Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-03-04

Ní Ceadmhach Neamhshuim

Níl cuil, níl leamhan, níl beach
Dar chruthaigh Dia, níl fear,
Nach dualgas dúinn a leas,
Níl bean; ní ceadmhach neamhshuim
A dhéanamh dá n-imní;
Níl gealt i ngleann na ngealt,
Nár chuí dhúinn suí lena ais,
Á thionlacan an fhaid
A iompraíonn thar ár gceann
Ár dtinneas-ne ‘na mheabhair.

Níl alt, níl sruth, níl sceach,
Dá iargúlta iad, níl leac,
Bídís thuaidh, thoir, thiar nó theas,
Nár cheart dúinn machnamh ar a suíomh
Le gean is le báidhíocht;
Dá fhaid uainn Afraic Theas,
Dá airde í gealach,
Is cuid dínn iad ó cheart:
Níl áit ar fuaid na cruinne
Nach ann a saolaíodh sinne.
Seán Ó Riordáin

Nuacht an lae faoi chúrsaí suaite na hÚcráine, nach dtuigim agus go bhfuilim amhrasach faoin iontaofacht na nuachta, ach a chuireann imní mar sin féin orm, a mheabhraigh an dán seo dom.