Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-06-15

Diabhlaíocht Mhichíl

Dar leis an mblurba ar an leabhar seo:
Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.
Beidh fhios ag léitheoirí an  bhlaga seo nach dtiteann mise go ró mhaith i ceachtar catagóir thuas. Bhíos measartha míchompordach dá brí sin le scéalta a bhain macallaí láidre as scéalta an tSeantiomna ach gurbh cosúla an Dia iontu le samhail Shakespeare i Rí Lir:
As flies to wanton boys are we to th' gods.
They kill us for their sport.
Cheil sin cuid de phléisiúir na léitheoireachta orm go dtí gur éirigh liom an ealaíon a fheiceáil agus tuiscint nach an doiscéal de réir Micheál a bhí anseo agam ach obair osréalach ficsean, draíocht ag caitheamh léargas ar an duine agus a chaidrimh.

Ní taobh le macallaí ón mBíobla atá cumadóireacht Mhichíl; d'aithin mé féin macallaí ó na hamhráin agus an bhéaloideas agus táim measartha cinnte go ndearna sé a chuid féin de mhiotais cultúir eile freisin - tá scéal ann faoi gadhar a thóg cailín mar shampla a mheabhraigh scéal Romulus agus Remus dom. Seachas Dia, tá Lazaras, Iúdás agus pearsana eile sna scéalta. Tá casadh úr bainte as gach scéal acu (cé gur mheabhraigh scéal Lazarus scéal Uí Chonaire dom).

Scagadh osréalach ar an bheith daonna, ar chaidreamh, collaíocht agus spleáchas.

Dosaen scéal san iomlán atá sa chnuasach, máistreacht ar teanga agus ábhar mar is dual don údar. Táirge ealaíonta atá san leabhar féin, pictiúr de chuid Séan Ó Flaithearta.

Le bheith ionraic, ní hé an cineál scéalaíochta is fearr liomsa atá ann, ach níl aon cheist faoi chumas an údair, agus ní bheadh drogall ar bith orm an leabhar a mholadh dóibh siúd a dtaitníonn samhlaíocht scaoilte den iall leo!

Diabhlaíocht Dé
Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht,
Tagairt: 9781784441265