Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-03

Splancghaeltacht

D'fhág mé an obair luath de hAoine beag seo agus thug aghaidh ar an mbóthar ó thuaidh le mo bhean agus mo chlann. Bhíomar chun páirt a ghlacadh i Tumchónaí Gartan, egraithe ag Comhluadar Leitir Ceanainn agus Gaelphobal. Tháinig scata mór (17+) le chéile in Ionad Oideachais Gartáin. Tá sé sin lonnaithe ar bhruacha Loch Gartáin, áit dhúchais Cholm Chille. Bhí an ionad, a ghlacamar seilbh iomlán air, thar a bheith feiliúnach toisc go raibh seomra ann do gach teaghlach agus freisin roinnt seomraí suite a thug deis do na haoisghrúpaí éagsúla - agus bhí gach aos ann ó leanbh go déagóir - caidreamh a dhéanamh le chéile gan bheith de shíor in adharca a chéile. Rud a thug deis do thuismitheoirí comhrá ar a suaimhneas chomh maith.
Bhí roinnt imeachtaí eagraithe ann - go háirithe turas ar cadhcanna ar an loch - agus báid dúbailte ann dóibh siúd, fearacht mise, a raibh páistí óga acu.  Bhí deis againn freisin triail a bhaint as boghdóireacht. Tráthnóna Satharn bhí céilí agus cóisir bréagéide ann, agus deis do gach teaghlach a gcuid tallann a léiriú. Buaic amháin a bhí ann dar liomsa nuair a d'inis Séimí scéal fiannaíochta mar is cóir - ag fí daoine a bhí i láthair isteach sa scéal agus ag spochadh as cúrsaí reatha. Bhí ceol agus canadh, rince agus scléip ann. Bhí deis ag gach teaghlach lóchrann Síneach a scaoileadh freisin, agus roinnt dráma nuair a chuaigh ceann acu i bhfostú i crann! (Bhí ar mac liom dul ag dreapadh)
Bhí an spraoi ag óg agus aosta ann. Agus deis againn ar fad cumarsáid nádúrtha as Gaeilge a dhéanamh. Rinne dornán beag daoine obair na gcapall sa chistin chun bia bhlasta a choinneáil linn ar fad. Ansin maidin Domhnaigh bhí Aifreann spreagúil againn as Gaeilge. Níl fhios agam cad as a tháinig an sagart agus níor thug mé a ainm liom, ach rinne sé sár jab de gach duine a cheangail isteach san Aifreann gan an searmanas a chuir as a riocht in aon chor. Agus sin uilig gan a chuid spéaclaí a bhí dearmadta aige!
An t-aon mhairg a bhí ann ná go bhfuil Tír Chonaill an fhada ó Chill Mhantáin, agus a lán taisteal i gceist dá réir. Ach is iontach an spreagadh agus fuinneamh is féidir bhaint as ócáid mar seo agus tú ag tógáil clann le Gaeilge. Go háirithe agus daoine ó gach cearn den oileán páirteach ann! Éacht eile curtha i gcrích ag an lucht eagar - mo bhuíochas ó chroí leo, go háirithe le Gina, Tom, Seán Mór, Máirtín. Buíochas freisin le foireann an Ionaid a rinne a dhícheall an Gaeilge a bhí acu - níos mó ná mar a shíl siad! - a úsáid.