Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-04

Imbolc 2013 - Féile na hInspioráide, Mí Feabhra i mBaile Bhuirne

Faighte ar rphost inniu:

Tá Imbolc 2013 (www.imbolc.ie), an chomhdháil Ghaeilge inspioráideach sin, ag dul ar aghaidh ar an Satharn 16 Feabhra 2013, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Is tionól aon lá amháin é, a thosnaíonn ag 10:00 r.n., agus beidh Gaeilgeoirí iontacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí agus eile. Tá ríméad orainn go bhfuil cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíor-spéisiúla ag gach duine acu, ina measc:

Colm Mac Con Iomaire - Ceoltóir cumasach cáiliúil a sheinneann an veidhlín, an méarchlár agus a chanann leis an mbanna ceoil The Frames. In 2008 do sheol Colm a dhlúthdhiosca Cúinne an Ghiorria/ The Hares Corner- a bhí ainmnithe le haghaidh duais Meteor.

Bernard Dunne - Is iar-dornálaí proifisiúnta é Bernard a bhfuil Craobhtheideal For-choileachmheáchain an IBU, EBU agus WBA buaite aige. Ó d’éirigh sé as an dornálaíocht i 2010, bhí Bernard ag obair mar anailísí ar RTÉ agus bhí sé i mbun an clár teilifíse Bernard Dunne’s Bród Club a bhfuil sé mar aidhm aige 100,000 daoine a chur ag úsáid a gcuid Gaeilge.

Kevin Scannell - Is ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri é Kevin. Tá cuid mhór taighde déanta aige ar mhionteangacha éagsúla agus ar an nGaeilge go háirithe; tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a chuir Gaeilge ar roinnt bogearraí mór-le-rá, mar shampla Firefox. Oiriúnach go leor, beidh sé linn beo ar an idirlíon!

Trevor Sargent - Bhí Trevor Sargent mar Cheannaire ar an gComhaontas Glas agus T.D. d’Áth Cliath Thuaidh ó 1992 go 2011. Anois is scríbhneoir garraíodóireachta é. Chuir sé tús le blog www.trevorskitchengarden.ie a dhéanann sur síos ar a chuid oibre ina ghairdín orgánach féin i mBaile Brigín, an gairdín orgánach is lú in Éirinn. D’fhoilsigh sé leabhar ar an dteideal céanna. Creideann sé gur gá a lán daoine a thraenáil mar gharraíodóirí cistine chun gorta ollmhór a sheachaint amach anseo, nuair nach féidir ola a úsáid a thuilleadh i gcúrsaí feirmeoireachta.

Audrey Lynch - Mac léinn dlí in UCC a bhuaigh an gradam mór le rá Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2012 sna Ceithre Chúirt. Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ina ndéanann achomharc in aghaidh bhreith cúirte.

Annraoi de Paor - Ollamh Emeritus le UCD agus ball é d'Acadamh Ríoga Éireann é Annraoi, agus tá moll mór de pháipéir léannta agus leabhar amháin foilsithe ar a thaighde innealtóireachta, agus trí leabhair leis i nGaeilge go nuige seo.

Agus cúpla duine eile le fógairt fós!

Ar an lá tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair atá ar siúl aige - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina ndiaidh! Ba sheans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saol ag an am céanna. Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fail saor in aisce ar an suíomh www.imbolc.ie

Beidh Colm Mac Con Iomaire i mbun ceoil an oíche roimh ré chomh maith (Aoine 15 Feabhra), agus ceolchoirm speisialta ar siúl san Ionad Cultúrtha aige i gcomhpháirtíocht le hImbolc.
Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc - ní chosnaíonn gnáth-thicéad ach €25, agus ticéad do mhic léinn, seanóirí, agus daoine atá dífhostaithe €15. Má tá eolas breise uait is féidir féachaint ar www.imbolc.ie nó dul i dteagmháil liomsa féin.
Is féidir clárú a dhéanamh ar http://www.imbolc.ie - agus bheimis buíoch díot dá seolfá é seo ar aghaidh chuig éinne a mbeadh suim acu ann.