Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-12-02

Tar isteach sa siopa milseáin....

Níl fhios agam cad a spreag é, ach tá siopaí milseáin "den seandéanamh" á oscailt ar fud na cathrach agus an ceantar máguaird. Tharraing na scríbhinní i nGaeilge ar an siopa seo ar an príomhshráid i mBré mo shúil agus tharraing isteach sa siopa mé tráthnóna. (Gaeilge feicthe agam ar siopa sna Clocha Liatha freisin).
Áit spéisiúil atá ann cinnte.
Agus mé ag fás aníos i Tír an Iúir, bhí trí chinn de siopaí beaga a bhí mórán mar seo - seachas nach raibh siad chomh glan lonrach, agus gur seanmhná a bhí ina mbun.
(N'fheadar cé chomh críonna is a bhí siad dáiríre - i súile an linbh tá gach duine fásta fíor aosta)

Mhúscail an siopa seo cuimhní cinn, milseáin bruite fearacht "bull's eyes" nó "lemon drops" i malaí páipéir ar cúpla pingin airgead póca.  Agus an chaoi gur leáigh siad beagán i do phóca, ag táthú le chéile agus leis an mála i dtreo is go raibh roinnt páipéir á ithe leis na milseáin!

Is fada ó ith mé milseán bruite. Roinnt cinn boga a cheannaigh mé anocht, agus d'fhoghlaim mé (arís) nach ionann nougat abhus agus sa Ghearmáin - is maith le mo bhean an leagan Gearmánach, is gráin léi an t-earra ró-mhilis abhus.