Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-08-26

Béadchaint

Tá an méid seo leanas le rá ag Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí faoi Uimhir 2477:

Coscann an modh do chlú na bpearsan gach mana agus gach ráiteas a d'fheadfadh dochar éagórach a dhéanamh dóibh. Bíonn ciontach :
- i luathbhreith lochtach an té a ghlacann gan leorbhunús leis mar fhírinne, fiú amháin gan a rá, locht morálta a bheith ar a chomharsa;
- in ithiomrá  an té a nochtann, gan fáth bailí a bheith leis, lochtanna agus cionta duine eile dóibh siúd nach eol dóibh iad;
- i mbéadchaint an té a dhéanann dochar, trí ráite atá contráilte leis an bhfírinne, do chlú daoine eile agus a bhíonn ina cheann ócáide do bhreitheanna falsa ina dtaobh. 
Tá meathchuimhne agam ar scéal naomhsheanchais faoi anamchara a rinne bean faoistin leis go ndearna sí béadchaint. Dúirt sé léi mála clúmh mín a fháil agus é a scaoileadh ag barr an chnoic, ansin filleadh air go ngearrfadh sé an pionós cuí uirthi. D'fhill sí air, agus dúirt sé léi an chlúmh ar fad a bhailiú arís. "Ach tá sin dodhéanta" ar sí. "Tá", ar sé, "mar atá sé smál na béadchainte a ghlanadh!"

An chúis go bhfuil na smaointe seo á scaoileadh uaim agam? Bhí clampar ann faoi haischlib a bhí ag treocht ar Twitter an tseachtain seo chaite.  Rinne mé iarracht fanacht glan air mar go léir go rabhthas ag tromaíocht arís ar bhean óg éigin a scaoileadh pictiúr a chuirfeadh aiféala uirthi amach ar an idirlíon.  Fiú ansin d'fhoghlaim mé níos mó faoin gceist ná ba mhian liom, agus mhothaigh mé smeartha dá bharr, míchompordach amach is amach. (Is deacair an luathbhreith lochtach a sheachaint, fiú nuair nach mbaineann an cheist a bheag ná mór le duine). Bhí, is cosúil, ól agus collaíocht i gceist. Gné amháin den scéal a chuireann soir ar fad mé i gcás mar é ná an caoi a chaitear le bean i gcás mar é mar bhodóinseach agus striapach - ach le fear mar stail agus bullaí fir.

Cuireann na meáin sóisialta le scaipeadh clúmh mín an bhéadchaint; agus coscann na gnáth-mothúcháin comhbhá agus carthanacht. Níl aon leigheas agam air; níl mé féin saor ar an fiosracht mallaithe a chuireann i mbaol mé féin ag smearadh le pic an ghráin seo.