Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-08

Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal

B'é Tadhg a scríobh agus a rinne reacaireacht ar an gclár teilifíse Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal de chuid Sónta. Chonaic mé an clár tamall siar agus thug mé an suntas dó - bhí sé gleoite.
Ní raibh an oiread sin eolais agam ar Raiftearaí - go deimhin níl mórán dá chuid filíochta léite agam. Chuir mé spéis i Seanchas na Sceiche atá ar fáil i leabhar Vincent Morley Ó Chéitinn go Raiftearaí:
Tá roinnt dá chuid amhráin cloiste agam, go minic i gan fhios agam gurbh eisean a scríobh.
Is éard atá sa duaisleabhar ná an taighde bunaidh a rinne Tadhg don gclár, agus scagadh spíonadh agus doimhniú déanta air. Mar a dúirt sé féin chuir sé roimhe scéal Raiftearaí a reic ó bhreith go bás. Tá sé seo déanta ar bhealach an éifeachtach, é ag leagadh romhainn na foinsí agus an fhianaise a d'aimsigh sé sa bhfilíocht, sa bhéaloideas nó i saothair dhaoine a threabh an iomaire seo roimhe. De bhrí gur fianaise thánaisteach ar fad geal leis, tá tábhacht leis an scagadh agus meá a rinne Tadhg ar an eolas, agus roinneann sé linn a bhreith ar an bhfianaise agus an fáth go bhfuil glacadh aige le scéalta thar a chéile.
Rianaíonn sé tús a shaol, an galar a d'fhág radharc na súil lag nó imithe, an caidreamh leis an dteach mór a chuir bunús faoina shaol, a thitim amach leo a d'fhág ina fhánaí é sa Ghaillimh i bhfad ó Mhaigh Eo. Tugann sé ana léargas ar a pholaitíocht sheicteach agus a chuir ar son na cosmhuintire caitlicí ina shaothar. Tá scagadh ann ar an iomarbhá fileata leis na \Callannáin.
D'fhoghlaim mé go leor as an leabhar; an t-aon locht a bheadh agam air ná nach bhfuil fáil ann ar na dánta iomláine atá á phlé seachas sleachta astu. Tá réiteach áirithe ar sin, ar ndóigh, mar gur chnuasaigh Ciarán Ó Coigligh na dánta ar fad a leagtar ar Raiftearaí. Ní heol dom an bhfuil teacht ar na dánta eile a luann Tadhg in aon áit ar leith áfach. (Seans go mba cheart dom súil a chaitheamh arís ar an liostaí foinsí a luann sé...)
Leabhar téagartha atá anseo, agus caighdeán maith cló agus dearadh ann freisin. Leabhar atá feiliúnach do mo leithéidí de léitheoir siamsaíochta chomh maith leis an dream a bheidh i ngleic níos dáiríre leis agus staidéar á dhéanamh acu ar Raiftearaí agus a ré.

Tá píosa cainte bhreá déanta ag Tadhg le MTS ar Ardtráthnóna atá le clos anseo.

Táim buíoch de Futa Fata as cóip léirmheastóireachta den leabhar a chuir ar fáil dom.

Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal
Tadhg Mac Dhonnagáin
Futa Fata
ISBN: 978-1-906907-90-7