Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-07

Scolaíocht do chách, agus imeascadh

Tá leabhar foilsithe ag ceannaire Ioslamach in Éirinn ag éileamh cuíchóiriú ar an oideachas chun teacht lena léamh seisean ar an Ioslam. Bhí alt san Irish Times faoi, agus as sin d'eascair comhrá ar Twitter ina raibh mise agus Réaltán páirteach. Níl Twitter oiriúnach chun ceisteanna casta a phlé, mar sin shoiléirigh Réaltán a tuairimí sa bhlagmhír seo.

Tagaim le cuid mhór dá bhfuil á rá aici; seachas go bhfeictear dom féin gur cuid den saoirse creidimh do chreideamh a chraobhscaoileadh, agus teacht le chéile le daoine eile d'fhonn do chreideamh a chuir i gcrích - san oideachas freisin.

Tá gá le comhghéilleadh ar ndóigh, go háirithe i pobail atá ag claochlú. 

In Éirinn, faoi láthair, tá pobail ag tarraingt chugainn ó gach cearn den cruinne. Sciar suntasach Moslamach ina measc - ach ní haon bloc aontaithe iad, beireann siad leo a gcultúir féin, agus san áireamh ansin tá na scoilteanna san Ioslam, scoilteanna a mbíonn iarmhairtí sách fuilteacha leo.

San am céanna tá na tuiscintí a bhíodh abhus - leagan monailiteach cléireach den Caitliceachas ag titim as a chéile (agus ainneoin gur pápaire neamh-leithscéalach mé, sílim gur maith sin mar gur chuir sé idir Eaglais agus Stát as a riocht).

Ar fud na hEorpa tá gluaiseacht piúratánach Ioslamach ag treisiú; agus is iadsan freisin an dream atá sáite in uafáis an Stáit Ioslamach san Siria agus san Iaráic.

Tairiscíonn an dream seo cinnteacht, líne soiléir idir "muide" agus "iadsan" atá tá tarraingteacht dóibh siúd a mhothaíonn éiginnteacht - agus tá siad ag mealladh deisceabail nua ó aosánaigh san Iarthar, chomh maith le sliocht na pobail a tháinig soir agus nár éirigh leo riamh imeascadh ceart a dhéanamh abhus. Mar shampla, bhí scéal san FAZ faoi dream a chuaigh tríd baile sa Ghearmáin, ag tabhairt Póilíní Sharia orthu féin agus ag scaipeadh bolscaireacht - agus más fíor na tuairiscí ag cur bac ar dhaoine dul ag rince. Sven Lau, iompaitheach Gearmánach, ceannaire na buíne.

Sin an comhthéacs don méid a bhí mise ag iarraidh a rá - go bhfuil gá le comhghéilleadh áirithe sa chóras oideachas abhus a chuireann fáilte roimh saoránaigh nua Moslamacha, gan tuiscintí abhus a scaoileadh le sruth.

Níl réiteach iomlán na faidhbe agam agus tuigim - agus roinnim go pointe - goimh Réaltáin maidir leis an íomhá de mhná a léiríodh san alt san IT. Is cosúil go bhfuilimid fós sáite san tuiscint gurbh ar an mbean atá an fhreagracht as drúis na bhfear a smachtú! (Ar an lámh eile úsáidtear colainn mealltach mná chun bréagán na mbuachaillí mór a dhíol - agus fiú taos fiacla)

Tá bóthar fada le dul sula mbíonn comhionannas ann; agus caithfear modh oibre a bheith ann le éagsúlacht a cheadú gan scoilteadh, ach fós féin an meas is dual a thabhairt dó chách.

Ba mhaith liom go bhfeadfadh duine bheith ina shaoránach mórtasach Éireannach, ach freisin bheith in ann an chuid is fearr dá chultúr sinseartha a bhreith leis.

Thar aon rud eile, tá ga le plé!