Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-12-07

Is fearr saol gearr mar laoch ....

Tarbh: ón gnathfhoinse!
D'fhreastail mé ar dhráma spleodrach, pléascach, collaí, Fíbín aréir sa Phéacóg, i bhfochair mo mhic (16) agus deirfiúr liom. 8 marc as deich a bhronn an dís eile ar an dráma; mise rud beag níos flaithiúla - 9/10. Rinne Paul Mercier éacht leis an scéal; bhí mé an tógtha leis an chaoi ar thug sé an oiread sin den Rúraíocht slán isteach ina insint chomhaimseartha  - ní hamháin go bhfuil príomheachtraí na Tána le fáil san insint seo, ach tá Oidhe Aonfhir Aoife, Eachtra Mhacha agus Bás Chon Chulainn fite go healaíonta isteach sa reacaireacht aige. Cuireann léiriú Darach Uí Thuairisg, ceoil Mel Mercier, na físeáin, na maisc agus thar rud ar bith eile aisteoireacht uile chorpartha an scéal i láthair go paiteanta. Seasann iomrascáil fiánta na linne seo do bharbarthacht agus buaileam sciath an Chraobh Rua, agus gluaiseann an t-aicsean go gasta ó chomhraic fuilteacha go iomrascáil idir na braillíní go comhrá adhairte go caibidlíocht chasta agus ar ais ar luas dochreidte. Fantar dílis don mbunscéal, ach i gcló na linne seo ag baint feidhm éifeachtach as íocónagrafaíocht freacnairceach.
Tragóid is ea scéal Sétanta; fear a fhágann a shotal agus a bheith dírithe ar a idéil chaol laochúil é mar chéir i lámha mná láidre - réabtar é idir chraos doshásta Méidbhe, tírghrá is idéil Emer, agus uaigneas agus gátar Aoife. Tá macallaí staid reatha na tíre ann - mo chlann fhéin a dhíol a máthair -  agus freisin imeachtaí san Meán Oirthear agus an siar is aniar idir cumhachtaí móra an domhain a réabann na gnáthdhaoine eatarthu.
San míreanna ar an scáileáin, tá meascán de radhairc breise ag baint feidhm as na haisteoirí agus stoc radhairc ag léiriú an méid atá ar bun ar an ardán.
Bhíos tógtha ach go háirithe leis an chaoi ar insíodh scéal Mhacha mar dhráma laistigh den dráma, ar an scáileáin, agus é á úsaid chun Sétanta a spreagadh chun gnímh ar son a phobal, é a réabadh as a bhrionglóidí maidir le cáil san fáinne comhraic.
Maidir leis na maisc, is cinn latex iad a chlúdaíonn an ceann ar fad, agus folt breá gruaige ag dul leo. Cuireann siad ar chumas foireann beag aisteoirí líon mór pearsana a chuir i láthair - agus cuireann na gnúis cuid den scéal i láthair leo féin, sula deir nó déanann an aisteoir faic. Gan iad ní dócha go bhfeadfaí an luais agus dlús a choinneáil sa dráma. (Níor thuig mo dheirfiúr go dtí an deireadh nach raibh ach an líon beag aisteoir ann)
Tá an donas ormsa maidir le gan cláir a cheannach ag drámaí - creidim gur teip is ea dráma go bhfuil an clár de dhíth ar an lucht féachana. Ciallaíonn sé áfach nach dtuig liom na haisteoirí a mholadh as a n-ainmneacha; beidh orm na róil a lua in ionad!
Sheas Medb amach go háirithe domsa - an aisteoir á cur i láthair, ag léiriú an craos cumhachta le guth agus geáitsí bheaga. Taispeántas láidir - mar a bhí ag Emer agus Aoife. Agus Mac Roth - sliomadóir cruthanta, ag feidhmiú sa chúlra chun rud ar bith atá ó Medb a aimsiú di - maoin, céilí leapain, tarbh ....
B'é an cúis nach bhfuair an dráma lán mharcanna uainn ná go raibh an fhuaim rud beag ró ard, agus go raibh cuid den chaint doiléir dá bharr.
Ach ní bheadh leisce orm freastal arís ar an ndráma seo! Ó tháinig Fíbín ar an saol traidhfil blianta ó shin bhíos ag tnúth le deis a gcuid saothair a fheiceáil - ach níor éirigh riamh liom cionn is go raibh na léirithe ró fhada uaim, nó ag am oibre. Ach b'fhiú an fanacht (agus déanfaidh mé iarracht níos mó má bhíonn deis eile agam!)