Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-10-20

Tarraingíonn scéal scéal

B'é Pádhraic Ó Ciardha a thug léacht Mhic Ádhaimh ag Éigse Loch Lao  ‘Spéir Ghorm na Scéalaíochta: Baol nó Deis dúinn?' a bhí mar théama aige agus é ag labhairt, mar a dúirt sé féin, ara shon féin seachas mar leas cheannasaí TG4.
Chuir sé íomhá spéisiúil romhainn mar fhráma tagartha dá chuid cainte. Seisear ban óg ón Spidéil. Triúr acu sa bhaile, triúr in Íochtair an Domhain. Iad ag teacht le chéile ag am áirithe chun faire ar scáileán mhór ar Ros na Rún  - agus iad ag cumarsáid le chéile ag baint feidhm as scáileáin bheaga! Labhair sé freisin ar Chré na Cille an Chadhnaigh. Scéal a thosaigh amach mar  shraith altanna nuachtáin i Scéala Éireann. Rinneadh leabhar as ansin, leabhar mar a dúirt Pádhraic "a cheannaigh na mílte agus a léigh na céadta" (Táimse i measc na céadta sin!). An ndearna an gníomh sin úrscéal as? Ní dóigh le Pádhraic go ndearna. Chuir an scéal dhá chló eile ar féin - Dráma Raidió  agus ansin scannán.(Ó shin dar ndóigh rinneadh Giolcdhráma as)
Thagair Pádhraic ansin don bhfíric gurbh as an log céanna do mhuintir John Ford agus do mhuintir an Chadhnaigh. Cá bhfios, mar sin, ach an stair a bheith rud beag éagsúil gur scannáin a bheadh déanta ag Ó Cadhain, agus macasamhail Cré na Cille scríofa ag Forde?
Táimid ag insint scéalta ó tháinig ann dúinn, ar ndóigh - molann Terry Pratchett Pan Narrens, ápa inste scéil mar ainm ar ár gcine.
Beidh scéalaíocht buan, cé go n-athróidh na modhanna; sa mhéid sin táim ar aon fhocal le Pádhraic. Is dóigh liom áfach go bhfuil sé ró luath deireadh an leabhair ná an úrscéal a fhógairt. Seachas rud ar bith eile, is é an modh is buaine atá ann chun eolas, agus scéalta, a chuir i dtaisce chun go mbeidh teacht orthu. Maireann leabhar na céadta - na mílte bliain. Téann teicneolaíocht dhigiteach as feidhm go gasta!
Ach níl aon cheist ach gurbh cainteoir cumasach é Pádhraic. Scéalaí!