Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-06

Fiosracht san Spás

Cóipcheart NASA/JPL-Caltech: Scáil an Curiosity ar dhromchla Mhars

Spreag tuirlingt an chairr taiscéalaíochta Curiosity ar dhromchla Mars spéis athuair san taiscéalaíocht spás. Tá cuntas Twitter ag an meitheal atá taobh thiar den éacht innealtóireacht seo, rud a tharraing m'aird féin air. Bíonn rud éigin diamhair ag baint leis na híomhánna a sheolann a leithéid d'árthach chugainn ó i bhfad i gcéin.
Cuirtear an cheist go minic an fiú airgead a chaitheamh ar a leithéid seo de thogra, nach léir a buntáistí do saol ar an Domhan seo. Go hairithe i bhfianaise a liacht fadhbanna atá againn ar an saol seo, an bochtanas agus ocras forleathan.
Is cinnte go mbíonn airgead ollmhór i gceist agus foireann mór innealtóirí agus eolaithe chun togra mar é a chur i gcrích. Ach táim féin den tuairim gur fiú. Ní shin le rá nár cheart bheith tíosach. Fearacht aon togra mhór Rialtais, cuirtear airgead amú i dtograí mar seo, fiú mura dteipeann orthu (mar a tharla do Beagle). Ní mór dom a admháil go raibh mé féin beo ar feadh traidhfil blianta ar thogra de chuid an Gníomhaireacht Spás Eorpach; mar sin níl mé saor ó féinleas sa cheist seo.
Ach ar an gcéad dul síos, ní imíonn an t-airgead seo go hiomlán le gaoth - bíonn daoine agus comhlachtaí beo air. Agus seachas cogadh, níl gníomh a spreagann dul chun sna heolaíochtaí agus na teicneolaíochtaí níos fearr ná togra uaillmhianach a bheireann greim ar shamhlaíocht náisiún mar a dhéanann togra mar "Duine a chuir ar Mhars".
Spreagann sé daoine óga le dul le heolaíocht. Agus de réir mar a bhíonn ceist mar é á chíoradh agus á iniúchadh, faightear torthaí tánaisteacha as a théann chun leasa an chine daonna ina iomláine.
Ní ceist dubh agus bán atá ann, cinnte, agus níl aon cheist go bhfeadfadh Rialtais an Domhain dul i ngleic le fréamhacha an ocrais ar bhealaí níos éifeachtaí. Go háirithe ós rud é go bhfuil an eolaíocht in ann raidhse bia a chuir ar fáil, agus gur ceist polaitíochta agus dáileadh  atá san ocras seachas ceist acmhainní.
Tá luach i dtograí mar seo a ardaíonn ár súile agus samhlaíocht chun na cruinne. Treise leis na hinnealtóirí agus eolaithe a bhronn orainn é!