Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-10-19

Tuairisc ón bPluais

Bhí mé i láthair aréir san Grand Social i mBaile Átha Cliath d'imeacht eile de chuid IMRAM. Oíche Ómóis d'fhathach eile de chuid Litríocht na Gaeilge; an uair seo Tomás Mac Síomóin. Tá saothar Thomás chomh ilghnéitheach go raibh gá le scata cainteoirí chun é a mheabhrú dúinn! Bá é Cathal Póirtéir a bhí ina fhear an tí, ag coinneáil smacht ar rudaí. Thug Éamon Ó Ciosáin léiriú dúinn ar Thomás mar paimfléadaí; leithéidí Ó Mhársa Go Magla; Ceachtanna Ón gCatalóin; Tuairisc ón bPluais; 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge. Saothar tábhachtacha machnamh chun bunús a chuir faoi smaoineamh ar féiniúlacht agus teanga. (Bhain mé féin tairbhe agus sásamh astu). Labhair Dónall Ó Braonáin ar Thomás Iriseoir - agus go háirithe a thréimhse mar eagarthóir ar Chomhar. Arís, bí machnamh agus diongbháilteacht i gceist! Fágadh faoi Phillip Cummings labhairt faoin bprós agus filíocht; thug Lydia Groszewski spléachadh ar a shaothar agus a idé-eolaíocht (tá tráchtas déanta aici air - ach saothar uirthi coinneáil ar chéim lena chuid scríbhneoireachta!).
Nath a baineadh feidhm as arís is arís eile; scríbhneoir engagé is ea Tomás; fear cúise; fear ceanndána; fear comharseilbhe gan leithscéal. Poblachtach ceart.
Idir na míreanna cainte bhí ceol againn - ó Chormac Breathnach, Seán Whelan agus Brian Dunning. Cheol Naisrín Elsafty sean nós den scoth. D'inis Pádraig Ó Snodaigh roinnt scéalta ón gcairdeas fada atá aige le Tomás; agus a streachailt le chéile ag cur na Gaeilge chun cinn. Chuir Tomás féin clabhsúir leis an gcuid sin den oíche le dhá dhán; ceann cumhachtach i gcuimhne Victor Jara; ceann úrnua faoi mana agóideoirí na Gréige - Ní Éireannaigh muide!- agus cúthail mí-éifeachtach abhus. 
Fágadh an urlár ansin faoin gceol-ghrúpa Laidineach Mangéira; Bhain siadsan ceol as na fraitheacha agus chuir Tomás ag damhsa!
Oíche thaitneamhach a bhí ann agus bhí deis agam roinnt comhráite spéisiúla a bheith agam; ina measc bhuail mé le m'oide Gaeilge ón Meánscoil agus bhí deis agam, anois agus tuiscint agam buíochas a ghabháil leis as Máirtín Ó Direáin a thabhairt isteach chun cainte linn fadó. (Is mór an trua gurbh déagóir sotalach aineolach an uair úd mé nó bheadh níos mó tairbhe bainte agam as!)
B'é an t-aon mháchail ar an oíche nach raibh an ionad feiliúnach dáiríre; bhí muid cuachta istigh i spás nach raibh ach cuirtín idir é agus an teach tábhairne agus trup dá réir ann; breis truip ach ar thosaigh  ceol thuas staighre.
Chuir sin isteach roinnt ar na cainteoirí agus ní raibh ar mo chumas díriú orthu mar ba mhian liom. Bhí sé barrúil áfach nuair a shiúl - mar a tharla cúpla uair - ainnir ardchathrach gléasta do cath na cineáil isteach; bhain an teanga stangadh astu. Bhain an comhluadar stangadh eile astu agus theith siad nuair a thuig nach raibh aon stail sochumasc san slua ...  

Molaim daoibh, mura bhfuil sin déanta agaibh cheana blaiseadh de shaothar Thomáis; nod libh go bhfuil leaganacha ríomhleabhair dá shaothar ar fáil!

Agallamh le Tomás Mac Síomóin faoina smaointe agus a shaothar.