Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-05-27

An Milléanach léirithe!

Le tamall anuas tá cóir an ádh liom ag buachan leabhair ón raidió agus araile agus is mar sin a fuair mé cóip den Béal Bocht grafach.

Tá an bunsaothar léite agus athléite agam - agus leath leabhragán lán de shaothar eile Myles agam gan trácht ar Amaidí a dheartháir!

Tá's ag an saol gur scigaithris atá in ainm is a bheith an seo ar an tOileánach leabhar a raibh ardmheas ag Myles air:
"One of the finest books I have read in any language is An tOileánach by a Blasket islander, now dead ... every page is a lesson how to write, it is all moving and magnificent" "Cruiskeen Lawn"  (17 January 1955)
Cé gur léir na tagairtí don Oileánach measaim féin gur géire an aoir nuair atá sé ag plé le "Gaeilgeoirí" (i. an dream  a thagann ag foghlaim na Gaeilge gan tuiscint don bpobal) agus dar ndóigh do na deá leabhair Conallacha. Is mó go mór an sult a bhainfidh an té a bhfuil slám leabhair le Máire léite aige as, fágaim. 

Tá sár obair déanta ag cló Maigh Eo agus a gcomhghleacaithe ag cuir an leabhar san cló nua grafach. Tá na mór eachtraí ar fad ann, léirithe i stíl a fheileann go paiteanta don ngreann dorcha. Tá nod sna nótaí go raibh - nó go bhfuil - scannán beartaithe agus go bhfuil an leabhar bunaithe ar ullmhúchán don scannán céanna. Shamhlóinn go bhfeidhmeoidh sin chomh maith.

Beidh mé ag filleadh ar an leagan seo chomh maith leis an mbunleagan, agus tá súil agam spéis mo chlann mhic (agus ar ball m'iníon) a spreagadh ann!

Údar / Author: Myles na gCopaleen
Maisitheoir / Illustrator: John McCloskey
Eagarthóir: Breandán Ó Conaire
Bog/Paperback - ISBN: 978-1-899922-87-1 €12.00
Crua/Hardback - ISBN: 978-1-899922-88-8 €20.00