Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-08

Déantóirí: Aiséirí na Ceardaíochta?

Do léigh mé leabhar Cory Doctorow Makers le déanaí. (Ar fáil le léamh ar líne anseo). Úrscéal atá ann faoi seiftáilíthe a aimsíonn bealaí nua chun feidhm a bhaint as sean-rudaí. Bheadh an feachtasóir seo sa Ghearmáin sásta leo. Tá sé  ag streachailt in aghaidh an nós atá ann, dar leis, earraí leictreacha a dhéanamh sa chaoi agus go mbriseann siad go gairid i ndiaidh don barántas dul as feidhm. Dífheidhmeacht phleanáilte d'fhonn breis brabaigh a ghnóthú atá ansin, dar leis. Níl mé cinnte an bhfuil an cheart aige, ach is cinnte go bhfuil barraíocht earraí leictreacha caite amach agam thar na blianta. Meabhraíonn an cheist seo "Teoiric Bhuataisí ar Éagothrom Shocheacnamaíoch" de chuid Vimes dom; cosnaíonn earraí saoire níos mó sa bhfad théarma! Gan trácht ar an dramhaíl a seoltar, ró mhinic, thar farraige go tíortha i mbéal forbartha, agus an cur amú bunábhar dá bharr.

Téann an fear úd, agus daoine nach é, i ngleic leis seo tríd athraithe a dhéanamh ar na fearais iad féin. (Ní bheadh na scileanna sin agam).
Tá leithéidí na tóglainní ag éirí níos coitianta: áiteanna gur féidir le daoine teacht le chéile chun lámh-cheardaíocht a chleachtadh le chéile, ag foghlaim óna chéile agus ag tacú. Spreag an ghluaiseacht seo an aireagán Sugru, mar shampla.  Is mór an ghar a dhéanann an idirlíon don ngluaiseacht seo; ag scaipeadh eolais agus oiliúint. (Ról lárnach aige sin san úrscéal freisin).
Rud eile ar féidir a dhéanamh de bharr an idirlíon ná na hearraí a dhíol; agus tá an margadh ar líne Etsy ann go sonrach chun é sin a dhéanamh.

Mar, ar ndóigh, níl san déanamh ach cuid den cheist; agus dáiríre is éard atá á chíoradh san scéal ná an idirghabháil idir fórsaí éagsúla; na déantóirí iad féin, ach lucht airgead, lucht dlí, lucht na meáin, na mórchomhlachtaí,  agus an daonra i gcoitinne freisin. Eascraíonn an iliomad fáinne fí as na caidreamh chasta sin ar fad. (Léamh maith atá ann, mar a deir an ceann eile).

Tá clódóirí 3D lárnach i gcuid den scéal; tá siad sin ag éirí fairsing faoi láthair, agus ag tabhairt cumhacht áirithe ar ais do dhearthóirí, de bhrí go bhfuil an costas chun fréamhshamhail a chruthú á ísliú go mór acu. Nó fiú mion-shraith de tháirge a dhéanamh. Nó an táirge céanna a chruthú in iliomad áiteanna - sin rud a d'fheadfadh dul i ngleic seans leis an olltáirgeadh saor i dtíortha i mbéal forbartha nó i leithéidí na Síne.

Seo togra nach bhfuilim ró dhearfach faoi, a bhaineann feidhm as na modhanna seo: an Vicí-Ghunna.
Eascróidh ceisteanna eitice as a leithéidí seo de tháirgiúlacht gan amhras; chíor Primo Levi roinnte den na ceisteanna úd i bhfad siar i sraith gearrscéalta maidir  "cóipire 3D" an Mimer. Is éard a shamhlaigh sé ná gléas a bhfeadfadh cóip a dhéanamh de rud ar bith; neacha beo san áireamh, ach an comhdhéanamh ceart de dhúil a bheith san "dúch" ann. D'eascair fadhbanna as sin, ar ndóigh!

N'fheadar dála an scéal an leis an Iarthar is mó a bhaineann na ceisteanna seo - seachas gurbh san domhan i mbéal forbartha a chaitear an dramhaíl - agus minic go leor is as dúshaothrú ansin a thagann na hearraí idir amh agus táirgthe.

Is mó chasadh fós atá sa scéal, sílim!