Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-13

Gaelscéal, failscéal, nó feallscéal?

Bhí alt le déanaí ag Pól Ó Muirí san Irish Times "Foras na Gaeilge míshásta le díolachán an nuachtáin Gaelscéal"; cuireann Pól deireadh lena alt leis an gceist "Cad é a bheidh fágtha ag deireadh an chonartha seo don fhoras, do lucht na Gaeilge agus don cháiníocóir - Gaelscéal nó Failscéal?" Luadh díolacháin 2000 cóip a bheith ag an nuachtán san alt, figiúr a thug fostaí de chuid an Fhorais ag éisteacht Coiste i gCnoc an Anfa. Thart ar 3000 cóip atá a dhíol más fíor an méid a luaigh fostaí eile ar Glór Anoir an lá céanna. Tá na figiúirí sin tubaisteach - bhíodh thart ar 5000 cóip á dhíol ag Lá arbh é breith an Fhorais faoi nach raibh margadh ann dó, agus gur thug siad an chaidhp bháis dó dá réir.

Ní gnó tráchtála is ea Gaelscéal (ná sean Foinse ná Lá roimhe). Airgead stáit an príomh fhoinse ioncam aige. Uirlis de chuid an Stáit atá ann, mar sin. Uirlis chun polasaí an Stáit a chuir i gcrích. Maíonn an Stáit (san Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge) gurbh é a pholasaí "an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga, a ardú." sa bhreis ar líon na cainteoirí laethúla laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a mhéadú.

Tá sé follasach go bhfuil nuachtán láidir lárnach má tá a leithéid de pholasaí le cur i gcrích. Agus go n-éilíonn nuachtán láidir iriseoirí láidre. Ní ón spéir a thiteann iriseoirí oilte, áfach. Tá gá le straitéis agus oiliúint chun a leithéidí a bheith ann. Ach is beag duine a chnuasaigh taithí le Foinse ná Lá atá fós ag obair mar iriseoir cló; agus ar an mórgóir is iad siúd a bhí díreach ag tosú amach ar an ngairm atá ag obair do Gaelscéal, seachas corr cholún ó iar eagarthóirí Lá, Conchubhar Ó Liatháin  agus Eoghan Ó Neill. 

Is fíor go bhfuil dúshláin roimh nuachtán ar bith i ré teicneolaíocht na faisnéise. Agus go bhfuil dúshláin ar léith maidir le dáileadh ag nuachtán i mionteanga a bhfuil na pobal léitheoireachta scaipthe. Ach is le dul i ngleic leis na dúshláin atá tacaíocht an Stáit ar fáil.

Ní leor nuachtáinín a bheith ann chun tic a chuir i mbosca. Tá an gné "feiceálacht na Gaeilge a ardú" a chur i gcrích go paiteanta ag Foinse Nua san Indo - gan deontas Stáit ar bith. (Agus sa mhullach ar sin, tá siad ag cuir leis an seirbhís a chuireann Nuacht 24 ar fáil tríd nuacht scéalta reatha a scaipeadh ar líne anseo:)

Caithfear smaoineamh freisin go bhfuil sé éasca ag eagraíochtaí a gcuid eolais féin a scaipeadh ar líne - mar sin níl ciall ar bith le bheith ag cuir preasráitis i gcló, preasráitis a mbíonn an mbunáite léite (fá thrí scaití) ag léitheoirí sula mbíonn an nuachtán fiú i gcló.

Ról nuachtáin agus iriseoirí an scéal laistiar den scéal a nochtadh, agus anailís a dhéanamh air. Ról bhreise nuachtán Ghaeilge cur i gcoinne cúngú réimsí na teangain. Ní gan dua ná gan acmhainní a dhéanfar sin. Agus is laincis mhór ar nuachtán Ghaeilge iad a bheith ag tarraingt a gcuid deontais ón dream - an Roinn agus an Foras - is mó atá scagadh de dhíth ar an gníomhartha má tá freastal ceart le déanamh ar phobal na Gaeilge.

Mar sin féin, sílim gur féidir le Gaelscéal feabhas a chuir orthu féin. Cá bhfuil na cainteoirí dúchais spéisiúla, láidre? Ní cuimhin liom alt a bheith ann ag Seosamh Ó Cuaig, nó Joe Steve Ó Neachtain, abair. Is fíor go mbíonn Breandán 'ac Gearailt ag scríobh dóibh - ach é folaithe i nuacht an pharóiste sna leathanaigh áitiúla seachas leathanach iomlán a bheith aige mar a bhíodh i bhFoinse. Cá bhfuil aos ollscoile? Alt amháin le Ó Giollagáin agus Ó Cuirneáin - ach an bun alt foilsithe roimhe san  Examiner! Táim cinnte go bhfeadfaí feidhm níos fearr a bhaint as scileanna Alex Hijmans nó Tomás Mac Siomóin. Tá an freastal a dhéantar ar litríocht tite siar go mór le hais an méid a bhíodh ag Lá nó Foinse. Agus bhí an méid sin féin sách lag, ag cur leis na deacrachtaí san earnáil sin de bharr faillí ÁIS agus nádúr an ghnó (ach is áisíneacht de chuid an deontóra atá i gceist an sin freisin).

Léiríonn an Irish Times gur féidir colúin maithe i nGaeilge a chuir ar fáil go rialta.  Ach is cosúil nach bhfuil iomaíocht ar bith le bheith ann do Alan Titley mar cholúnaí na bliana!

Nílim féin tógtha leis an athrú go Céadaoin. Tá úire tábhachtach do nuachtán. Thógadh sé lá nó dhó orm uaireanta teacht ar chóip agus é a fhoilsiú ag an deireadh seachtaine. Beidh sé níos deacra orm teacht ar chóip i lár na seachtaine - beidh an nuacht stálaithe ar fad nuair a thagaim air mar sin.

Is fíor go bhfeadfainn an leagan ar líne a léamh - agus b'fhéidir go ndéanfaidh sin seachas airgead agus stró a chaitheamh ag lorg an earra cló. Táim measartha cinnte gurbh sin cuid den chúis go bhfuil an díolaíocht íslithe - tuige dul á lorg i siopa ó siopadóir doicheallach nach bhfuil fonn air bheith ag plé le cóip nó dhó agus dornán le seoladh ar ais gach seachtain, má tá sé ar fáil ar líne.

Ach is tarraingt siar san saol dofheicthe a bheadh i gceist leis sin, doras eile ar gheiteo na Gaeilge dúnta. Níl sin ag teacht leis an sprioc, dar liom.

Feall atá ann, dar liom, gan straitéis agus cur chuige a bheith ann chun nuachtán láidir a dhéanfaidh fónamh don phobal na Gaeilge a chuir ar fáil, le hais earra tic i mbosca leis na "Gaeilgeoirí" a choinneáil suaimhneach. 

Agus sin mo racht go n-uige seo.