Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-06-29

Camchuairt cois cósta

Deirtear gurbh meánaois an tráth a bhabhtálann aigne leathan agus coim seang a n-ionad. Baol dá réir do mo leithéidí nach mbíonn sách aclaí titim chun feola. Thapaigh mé an deis inniu mar sin nuair a bhí gnó ag mo bhean i gCuan Bhlóic chun tabhairt faoi siúlóid cois chósta. 
Thosaigh mé amach ag súil sráideanna rachmasacha Deilginis agus Chill Iníon Léinín, áit a mbíonn na radhairc áille ceilte laistiar de bhallaí arda dúnárasacha na mboic móra, lena geataí doicheallacha faoi chód rúnda. Ainmneacha bréag-ghalánta iodálacha nó impiriúla ar na sráideanna agus ar mór chuid na
dtithe, cé go bhfaca ainm Gaeilge anois is arís - Teach Muire, Tobar agus araile - agus ceann amháin Rarc-an-Inis.

Ach is áit poiblí Cuan na Coille Móire agus sa bhreis ar sin tá páirc beag poiblí píosa siar uaidh, a théann síos chun na farraige. Bhí mé in ann lán mo dhá shúil a bhaint as Deilginis mar sin, a bhí lonrach faoi ngrian.
Lean mé orm suas Bóthar na Coille Móire go Bóthar Vico, na tithe ag dul i rachmais fán mbealach. Ach taobh na trá poiblí - cúpla áit snámh ann - Aill an tSeabhaic agus Trá na Carraige Báine. Is ansin a chonaic mé an fógra thall - a léiríonn an dóigh a ghlacann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a ndualgais faoin Acht Teanga dáiríre. Cód Thrá iomlán as Gaeilge ar thaobh amháin den fhógra, agus as Béarla ar an dtaobh eile. Comhéid, comhchló.
Lean mé orm suas bóthar Vico chomh fada le teach Bono - atá ceilte go maith laistiar de bhallaí arda ach a bhfuil a suíomh nochtaí ag scríbhinní lucht adhartha leasdia seo an cheoil agus na carthanachta poiblí - tá na fógraí bóthair agus go háirithe na cláir admhaid laistigh dá gheata clúdaithe le impí, adhradh agus moladh!
Ag imeall a fhearann siúd tá lána chrochta síos chun an chladaigh, agus is cois cladaigh a shúil mé as sin amach.
Trá Chill Iníon Léinín i dtosach, trá a bhfuil gannchuid gainimh is mórchuid duirlinge air, ach a bhíonn tarraingt mhór air agus gardaí tarrthála ann. Tá sé feicthe i bhfad níos plódaithe ná mar a bhí inniu agam! De réir mar a leanann an chladach ar aghaidh ó dheas is i ngairbhe a théann sé.
Clocha móra duirlinge, agus aillte cré ag an imeall - iad síoraí á gcreimeadh ag an bóchna. Ní dócha gurbh aon chabhair iad poill na gabhláin gainimhe sna haillte céanna!
Anseo is ansiúd feictear cnap mór stroighin agus clocha tríd - iarrachtaí teipthe an chreimeadh a chosc, creimeadh atá ina shíor bhagairt don bóthar iarainn atá cois cladaigh, agus an líne bogtha cúpla uair cheana.
Sna 1980í is cuimhin liom an cladach ag Seanchill a shúil le mo sheanmháthair, a dheis lámh Dé go raibh a hanam. Bhí cónaí uirthi i Seanchill i trian de seanteach mhór. I ndiaidh do mo sheanathair bás a fháil i 1980 chaith mé tréimhsí fada san teach léi, agus ba mhinic ag siúl muid.
Is cuimhin liom na céadta blúire gloine, snasta ag an bhfarraige a bhailiú. Rinne na samhlaíocht na hóige seoda astu, na clocha beaga lonracha bána, donna, oráiste, uaine agus níos ainimhe, gorma. Ní raibh siad fairsing inniu ar chor ar bith - le forleathnú an phlaisteach tá athrú ar an dturscar agus gloine gann san bruth faoi thír!

Bhí an cladach ag éirí níos gairbhe, na clocha níos mó, agus an trá níos caoile. Bhí mé sásta Brí Chualann a bhaint amach faoi dheireadh, tar éis siúlóide 2 1/2 san iomlán. Bhí, dar ndóigh, mo bhus imithe. Ach thug sin deis dom caife sioctha a ól ag an stáisiún. Ba mhithid.