Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-11

Ciúnas. Suaimhneas. Tost - an bhearna idir dhá thrup.

De bhrí mo suim a bheith spreagtha ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ag Imbolc, bhí spéis agam san scannán Silence nuair a chuala mé faoi. Shíl mé go raibh an deis caillte agam ach ansin chonaic mé go raibh sé ar siúl san Lighthouse.
Bhí mé ann aréir mar sin le mo bhean. Scannán iontach. 
Osclaíonn an scannán de phlimp agus Eoghan ag taifid fuaim na cathrach i mBeirlín - faoin Magistratschirm.  Bhí cónaí orm féin i ngiorracht scread asal den áit sin ar feadh seal. Seachas nach gcloisfí asal san áit callánach sin mar a thagann bóthar mór, S-Bahn, agus U-Bahn (atá thar talamh anseo) le chéile. Bíonn an chéad cúpla nóiméad den scannán i mBeirlín thar a bheith glórach - ansin chíonn muid Eoghan ag fágáil slán lena chailín. Tá sé ag filleadh siar go hÉireann - don obair. Radharc deas ar droichead - agus báitear an méid atá le rá acu le callán na dtraein. Imní uirthi siúd go mbeidh an dúchas ró mhaith dó: luann sí dán le Hölderlin:
Hoch auf strebte mein Geist, aber die Liebe zog
Schön ihn nieder; das Leid beugt ihn gewaltiger;
So durchlauf ich des Lebens
Bogen und kehre, woher ich kam.
(Bhí m'anam ag déanamh tréaniarracht chun na harda, ach tharraing an Ghrá
 go deas anuas é; chrom an Mhairg le foréigin é;
Mar sin a shiúlaim stua
na Beatha, agus fillim ar an áit as ar tháinig mé)
Tá nod de chineál ansin don gcuid eile den scannán; filleann Eoghan ar Éirinn chun fuaim can tionchar daonna air a thaifid. Ach iompaíonn an turas ina thuras abhaile leis.  Éacht is ea an scannán; pictiúir áille dúlra ó áiteanna ar fud na hÉireann, ag dul ó thuaidh de shíor -  coill ársa (nílim cinnte cá raibh sin), Mullach Mór sa Bhoirinn, cladaí Chonamara, an Chabhán, Gleann Bhéithe, Gaoth Dobhair agus ar deireadh Toraí. Fite fuaite leis na radharcanna dúlra tá comhráití le daoine a bhuaileann leis fán mbealach agus a phléann a thóraíocht leis. Ina measc Tim Robinson agus Michael Harding.  Daoine atá fite fuaite leis an taobh tíre ina bhfuil siad lonnaithe.

B'shin rud a thug mé suntas dó; ainneoin Eoghan a bheith ag tóraíocht easpa daoine leis an ciúnas nádúrtha a cheapadh - is áiteanna tréigthe seachas áiteanna nár leag daoine cos riamh orthu is mó a thaobhaigh sé. Baineadh feidhm ealaíonta as giotaí ón gcartlann chun sin a threisiú. 
Is amharcealaíon scannán go hiondúil, ach bhí an fhuaim lárnach san scannán seo mar a bheifeá ag súil leis, agus ar uairibh rinneadh an pictiúir ceomhar chun go seasfadh an fhuaim amach.
Shíl mo bhean go raibh pearsa Eoghan rud beag ... Conallach. Nascann sí duairceas agus dúbhrón leis an taobh tíre ansin, agus is cinnte go raibh an pearsa san scannán amhlaidh, ag machnamh go dúlaí tríd síos.
Mar sin féin bhain muid araon an-sásamh as an scannán; na radhairc agus na fuaimeanna go hálainn, amhráin roghnaithe go maith, an pearsa lárnach spéisiúil. Agus réalta eile ag an scannán Gaeilge dhúchais Eoghain, Gaeilge Thír Chonaill - nach cloistear sách minic! Agus é nádúrtha san insint seo ar filleadh abhaile ar áit a bhí tréigthe ach nár thréig.
Mar sin, má bhíonn an deis agaibh, tapaígí é! (Nod libh: Tá fáil ar ar líne ach íoc as. Ach pictiúrlann níos oiriúnaí.)
(Nod eile libh: as an gcomhrá idir Harding agus Eoghan a mhúnlaigh mé teideal na míre seo. Iad ag ple cén Ghaeilge atá ar Silence. Thaitin an sainmhíniú ar Thost go mór liom. Gaois ann)