Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-01-22

Tony Small. Cloch ar Charn

Cuirfear an fear uasal, ceoltóir lách, Gaillmheach go smior, Tony Small, i gcré na cille amárach. I measc oirfidigh is naoimh na nGaeil go raibh sé anocht.
Baineadh siar asam nuair a chuala mé an scéala ó Thadhg ar Twitter aréir. Bhíodh Tony go minic i mBeirlín ag tús na nóchaidí, lena chompánach Eoin Duignan.
Bhí aithne agam air an tráth úd, mar ba mhinic mé, agus mé i'm imirceach friseáilte, ag taobhú na tábhairní ina raibh ceol Éireannach le clos. Fear lách cairdiúil ab ea é. Ní raibh mise ach ag teacht in inmhe, agus is dócha go raibh mé ag ól an iomarca. Cinnte bhíos claonta chun maoithneachais. Níor ól Tony an tráth úd (sílim go raibh sé ag éalú ón ól) agus is eagal liom go ndearna mé promhadh go minic ar a fhoighne. Ach chaith sé go cneasta i dtólamh liom.
D'imigh muid ó aithne ar a chéile ó shin, agus bhí sé nach mór dearmadta agam. Ní raibh dá chuid ceoil ach téip agam agus is fada ó éist mé le téip.

Tá blaiseadh dá chuid ceoil le fáil anseo ar MySpace:

Bhí leagan den amhrán Galway ar an téip úd; agus freisin leagan iontach de dhán Uí Thuairisc - 'Oíche Nollag' ('Dá mbeadh mileoidean agamsa / Ní bheadh Críost gan cheol anocht') 

Ní bheidh a leithéid arís ann! Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.