Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-29

Futa fata féasta!

 Fear agus fís aige is ea Tadhg Mac Dhonnagáin, fear Futa Fata. Níos fearr fós, fear a bhfuil straitéis aige chun an fhís a fhíorú. Leabhair den scoth don léitheoir óg (agus aosta) Gaeilge a sprioc. Agus an chuir chuige atá aige ná feidhm a bhaint as aistriúcháin ó theangacha eile chun aithne a chuir ar a mhargadh, agus ansin bunábhar i nGaeilge a chuir ar fáil. (Agus an t-ábhar sin a reic thar lear, más féidir - tá pictiúr leabhair le Futa Fata imithe chun na Síne agus an Chóiré!)

Céim eile i gcur i gcrích na straitéise seo an cúig leabhar don aoisghrúpa 8+ atá foilsithe le déanaí ag Futa Fata, bunaithe ar bunábhar ón foilsitheoir Albanach Barrington Stoke. Ar ndóigh, san aoisghrúpa sin beidh réimse cumais agus spéise i gceist. Feictear dom go bhfuil freastal maith á dhéanamh ar bhuachaillí go háirithe sa chnuasach seo; agus leabhar amháin ina measc a bheadh tarraingteach do chailíní.
Bheadh “Cuileog - An Scéal faoi Chiarán Ó Mianáin” oiriúnach do ghasúir níos óga; scéal atá ann faoi ghasúir a bhogann ón dtuath go dtí an chathair, agus a mbíonn deacrachtaí eile le bullaí ar scoil. Ní haon chabhair dó go samhlaíonn sé go dtig leis iompú ina chuileog - mar ní thig! Tá cur síos an-mhaith ann ar na mothúcháin a bhíonn ag gasúr a bhfuil tromaíocht á imirt air. Mar sin féin, tá casadh suntasach san scéal a léiríonn laige an bhullaí. Baintear feidhm éifeachtach as greann áiféiseach agus samhlaíocht; leabhar taitneamhach. Bainfidh gasúir sásamh sílim as an gcaoi a fhaigheann Ciarán an lámh in uachtar sa deireadh.

Scéal rud beag níos dáiríre atá i “DOCHREIDTHE” ar an gcéad amharc; Síleann laoch an scéil, Peadar, gur duine leadránach é féin agus go bhfuil gach a bhaineann leis leadránach le hais a chairde scoile. B'fhearr leis fanacht aonarach agus gan cuir isteach ná amach ar an gcuid eile den saol. Ach bíonn casadh thar a bheith glic san scéal agus tuigeann Peadar (agus na léitheoirí!) gur duine ar leith é; agus go bhfuil gnéithe as an gnáth ag baint leis agus lena mhuintir.

San “Dosaen Dainséarach”, tá aisling ag Rónán; ba mhaith leis bheith ina bhall d'fhoireann peile a bhfuil cuma thar a bheith gairmiúil agus uasal orthu. Ach níl siad sásta glacadh leis; is ón “dtaobh mícheart” den bhaile é. Cinneann sé ar fhoireann a chuir le chéile chun a scil a léiriú dóibh nuair a chloiseann sé go bhfuil deis ann imirt ina n-aghaidh. Éiríonn leis dream dá chairde a spreagadh - agus ansin foghlaimíonn sé féin ceacht luachmhar faoi díograis, cairdeas agus caid!

Scéal dáiríre is ea “Amú” faoi stócach trioblóideach, atá seolta go “Campa Ceartúcháin” ag a mhuintir saibhir atá i ndeireadh na feide ag a dhrochiompar. Tá an campa seo i lár fásach an Góibí! Socraíonn sé ar teitheadh as an áit - agus éiríonn leis. Ach is léim ón tine chun na gríosaí atá ann, agus murach cailín de mhuintir na háite, bheadh thiar ar fad air. Ina bhfochair siúd, foghlaimíonn sé an méid nach rabhthas in ann múineadh dó cheana; agus ag deireadh foghlaimíonn a mhuintir ceacht freisin.

Is é “An Phluais” an scéal is réalaí den cúig; agus an t-aon cheann a bhfuil cailín mar laoch ann. Tá sceon ar Aoife roimh áiteanna cúnga - ach beidh uirthi aghaidh a thabhairt ar an sceon sin mar tá sí ar thuras scoile chuig an Boireann lena rang, agus beidh siad ag dul anuas in uaimh. Tá súil aici ar leaid ina rang, Dara; ach síleann sí nach bhfuil fhios aige siúd í bheith ann, toisc nach bhfuil sí chomh faiseanta ná suntasach leis na cailíní eile. Ach cuireann a mian gan amadán a dhéanamh di féin ós a chomhair siúd leis an mbrú a mhothaíonn sí. Arís, tá cuir síos an-mhaith ar mhothúcháin déagóra óig san insint, agus tá an scéal thar a bheith dea-inste.
Ní hamháin gur aistriúcháin atá i gceist leis na leaganacha Gaeilge; tá logánú déanta ar na scéil - ainmneacha daoine i nGaeilge tríd síos, nathanna agus imeartas focail Gaeilge, logainmneacha Éireannacha. Is breá liom an nós atá ag Futa Fata nuair is mian leo focal as an ghnáth a mhíniú don léitheoir - bíonn an focal sin i gcló trom, réiltíní ina aice leis agus ansin fonóta ag míniú na bhfocal i bhfocail eile Gaeilge ag bun an leathanaigh.
Tá na leabhair ar fad léirithe, agus clúdaigh taitneamhacha orthu ar fad.

Beidh súil in airde agam do bhreis saothair mar seo ag Futa Fata (agus ós athair iníne mé, níos mó do na cailíní!)
An Phluais
David Gatward,
maisithe ag Seb Camagajevac
leagan Gaeilge le Patricia Mac Eoin
ISBN:978-1-906907-60-0
Lth:60, Clúdach Bog,
An Dosaen Dainséarach
Tony Bradman,
maisithe ag Karen Donnelly
leagan Gaeilge le Bríd Ní Mhaoileoin
ISBN:978-1-906907-59-4
Lth:64, Clúdach Bog,
Cuileog-An Scéal faoi Chiarán Ó Mianáin
Andy Stanton
Maisitheoir Ross Collins
Leagan Gaeilge Máirín Ní Mhárta
ISBN:978-1-906907-61-7
Lth:64, Clúdach Bog
Amú
Elizabeth Kay
Maisitheoir Dylan Gibson
Leagan Gaeilge Máirín Ní Mhárta
ISBN:978-1-906907-62-4
Lth:72, Clúdach Bog
Dochreidthe
Hilary Mc Kay
Maisitheoir Mike Phillips
Leagan Gaeilge Patricia Mac Eoin
ISBN: 978-1-906907-63-1
Lth:72, Clúdach Bog