Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-01-13

Pá céanna don obair chéanna

Shílfeá gur prionsabal bhunúsach é go mbeadh an tuarastal céanna ar an obair chéanna. Shilfeá go mbeadh an Locht [stet] Oibre thar dream ar bith eile i bhfách leis an bprionsabal sin. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Sa mhullach ar fiacha na mbainc, tá fadhbanna san tír seo de bhrí go bhfuil easnamh idir theacht isteach an Rialtais agus caiteachas an Rialtais. Caithfear dul i ngleic leis sin.
Is sciar mhór de caiteachas an Rialtais pá san earnáil phoiblí. I gcomhlucht príobháideach ní bheadh aon cheist ann - laghdófaí pá, nó ar a laghad ní ardófaí pá. Ach dhéanfaí sin ar bhealach measartha cothrom - agus go hiondúil laghdaítear pá thuas níos mó ná thíos.
Ach tá abhus Conradh Pháirc an Chrócaigh - a thugann cosaint dóibh siúd atá istigh sa chóras. Fiú iad siúd a fuair ardú ollmhór blianta an rachmais de bharr "tagarmharcáil". Is é sin, iad siúd ar bharr an dréimire. Is fíor go mbíonn pá as cuimse níos airde ag ardfheidhmeannaigh san earnáil phríobháideach - ach is fíor freisin go mbíonn priacail níos mó le n-iompar acu, agus is iad is túisce a bhristear nuair a theipeann ar an gcomhlucht. Ní hamhlaidh do mhandairíní Sráid Mhuirfean agus a bpiaraí.
Mar sin, is ag bun a dréimire atáthar a gearradh pá. Ar mhúinteoirí agus altraí atá ag cur tús lena saol gairmiúil. Difear suntasach - roinnt mílte - bliain i ndiaidh bliana. Tabhair faoi deara freisin gur mná is mó a bheidh thíos leis seo - i dtír ina bhfuil, fós, difear suntasach i dturastal mná agus fir in earnáil áirithe.
Níl ciall ná cothromas san áireamh anseo.
Níos measa fós i gcás na scoileanna. Scoil nua is ea scoil m'iníne, rud a chiallaíonn go bhfuil beirt nó triúir oide nua ag teacht isteach gach bliain. Anois beidh bearnaí suntasacha idir pá daoine atá ag déanamh na hoibre céanna, agus atá geal le bheith ar chomhléibhéil scile, taithí agus oiliúna.
Ag an am céanna tá an t-ualach oibre á mhéadú orthu - an Roinn Éadóchais ag brú níos mó is níos mó páipéarachais orthu.
Bhí oideachas fiúntach i gcónaí ag brath ag dhíograis, dóchas agus flosc na n-oidí. Ach tá na céimeanna seo ag ídiú an fhuinneamh sin.  Cad chuige go ndéanfadh duine, a bhraitheann go bhfuiltear ag caitheamh go héagórach leis nó léi, obair bhreise as a stuaim féin?
Agus sin mo racht go n-uige seo!