Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-15

Scéal trí chrann

Thaitin an scéal seo liom ó Ghearmánaigh Mheiriceá;

Crannscéal do Lá Nollaig

Tráth dá raibh, bhí trí chrann sa choill. Bhí siad síoraí ag plé a gcuid dóchais agus aislingí. 
Labhair crann acu: "Tá súil agam, lá breá éigin, go mbeidh mé i mo chófra taisce. Beidh mé, b'fhéidir,  lán de sheodra iontacha, ór agus airgead. B'fhéidir go mbeidh mé maisithe le obair iontach snoite, le go bhfeicfidh cách an áilleacht atá ionam."
Labhair an dara crann: "Beidh mise lá amháin i mo long mór láidir. Tabharfaidh mé Rí agus Banríon thart mhuir, timpeall na cruinne. Beidh cách sásta go bhfuilid sábháilte ionam mart beidh mo chabhail mór, láidir."
Ar deireadh, labhair an tríú crann: "is mian liomsa fás chun go mbeidh mé ar an gcrann is airde agus is dírí sa choill. Ba cheart go bhfeicfeadh na daoine mé ar bharr an chnoic, agus machnamh ar Dhia agus ar a shaothar. Is mian liom bheith ar an gcrann is suntasaí riamh, chun go mbeidh cuimhne i gcónaí ag daoine orm".
Lean an scéal mar sin ar feadh roinnt blianta, agus iad ag urnaí as son a mianta. Ansin tháinig meitheal lománaithe sa choill ar thóir adhmaid. Chonaic duine acu an chéad crann agus dúirt: "Tá cuma breá láidir ar an gcrann seo. Táim cinnte go ndíolfaidh mé ar airgead mhaith le siúinéir é". Agus chrom sé ar an gcrann a leagadh.
Bhí an crann sásta mar bhí dóchas aige go ndéanfadh an siúinéir cófra taisce as.  
D'fhéach duine de na fir ar an dara chrann agus dúirt: tá cuma breá díreach ar an gcrann sin. Díolfaidh mé le saor báid é. Bhí an crann sásta, agus é dóchasach go bhfíorófaí a aisling agus go ndéanfaí bád mór as. 
Bhí an treas crann ar bís an bhfíorófaí a aisling siúd. Ach 'sé a dúirt an tríú lománaí "Níl aon rud ar leith de dhíth ormsa" agus leag sé an crann.
Bhuel, nuair a fuair an siúinéir an chéad crann rinne sé trach bídh do na beithígh as. Cuireadh san scioból é agus líonadh le tuí é.  Níorbh é sin comhlíonadh a ghuí!
Gearradh suas an dara crann agus rinneadh bád iascaigh de. B'shin deireadh borb lena aisling bheith ina long láidir agus Rí agus Banríon a iompar.
Gearradh na tríú crann ina ghiotaí agus fágadh bliain i ndiaidh bliana i stóras dorcha iad. 
Chuaigh bliain i ndiaidh bliana thart, agus dhearmad na crainn a n-aislingí.
Ansin, lá amháin tháinig fear agus a bhean go dtí an scioból. Rugadh leanbh don mbean, agus leag sí é san trach a rinneadh as an gcéad crann. Ba mhian leis an fear go mbeadh cliabhán aige don leanbh; ach bhí an trach maith go leor. Mhothaigh an crann anois rud; go raibh an trach lán den seod is fearr agus is mó riamh.
Blianta fada ina dhiaidh sin chuaigh buíon fear ar bhord an bád iascaigh a bhí déanta as an dara crann. Bhí duine de na fir traochta, agus chuaigh sé a chodladh. Agus iad amuigh ar an domhain, tháinig anfa láidir; agus bhí imní ar an gcrann nach mbeadh sé láidir go leor chun na fir a choinneáil slán. 
Dhúisigh na fir an fear a bhí ina choladh. Mhúscail sé, dúirt "Síocháin" agus go tobann, stop an Stoirm. Agus san bómaite sin thuig an dara crann go raibh sé tar éis Rí na Ríthe a iompar. 
Faoi dheireadh seal an tríú chrainn a bhí ann.
Cuireadh ar droim fir é; agus bhí pobal fán slí ag maslaí agus ag magadh go géar faoin bhfear. Bhain siad barr chnoic amach; agus cheangail siad le tairní den chrann é, agus d'ardaigh ar bharr an chnoic é.
Nuair a tháinig an Domhnach, thuig an crann go raibh sé láidir go leor le seasamh ar bharr an chnoic, agus ghlac buíochas le Dia; mar is air a céasadh Íosa.

Mar sin, comhlíonadh guí gach crainn; ach ní mar a mheas siad é.  Níl fhios againn cad é plean Dé dúinn; níl fhios againn ach nárbh é a bhealaí Siúd ár mbealaí. Ach is fearr i dtólamh a bhealaí siúd.