Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-04-02

Iarraim cúis?

Mar chuid de iarmhairtí scrios Gaelscéal tá ceist na scéalta cúise a phlé arís. Go hiondúil deir lucht na Gaeilge nach spéis linn "scéalta faoin nGaeilge" agus lochtaíodh Gaelscéal as a bheith ró thugtha do scéalta faoin nGaeilge. Mar shampla, in alt i gComhar na Márta luann Uinsionn Mac Dubhghaill anailís le Aodh Ó Coileáin a léirigh go raibh scéalta faoin nGaeilge ar an príomhleathanach an-mhinic ag tús ré Gaelscéal, rud a d'fhág, dar leis "cáil an nuachtáin cúise" ar. 
Ar an lámh eile, léiríonn staidrimh ó shuíomh Gaelport agus Gaelscéal féin gurbh iad seo na scéalta ansin a tharraingíonn aird.
Tá an cuma air go bhfuil an dá rud seo ach teacht salach ar a chéile - ach n'fheadar an bhfuil.
Sílim féin gurbh amhlaidh gurbh iad seo na scéalta a mbíonn an leagan is cruinne agus in nuaí ag na meáin Gaeilge - mar sin, is ann a léitear iad. Go hiondúil, ceal acmhainní, bíonn pé scéalta eile atá acu clúdaithe ag na meáin Béarla rompu. Beidh ar na meáin Gaeilge bealach a aimsiú le dul i ngleic leis sin.
Bíonn gan amhras cas- agus camscéalta faoin nGaeilge sna meáin Béarla; scéal le déanaí mar shampla a bhí ag cuid den na mór-nuachtáin Béarla, go gcaitear billiún euro ar an nGaeilge, agus nach bhfuil toradh fónta ar an gcaiteachas. "Meastachán" gan aon bhunús luaite leis a bí san figiúr sin.
Is cinnte gur gá do lucht labhartha na Gaeilge dul i ngleic leis na scéalta seo, na fíricí agus aird a dhíriú orthu. Gan amhras spreagann Conradh na Gaeilge daoine le litreacha a scríobh chuig na nuachtáin. Tá gá le taighde freisin, áfach, agus is cinnte go ndearna leithéidí Colm Ó Broin deá obair anseo. 
N'fheadar áfach an é nuachtáin do lucht na Gaeilge an ardán is fearr don obair seo? Lucht na Béarla atá le mealladh. 
Chomh maith leis sin, is gá caitheamh go siosmaideach leis na ceisteanna seo, agus gan scéal cailleach an uafáis a dhéanamh de scéalta fánacha - scéal na gutaí fhada agus an SMS, mar shampla.
Fuair Aonghus Dwane íde na muc is na madraí nuair a rinne sé iarracht an cheist a phlé go dhátheangach le linn an Siompóisiam "Leasú chun feabhais" anuraidh agus é ag moladh tréimhseacháin dhá theangach chun an chúis ar chuir ar aghaidh.
Bhí a leithéid cheana ag an gConradh. Creidim go bhfuil an ceart aige; ach go bhfuil gá le comhthuiscint agus fís a bheadh le cur chun cinn ag a leithéid de iris. Fís a chuireann an suíomh reatha san áireamh - go bhfuil an Ghaeilge ag meath sna pobail Gaeltachta, agus gur mithid sin a stop. Agus go bhfuil borradh faoin bhfoghlaim agus an tógáil clainne ag daoine aonair i measc pobail Bhéarla - agus gur mithid sin a spreagadh tuilleadh. Go bhfuil an dá rud seo idirspleách - ach nach féidir déanamh d'uireasa ceachtar.
Tá gá freisin ar thuiscint soiléir go bhfuil an Ghaeilge dúchasach d'Éirinn - ach nach bhfuil sí ina teanga dúchais ach ag sciar ana bheag againn. Is cruinne mar shampla an cur síos "cainteoir athdhúchais" ar mo leithéidí a tógadh le Gaeilge ach mé tumtha i bpobal Béarla.
Is gá freisin aird a tharraingt ar shaothar leithéidí Vincent Morley - mar atá déanta ag Michael Cronin anseo - chun an claon-insint Béarla láraithe ar an stair a cheartú.
Agus is gá lucht an Béarla a chuir ar an eolas faoi na nithe suntasacha atá bainte amach de bharr go bhfuil leithéidí TG4 agus RnaG ann - ceoltóirí, lucht drámaíochta agus scannáin a bhfuil rath orthu sa bhaile agus i gcéin nach mbeadh deis acu murach an Ghaeilge a spreag iad.