ina dhiaidh sin chuir mé aithne air ag imeachtaí an Rotha,  cumann laistigh de Chumann na nInnealtóirí ina chíortar ceisteanna teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge. Ní ansin, gan amhras, ach an sciar bheag dá ghníomhachtaí a raibh eolas agamsa orthu.
Tá daoine ann a bheadh in ann tuairisc níos cuimsithí a thabhairt ar a shaol fada agus na comaoin éagsúla a chuir sé ar phobal na Gaeilge. Níl anseo ach mo chloch duirlinge ar charn an fhir seo, a shaibhrigh mo shaol lena scríbhinní agus a chomhluadar.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhaintreach agus a chlann.

Leaba i measc Naomh na nGael go raibh aige.