Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-05-29

An gcothaíonn cíocha cíocras ceannaithe?

Bhí colún ag Jennifer O'Connell san Irish Times inniu maidir le húsáid bhéithe brollach ar leis chun gan rud faoin speir a dhíol.  Ansin tharraing duine m'aird ar fhógra eile de chuid Club Orange ar youtube. Nílim chun nascadh leis, aimseodh sibh é más mian libh.
Níl fhios agam an bhfuil sé íorónta nó truamhéalach go raibh scata mná i mbicíní ar chlúdach an Irish Times ag díriú aird ar alt Jennifer - agus pictiúr de irisí phornagrafacha laistigh agus ar an alt ar líne mar thionlacan leis.
Anois is fear meánaosta heitrighnéasach mise, mar sin admhaím go dtarraingíonn na pictiúr seo mo shúile agus músclaíonn miangas ionam scaití. Ní dóigh liom áfach gur spreag siad spéis san táirge atá in ainm is a bheith á dhíol acu ionam riamh. Agus caithfidh mé a rá go bhfuil rud éigin áioféiseach faoi na pics poiblíochta de seanfhear éigin i gculaith liath - aire rialtas nó boc mór gnó - timpeallaithe ag béithe arda leath-ghléasta.
Is cosúil áfach go bhfuil lucht fógraíochta meáite go ndíolann collaíocht. Agus - ó tharla gurbh iad mná sprioc nó comhsprioc cuid maith de na táirgí seo caithfidh sé go gcreideann siad go dtéann na híomhánna i bhfeidhm ar mhná freisin.
N'fheadar an é go gcreideann siad gur fiú an raic len iad a chuir i mbéal an phobail?
(Nath a chonaic inniu « Qu'on parle de moi en bien ou en mal, peu importe. L'essentiel, c'est qu'on parle de moi ! » Zitrone )
Tá an spás poiblí agus na meáin ar maos sna híomhánna miangasacha seo; agus na meáin cumarsáide freisin.
Má cheistíonn aon duine (aon bhean ach go háirithe) an nós cuirtear ina leith gurbh cancráin gan acmhainn grinn iad.
Níl fhios agam cén dóigh is fearr dul i ngleic leis an nós. Is fána sleamhain cinsireacht. Agus táim amhrasach faoi cé chomh héifeachtach is atá sé in aois an idirlíon - tharraingeodh an chinsireacht caint agus gleo agus bheadh an táirge i mbéal an phobail arís.  
Baghcat is dócha an modh is éifeachtaí. Ach cinnte ní cabhraíonn an stuif seo le meas a chothú do mhná!
Agus sin mo racht go n-uige seo.