Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-19

An Grá sa Ghruaim


I ndiaidh dom mo chóip (sínithe!) de Gonta a fháil ag an ócáid de Satharn, bhí cúpla turas sách fada DART agus deiseanna eile léimh agam. D'alp mé siar na scéalta mar sin. (Seo an méid a bhí le rá ag Alex ach a ndúirt mé sin ar Twitter!)
Thaitin siad go mór liom. Is léir go bhfuil gean ag Alex ar na pobail ina bhfuil cónaí air; agus súil ghéar, agus samhlaíocht.
Nuair a léigh mé an giota seo ar a bhlag, rinne mé talamh slán de gur ag tagairt dó féin a bhí sé:
“Caitheann tusa barraíocht ama ag machnamh faoi na rudaí seo, a mhac. Sin an fáth go bhfuil do chuid gruaige ag éirí liath. Déan mar a dhéanaimse: dúiseacht, obair, ithe, ól, craiceann, codladh. Ní hé do jabsa fadhbanna an domhain a réiteach. Iad a thuairisciú, sin é do jab.”
Anois agus na scéalta léite agam, táim fós den tuairim go raibh cuid den cheart agam! Tá na gearrscéalta snoite, slachtmhar: an oscailt pléascach, an casadh san eireaball, an scaoileadh rúin diaidh ar ndiaidh, táid ar fad anseo. Cé go bhfuil foréigean sna Favelas le feiceáil sna scéalta, is é an tréith is láidre a mhothaigh mise ann ná an Grá. Do rinne Alex cuir síos de Satharn ar an ngearrscéal mar "Fhuinneog" trína fheiceann daoine éagsúla radhairc éagsúla.  Mhothaigh mé agus mé ag léamh na scéalta seo gur fuinneog isteach i gcroíthe - in anamacha - na laochra sa scéalta bhí ann. Mheabhraigh sé Ceithre Ghrá Lewis dom: στοργή,(ceanúlacht),  φιλία (cairdeas), ἔρως (grá collaí), ἀγάπη (carthanacht) - tá siad ar fad anseo, léirithe le grinneas agus urraim. Is fear aerach é Alex; agus tá tionchar aige sin ar roinnt scéalta - tá grá éagmaiseach ann de bhrí go bhfuil an té a chartar beag beann ar ghrá fir; nó dall air, nó, i scéal corraitheach amháin, grá á shéanadh de bharr an toirmeasc agus an baol a bhaineann leis sa chomhluadar. Tá freisin an cuing a ghlactar leis de bharr grá, agus a chuireann corr san saol, corr nach mbeifeá ag súil leis. 
Ní mian liom na scéil a loit tríd barraíocht a rá fúthu!
Ach is féidir liom a rá gur mhothaigh mé go raibh mé tumtha san saol a tá á léiriú aige agus na scéalta á léamh agam. Táim cinnte go bhfillfidh mé orthu arís; agus go mbainfidh mé rudaí eile astu! Tá rún agam anois Favela a athléamh.

Alex Hijmans
Gonta
ISBN: 9781907494291
Foilsithe: 2012