Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-12-19

sit anima mea cum bedello

Sciobtha le caoinchead as r-phost de chuid Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Cumann Gaelach na hEaglaise
Scoth na Leabhar


Buíochas d’fhear as Essex as an chéad leagan Gaeilge don Bhíobla

Foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den Sean-Tiomna in Éirinn i 1685. A bhuíochas sin d’fhear as Essex! Ba é an tEaspag Uilliam Bedell, Easpag na Cille Móire de chuid Eaglais na hÉireann, a bhí i mbun an aistriúcháin. Tháinig sé go hÉirinn nuair a bhí sé sna caogaidí agus ní raibh focal Gaeilge aige. Bhí sé mar Phropast ar Choláiste na Tríonóide tráth dá raibh. De réir leabhar Risteaird Giltrap, scríobh sé litir a rá ‘gurbh é an chéad rud a bhí le déanamh aige in Éirinn ná tuiscint a fháil ar teanga na tíre’. Tá an Bíobla seo, ‘Bíobla Bhedell’ mar chuid den taispeántas atá ar siúl sa lusca in Ardteampall Chríost i mBaile Átha Cliath.
Tá an taispeántas seo, “Scoth na Leabhar”, ag ceiliúradh 400 bliain ó fhoilsiú Leagan Údaraithe an Bhíobla, nó Bíobla Rí Séamas (mar a thugtar air chomh maith) i 1611. Ócáid shuntasach ba ea foilsiú Bhíobla Rí Séamas. Cheap an Rí Séamas ceithre scoláire is daichead chun cabhrú leis an aistriúchán. Bhain na haistritheoirí leas as gach bun-fhoinse a raibh fáil orthu chomh maith le haistriúcháin Bhíoblaí Tyndale, Coverdale, na Ginéive, mar aon le haistriúchán Caitliceach Rheims ar an Tiomna Nua, a cuireadh le chéile i 1582. Mhol Jonathan Swift é nuair a scríobh sé gurb é ‘an t-aon sárshaothar liteartha a chuir coiste ar fáil riamh’!
Tá an t-eolas seo agus tuilleadh ar fáil ag an taispeántas. Tá leagan Gaeilge den Chatalóg ann agus tá na painéil go léir dátheangach. B’fhiú an t-atmaisféar sa lusca a bhlaiseadh! Tá bialann ann freisin. Tá an taispeántas ar siúl gach lá idir anois agus deireadh mhí Eanáir.

Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil: 085 1632 772

Cúlra
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun
(1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile,
(2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais,
(3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus
(4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh gréasáin: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/