Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-02-28

Saoirse fánaíochta

Is breá liom bheith ag siúl. Nuair a bhím in Iarthar Dhuibhneach ach go háirithe. Tá méid áirithe bealaí siúl marcáilte, agus tá camchuairt na leithinse - Slí Chorca Dhuibhne - ann. Faraor, tá i bhfad barraíocht de ar bhóithre. Is beag talamh poiblí atá in Éirinn. Fiú sleasa na sléibhte, is cimín in úinéireacht grúpa feirmeoirí mórchuid de. Níl, mar atá ar an mór roinn, nó fiú san Ríocht Aontaithe, cearta bealaigh fairsing ná dlí fánaíochta ann.

Is le déanaí - cúpla glúin - a fuair muintir na hÉireann seilbh ar an dtalamh a shaothraíonn siad agus íocadh praghas ard i streachailt agus allas agus airgead freisin as. Fágann sin dearcadh láidir, colgach go minic ag úinéirí talún a bhfuil a gcuid talún tarraingteach do shiúlóirí. Is furasta deá thoil a ídiú.

Ní chabhraíonn sé gan amhras gur lucht cathrach mórchuid de na siúlóirí, dream atá gan ar thuiscint go minic ar eallach agus barraí.

Tá ceart siúl achrannach dá réir agus gan aon amharc ar réiteach fónta. Ní chuidíonn cásanna cúirte faoi timpistí ina éilítear cúiteamh ard. Bhí cás dá leithéidí sna cúirteanna le déanaí. Chaill an t-iarratasóir ar deireadh, ach bhí an cás ag dul ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. Thuigfinn ar dhóigh don feirmeoir a mheasann gurbh fearrde dó cead siúl a dhiúltú agus fanacht glan ar achrann. Is mór an trua é, áfach.

Bhí orm an turas seo mo bhealach a dhéanamh tráthnóna Aoine ón mBuailtín chomh fada le Tig Áine ar an nGráig. Thaispeáin an léarscáil atá agam slí Chorca Dhuibhne ag leanacht an chósta ó Bhaile an Challa go Cloichear. Bhí fonn orm an píosa sin a shiúl - ní raibh sé siúlta cheana agam. Ar aghaidh liom mar sin, ainneoin na gaoithe. Ach agus mé ag Baile an Challa bhí na fógraí do mo threorú ar ais go dtí an príomhbhóthar. Chas mé ar ais, ag ceapadh go raibh botún déanta agam. Ach ní raibh rian de thús an bhealaigh.

Bhuail mé bleid ar fear amuigh lena mhadra, agus dhearbhaigh sé an rud a shíl mé - bhí an cosán a bhí ar mo léarscáil múchta, toisc gur dhún feirmeoir cúpla gort.

Ní raibh fonn achrainn orm, agus bhí mé ar tí aghaidh a thabhairt ar an príomhbhóthar le croí trom; ach thairg sé dom mé a thionlacan thar an bpíosa iata.

Táim fíor bhuíoch go ndearna. Bhí siúlóid iontach sceirdiúil agam fán gcósta, is chonaic mé an eas.

Ar ámharaí an tsaoil tá lúb leagtha amach ag an gcomharchumann chun an gcuid is fearr a fheiceáil - Slí Chuas na nEighe - a thosaíonn ag Cloichear. Mar sin féin is trua an bhealach a bheith iata.

Agus is mór an trua gan cead siúl ar bith a bheith ar Cheann Sibéal agus na Triúr Deirfiúr.

Ba mhithid teacht ar shocrú stuama.

Ar ndóigh ar mo shiúlta bhí fadhb eile soiléir - creimeadh cósta. Déardaoin shiúl mé giota den mbealach ó Béal Bán go Baile an Reannaigh- cuid mhór den bealach ite ag an bhfarraige agus bheadh sé deacair é shiúl ag lánmhara.

Ach táim buíoch go bhfuair mé an deis!

(Siúlóid Déardaoin gorm agus Aoine dearg ar an léarscáil thíos)

2017-02-27

Scoil Cheoil an Earraigh

Níl nóta ceoil agam féin. Ar ámharaí an tsaoil is le mo bhean, a bhfuil féith láidir an cheoil inti, a chuaigh ár gclann. Rinne, agus déanann, sí cúram ar leith dá n-oiliúint agus iad bainteach le Comhaltas Ceoltóirí le fada. Bíonn sí ag taisteal leo freisin.
Tá mac linn ina phíobaire agus ag dul do chéim sa cheoil.
Tá iníon linn, atá deich mbliana d'aois, ag dul don bhfidil le roinnt blianta. Le déanaí thug sí faoin mbosca ceoil.

Bhíodar siúd ar an mBuailtín cúpla uair cheana, ag Scoil Cheoil an Earraigh, ach ní raibh mise leo. I mbliana áfach bhí fonn orm cúpla lá faoin dtor a chaitheamh. Chuaigh an triúr againn - mo nuachar, m'iníon is mé féin, siar ó dheas dá réir de Céadaoin beag seo.

Bhí tig saoire ar chíos againn i bpáirt le teaghlach eile ar Bhaile an Éanaigh, cúpla nóiméad sa charr agus thart ar leathuair coisíochta ón mBuailtín.

Bhíomar ann faoi lár an tráthnóna ar an gcéadaoin, am againn dinnéar a réiteach ar ár suaimhneas roimh aghaidh a thabhairt ar an Ionad Gaeilge agus Gaeltachta, foirgneamh breá nua atá tógtha le cúpla bliain anuas ag an gComharchumann ar imeall an sráidbhaile.

Bhí slua maith cruinnithe don oscailt oifigiúil, áit a raibh beagán cainte (as Gaoluinn, aistrithe go comhuaineach go Béarla) agus móráin ceoil. Ceoltóirí de chuid na háite - lena n-áirítear Steve Cooney agus Breandán Ó Beaglaoich. Ach bhí daltaí scoile agus meánscoile ann freisin. Fear siúlach é Breandán Ó Beaglaoich, agus is cosúil go gcnuasaíonn sé ceoltóirí ar a shiúlta. Bhí triúr ceoltóir mná ón Eastóin ann ar feadh na seachtaine, agus beirt ó Asturies a casadh ar Bhreandáin agus a chomrádaithe agus iad ar Chamino na Sáile.

Bhí m'iníon tuirseach, mar sin níor fhan muid go raibh deireadh ceolta ná ní dheachaigh mé síos an bhaile - ach shamhlóinn go raibh oíche go maidin ag roinnt agus fraitheacha tábhairní an Bhuailtín á ardú ag ceol.

Bhí m'iníon ag freastal ar ranganna bosca ceoil ar maidin ó Déardaoin go Satharn. Ranganna a bhí faoi stiúr Bhreandáin Ó Beaglaoich. Bhí ceol le clos as gach cúinne de fhoirgnimh an Chomharchumainn, as Scoil Náisiúnta Baile an Fheirtéaraigh, agus as cúinní eile ar fud an Bhuailtín. Chuala go raibh 200 idir óg agus aosta cláraithe sna ranganna éagsúla, réimse leathan uirlisí agus gan amhras amhránaíocht clúdaithe. Ceoltóirí móra le rá na hoidí - Steve Cooney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Eithne Ní Chatháin, Paidí Mharthain Mac Gearailt agus daoine nach iad.

Seachas bheith iomlán díomhaoin chaith mise na maidneacha ag ciorcal comhrá faoi stiúr Danny Sheehy. Bhí meascán spéisiúil daoine ann, idir nuachainteóirí líofa, foghlaimeoirí agus roinnt de mhuintir na háite. Bhí allagar spéisiúil ann.

Rinne mé roinnt siúl freisin, ach seans go mbeidh blagmhír dá chuid féin aige sin.

Tráthnóna Déardaoin seoladh CD de chuid Saileog Ní Cheannabháin, meascán amhrán is ceoil Tí Bhric. Díreach sna sála ar sin bhí seisiúin amhránaíochta. Bhí go leor páistí is daoine óga páirteach ann, mná na hEastóine ina measc.

Istoíche bhí ceolchoirm in ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. Ar ámharaí an tsaoil bhí ticéid curtha in áirithint againn, mar bhíothas ag cuir daoine ó dhoras.

Bhí ceoltóirí éagsúla ar stáitse. Cuisle láidir ceoil Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Ceol ar an bpianó ó Saileog Ní Cheannabháin. Cláirseach uasal Laoise Kelly. Bosca ceoil bhríomhar Danny O'Mahony, le tionlacan phianó ó Patsy Broderick.

Dé hAoine chraol An Saol ó Dheas ó ionad an chomharchumainn, agus bhí mé i láthair. Féasta eile ceoil a bhí ansin agus na ceoltóirí áitiúla agus ó i bhfad i gcéin páirteach.

Ina dhiaidh sin thug mé aghaidh ar Thig Áine sa Ghráig. Bhí an teach ag cur thar maoil le ceoltóirí óga - páistí don gcuid is mó, i mbun seisiún faoi stiúir éadrom cúramach ag Breandán Ó Beaglaoich. Casadh go leor amhráin, cuid acu ag leanaí a shilfeá nach raibh caint acu ró fhada! Ardú croí ab ea é.

Ghlac muide oíche Aoine saor, ach bhí an teaghlach eile in ionad an Bhlascaoid ag ceolchoirm a bhí tiomnaithe don bpíobaireacht. Píb uilleann, agus píob mhór Asturias agus na hEastóine. Bhaineadar sult as an dtaispeántas.

Tar éis na ranganna maidin Satharn líonadh sáipéal an Bhuailtín le ceoltóirí do cheolchoirm na ndaltaí. Bhí gach rang faoi seach sna binsí, agus sheinn siad port nó dhó; idir eatarthu sheinn duine de na hoidí roinnt ceoil agus cuireadh clabhsúr leis le sciar maith de na ranganna ag seinm le chéile.

Chuaigh mé féin ar siúlóid oidhreachta feadh trá Béal Bán go Dún an Óir faoi stiúir Danny Sheehy arís fad is a bhí m'iníon ag glacadh páirt i máistir cheacht ar an bhfidil le Iarla Ó Domhnaill.

Oíche Satharn bhí Halla na Feothanaí lán do cheolchoirm inár sheinn go leor de na múinteoirí. Bhí sé deacair spás a thabhairt don réimse leathan tallainne ó Claisceadal na Pobalscoile go Steve Cooney. Chuir mná na hEastóine sciar den lucht féachana ag rince i nathair fada tríd an halla. Faraor de bhrí go raibh sé ag éirí déanach bhí orainn imeacht gan deis a fháil muintir Asturias a chlos.

Maidin Domhnaigh d'éist mé aifreann le tionlacan Cór Chúil Aodha, leibhéal eile ceoil.

Ardú croí ab ea an turas ar fad dom, idir tírdhreach, ceol agus go háirithe an líon mór daoine óga a bhí ag foghlaim agus ag ceol agus ag amhrán.

Measaim go mbeimid ar ais!

2017-02-21

Imbolc 2017: Fís Filíochta

An scannánaí Dónal Ó Céilleachair a chuir clabhsúr le cainteanna Imbolc.

Cé gur as Magh Chromtha dó, chaith sé sealanna fada i mbun oibre i Nua Eabhrac agus Beirlín, ar thóir aisling na filíochta a spreag scannán le Wim Wenders ann sna 1980í. Bhí lá faoin dtor a chaitheamh aige, mar ba iondúil dó, i bpictiúrlann an Lighthouse - a bhí bídeach an uair úd. Thaispeáin siad Der Himmel über Berlin scannán samhlaíocht finscéalach (Wings of Desire an teideal Béarla). Chuaigh an scannán go mór i bhfeidhm air agus ó shin tá sé i mbun scannánaíochta agus sa tóir ar an áit ina bhfuil filíocht.

Léirigh sé a chuid cainte le blaiseadh óna shaothar féin, turgnamhach agus eile. Léirigh sé giotaí as saothar Wenders freisin.

Faoi dheireadh, tar éis fánaíocht agus printíseacht fhada i Nua Eabhrac agus áiteanna eile, bhí deis aige filleadh ar a fhréamhacha i Múscraí agus seal a chaitheamh mar ealaíontóir cónaitheach san Ionad Cultúrtha.

D'eascair roinnt saothair suntasacha as sin, ceann le leanaí scoile na háite.

Cuireadh clabhsúr le cuid foirmeálta Imbolc le léiriú dá scannán faoi ealaíontóirí, idir muintir na háite agus muintir a tháinig isteach, agus tionchar an tírdhreach orthu - Ó Dhúthaigh Mhúscraí.

Measaim go bhfuil áit na filíochta do féin aimsithe faoi dheireadh aige, san dúthaigh céanna! Ní haon díol iontais sin mar tá dúlra agus daoine tagtha le chéile ar bhealach ar leith ann le fada.

Nóta scoir: sé Dónal a rinne scannánú ar Camino na Sáile, faoi thuras naomhóg na tinte go Santiago. Táthar á chraoladh ar TG4 faoi láthair ar an Domhnach.

Imbolc 2017: Cad chuige airgeadas?

Ba ar chrann Ciarán Mac an Bhaird a thit sé muid a thabhairt ar ais ón cianspás, rud a rinne sé le léargas spleodrach tintrí ar an ngéarchéim dhomhanda baincéireachta a chuidigh go mór leis an ainriocht ina bhfuilimid.

Ar ndóigh bhí cúiseanna logánta - sna bainc abhus ach freisin i struchtúr airgeadais an stáit - le tionchar na géarchéime orainn.

Mar sin féin, calcadh an chóras airgeadais de bharr teip Lehmann a chuir an lasair sa bharrach.

Dar le Ciarán, tá ár gcóras airgeadais fós leochaileach. Tá níos lú iomaíochta i gcóras na bainc ná mar a bhí roimh an tubaiste. Níl na laigí rialacháin leigheasta. Tá sé deacair ar an bhfíor geilleagar, lucht tionsclaíochta, teacht ar mhaoiniú.

Is é a mholadh siúd, le hais neartú rialacháin, ná deis a thabhairt don earnáil neamhbhrabúsach, mar shampla na Comhair Creidmheasa, dul in iomaíocht leis na bainc chun comórtas a chinntiú.

Faoi láthair is roinnt na caillí mar is áil léi féin atá ar bun ag na bainc, bainc atá mór i gcoibhneas leis an geilleagar - agus atá fós ann de bhrí gur ghlac an cáiníocóir a gcaillteanas orthu féin.

Níl barántas nach dtarlódh tubaiste arís. Níl na fadhbanna struchtúrtha réitithe.

Bímis aireach!

2017-02-20

Imbolc 2017: Deannach na Réalta


Dúshlán atá ann i gcónaí caint a thabhairt tar éis don lucht éisteachta lón maith mór a bheith ite acu, mar atá ar fáil sa Chrúiscín Lán i mBaile Bhúirne.
Léirigh Ruth McAvinia áfach go raibh sí breá ábalta an dúshlán a shárú lena caint dárbh teideal 'Is leatsa an chosmas'. 

Rinne sí trácht ar obair eolaíochta an Gníomhaireacht Spáis Eorpach, obair ina raibh sí páirteach ar feadh roinnt blianta. Ag scaipeadh eolais ar an bpobal a bhí sí, cuid riachtanach den eolaíocht. Tá baint aici fós leis an Ollscoil Idirnáisiúnta Spáis, scoil samhraidh idirdhisciplíneach a mbeidh teacht le chéile acu i mbliana i gCorcaigh. 

Tá Éire páirteach i misin eolaíochta ESA. Thug Ruth léargas ar chuid de na misean is suntasaí - ina measc an misean Rosetta a chuaigh go domhain isteach sa spás agus a chuir trealamh ar choimeád. Ba trealamh Éireannach a chuir an nasc cumarsáide ar fáil idir an máthar-árthach Rosetta agus an tuirlingtheoir Philae. 

An comhlacht a bhfuilim fostaithe leo, CAPTEC, a rinne forbairt ar an mbogearra don trealamh sin; bhí agus tá an comhlacht gníomhach freisin i promhadh agus deimhniú neamhspleách bogearraí. D'oibrigh mé féin ar na satailítí Herschel agus Planck, a rinne iniúchadh ar an spás le teileascóip ar leith. De bharr luas srianta an tsolais, is ionann iniúchadh íogair mar sin agus féachaint siar san am.  Táimid faoi láthair ag obair ar roinnt misin eile, mar atá scata comhlacht eile as Éirinn. 

Ceann suntasach a luaigh sí ná Enbio atá tar éis bealach nuálach a fhorbairt le miotail a chlúdach le dath. Tá sin riachtanach don scáth gréine a bheidh in úsáid ar an árthach Solo a bheidh ag dul an ghar don ngrian chun iniúchadh a dhéanamh air. Tá gá le scáth gréine an-éifeachtach leis na huirlisí a chosaint ó fhuinneamh na gréine.(Tá mé ag obair ar phromhadh bogearraí an árthaigh seo faoi láthair)

Táimid ar fad ag íoc as na hiarrachtaí seo. Ar ndóigh, níl ach luach ticéid pictiúrlanna de chostas ar an saoránach aonair; ach spreag Ruth muid le spéis a chuir sna torthaí eolaíochta, mar go bhfuil go leor le foghlaim astu a fhónann don saol le hais an pléisiúr intleachta atá le fáil astu. 

Deannach na réalta muid, dar léi, agus is d'ár n-oidhreacht an eolaíocht atá á chnuasach sa spás. Ba thrua bheith dall air.

Imbolc 2017: Ceolta Sí

Bíonn ceolchoirm an oíche roimh cainteanna Imbolc, agus labhraíonn an ceoltóir an lá dar gcionn.

I mbliana seal Chaoimhín Uí Raghallaigh a bhí ann. Tá cáil ar Chaoimhín as an stíl ar leith atá aige, agus tóir dá réir air mar cheoltóir agus oide.

Don gcuid is mó is ar uirlis ar leith a sheinneann sé - uirlis nach ann dá mhacasamhail go bhfios dom. Gaolta leis an Viola d'amore, ach le cúig sreang. Cúig sreang tánaisteach curtha leis ar mhodh Hardanger. Hardanger d'Amore a thugann sé féin air.

Is beag mo scil féin i gcúrsaí ceoil agus níl an foclóir agam le cur síos a dhiongbhála a thabhairt ar an fhuaim dhomhain shaibhir uathúil a d'fháisc sé ní hamháin as an Hardanger ach freisin as gnáth fidil - ach tiúnadh ar leith déanta aige uirthi. Mheall sé ceolta sí as gnáth feadóg stáin fiú.

Is minic ceoltóirí traidisiúnta anois ag dul i muinín na teicneolaíochta chun cabhrú leo. (Bhí cúpla gléas ag Colm Mac Con Iomaire ag Imbolc cúpla bliain ó shin ar thug sé an Recession Quartet orthu agus ar bhain sé feidhm astu le comhcheoil a dhéanamh leis féin)

Bhain Caoimhín feidhm as an mionríomhaire oiliúna Raspberry Pi, agus ríomhchlár a scríobh sé féin chun fuaim níos suntasaí fós a chruthú i seit amháin dá chuid.

Tá teacht i láthair ar leith ag Caoimhín, é éadromchroíoch, lúthchosach, gealgháireach. Shilfeá gur rince in áit siúl a ghnáth mhodh taistil, é mar lasair éadrom ar stáitse ag fuineadh ceol diamhair.

D'éirigh leis ar an Satharn roinnt dá chré ceoil a roinnt linn, agus spléachadh éigin a thabhairt fiú do mo leithéidí atá caoch ar sheinm.

Tumadh i sruth an cheoil a mhian, ag eitilt isteach is amach as scafall an phoirt seachas scéim réamhcheaptha a leanacht go dlúth.

Luaigh sé focail fhidléara eile, gurbh ionann agus inneall an oirfideach a sheinneann an port céanna ar an dóigh céanna faoi dhó.

Ainneoin sin mhínigh sé go dtig leis - mar atá léirithe aige san méid atá taifeadta aige - comhcheoil a dhéanamh le ceoltóirí eile ach comhbhá a bheith eatarthu a ligeann dóibh an rince céanna a dhéanamh leis an bport.

Agus sin mo lag iarracht cuid dá dhraíocht a cheapadh i bhfocail. Beidh an físeán ann ar ball ar shuíomh Imbolc, rud a thabharfaidh léiriú ceart!

2017-02-18

Buaigh 5 X €100 de Leabhair do Leabharlann do Scoile le Futa Fata

‘AN BILLIÚNAÍ BEAG’ LE DAVID WALLIAMS AR FÁIL GO LUATH!

Nuair a d’fhógair muid roimh Nollaig go raibh muid ag obair ar leagan Gaeilge de scéal David Walliams, Billionaire Boy, bhí iontas orainn faoin méid suime a cuireadh ann. Tá aistriúcháin go leor den chineál seo foilsithe le gairid i nGaeilge, ina measc eagráin Futa Fata den Diary of a Wimpy Kid – ach is léir dúinn go bhfuil an-suim ag an bpobal iontu.
 
Agus muid ag obair ar an Wimpy Kid, bhí dúshlán ar leith ag baint le Gaeilge a chur ar an teideal. Theastaigh cúnamh uainn agus thairg muid beart leabhar mar dhuais. Cuireadh an-suim sa chomórtas agus bhí muide an-sásta leis an teideal a tháinig as: Dialann Dúradáin.
 
Ní raibh an dúshlán céanna ag baint le Billionaire Boy, ach bhí gné amháin den obair aistriúcháin a bhí deacair. Is breá le David Walliams liostaí greannmhara a chur san áireamh ina chuid scéalta. Ní heisceacht ar bith é an ‘Billiúnaí Beag.’
 
I lár an scéil sin, tá trácht ar mhúinteoir a bhfuil ainm aisteach air. Déanann an t-údar liosta ainmneacha a mbeadh an scoil ar fad ag magadh faoi, dá mbeadh ceann ar bith acu ar mhúinteoir. Seo cúpla sampla ón liosta:
  • Bea O’ Problem
  • Neil Down
  • Doris Closed

Bhí sé dodhéanta na hainmneacha sin a aistriú, mar sin chum muid ár gcuid féin. Seo cuid acu sin:
  • Neil May Gomaith
  • Jay Suí-Bí
  • Tom Aodh Tuirseach

Bhí 49 ainm ar fad le cumadh agus tá muid sásta go maith lenár liosta. Ach seo an cheist: an bhfuil SIBHSE in ann cuid nua a chumadh, cuid níos fearr ná na cinn a chum muid féin?

Bí ag smaoineamh agus cuir chugainn do chuid ainmneacha amaideacha via Facebook, Twitter, rphost, post an tseilide, post an cholúir – pé bealach is maith leat. Roghnóidh muid na cinn is ansa linn agus beidh duaiseanna ar fáil. Sea mhuis, 5 x luach €100 de leabhair, ó chatalóg 2017 Futa Fata, beartanna a bheidh le bronnadh ag na mbuaiteoirí ar leabharlann scoile dá rogha féin.

Tá cead ag duine ar bith, idir trí bliana agus 133 bliana d’aois bheith páirteach. Fiú más duine fásta agus más é Bláth Cliath nó Cian Fáth is ainm duit, beidh fáilte roimh do chuid moltaí a fhad is a bhronnann tú na leabhair ar leabharlann scoile má bhuann tu an duais mhór. Tá go dtí meánlae ar an 03 Márta 2017 agaibh. 

Ian Tacharfad! Ar aghaidh libh. Tusa tú féin, Dane Deifir!!!

Seolfar An Billiúnaí Beag i siopa Easons, Sráid Uí Chonaill, 07 Márta 2017 11am.  

2017-02-17

Imbolc 2017: Breith ar an gCúirt Uachtarach

Tá taithí leathan sa bhaile agus i gcéin ag an t-iriseoir Ruadhán Mac Cormaic.  Ach ní raibh saineolas ar an dlí aige nuair a ainmníodh mar comhfhreagraí dlí de chuid an Irish Times é. Mar a dhéanfadh duine gairmiúil, chrom sé ar foghlaim.

Le linn a chuid foghlama d'aithin sé  bearna suntasach sa litríocht atá ar fáil, eadhon nach raibh leabhar ar bith ag plé leis an gCúirt Uachtarach in Éirinn. Chuir sé roimhe an bhearna sin a líonadh.

Thug sé spléachadh ar an méid a d'fhoghlaim sé ina chuid cainte d'Imbolc.

Briseadh le gnás na Breataine ab ea go raibh Bunreacht scríofa ag Saorstát Éireann, agus an Cúirt Uachtarach mar chaomhnóir na bunreachta sin. Ní dheachaigh an briseadh chomh domhain is ba mhian le roinnt, an Príomh Breitheamh Hugh Kennedy san áireamh. Ach is gairm sách caomhach an dlí.

Luaigh Ruadhán tionchar na Cúirte Uachtaraí i SAM ar forbairtí abhus; dlínse eile le bunreacht scríofa ach oidhreacht láidir dlí coiteann na Breataine seachas dlí rómhánach na Mór Roinne.

Luaigh sé cairdeas idir Brian Walsh agus breitheamh thall a raibh ana thionchar aige ar an gcuir chuige gníomhach a bhí ag an gcúirt.

Luaigh sé cás McGee faoi frithghiniúint, nuair a rinne an cúirt breith go raibh ceart príobháideachas ag baint le pósadh ainneoin gan an ceart sin a bheith sonraithe sa bhunreacht.

Tá sé den tuairim gur spreag an cás sin, maille cás Roe vs Wade i SAM an feachtas as ar eascair an leasú ar an mbunreacht chun ginmhilleadh a chosc atá go mór i gceist faoi láthair.

Spreag a chuid cainte go leor allagar. (Agus dá mbeadh roinnt cóip dá leabhar ar díol aige shamhlóinn go mbeadh tóir orthu. Beidh mise á lorg ón leabharlann, amach anseo)

2017-02-16

Maidhm ar cúis tochta é

Is féidir le tuismitheoireacht, ainneoin sonas agus grá a bheith pianmhar. Agus uaigneach. Is measa fós an cás nuair atá deacracht ag an leanbh; agus is seacht measa nuair atá an deacracht céanna ina bhac ar cumarsáid.

San scannán Maidhm éiríonn le Tara Breatnach agus Harry Pender ana léargas a thabhairt ar an ngrá agus an pian i gcaidreamh.

Tá uathachas ar Phádhraic, rud a fhágann gan caint aige chun a mhothúcháin a chuir in iúl - ní chloisimid uaidh ach uaill péine is sceoin. Is beag atá le rá ag a mháthair sa scannán, nach bhfuil ann ach an bheirt acu diomaite de radharc ar an sráid lasmuigh. Radharc amháin a bhfuil croí bhriseadh ar leith ag baint leis, nuair atá an máthair ag faire ar pháiste sláintiúil sona agus a tuismitheoir.

Lena gcolainn agus lena n-aghaidh is mó a insíonn siad scéal seo an ghrá leis an bpian ina orlaí tríd.

Éacht.

Maidhm

Corp an Duine Uasail

Tá scata leabhair bhreátha i nGaeilge á fhoilsiú, ach níl spás ná airgead agam iad ar fad a bheith i mo sheilbh. Agus níl leabharlann ceart ar fáil don nGaeilge. Tá teacht ar sciar áirithe de leabhair i nGaeilge sna gnáth leabharlanna ach teacht orthu.

Anois is arís áfach tagann deis eile i'm threo. Ag an deireadh seachtaine thug mé  'Corp an Duine Uasail' faoi ndeara i gcarr carad. Bhí sé ceannaithe aige ag ceapadh go mbeadh sé - de bharr gur úrscéal graifeach atá ann- oiriúnach do leanaí. Ar ábharaí an tsaoil thug sé spléachadh air sular thug sé dóibh é.

Sciob mise mar léitheoireacht leapain don deireadh seachtaine.

Scéal Zoë atá ann. Beag óg atá ag obair mar 'fáilteoir' - bé botha ag taispeántas, gan de chúram uirthi ach cuma ghleoite a bheith uirthi sna pictiúr. Agus, gan amhras, glacadh le crúbáil ó na cliantaí. Crúbáil a fhulaingíonn sí ar an metro plódaithe abhaile chuig a bodach falsa díomhaoin de leannán, a chaitheann léi freisin mar a bheadh meall feola atá ann lena ainmhian a shásamh.

Ní nach ionadh tá sí cráite ag a saol.

Tagann cor ina saol, buaileann de thaisme le fear agus eascraíonn caidreamh ar leibhéal níos uaisle. Nó an bhfuil?

Baintear cúpla corr cliste eile as an scéal roimh deireadh.

Tá líníocht agus scéalaíocht Pénélope Bagnieu cliste, súil ghéar agus inchinn caolchúiseach aici.

Léitheoireacht éadrom taitneamhach ach lón machnaimh ceilte ann. Aistrithe go cliste ag Darach Ó Scolaí agus sleasainna glice go saol litríocht na Gaeilge ann.

Corp an Duine Uasail
Pénélope Bagieu
€12.00

128 lch; clúdach bog;
ISBN: 978-1-909907-78-2

Imbolc 2017:cáin, cóir ┐ceart

Sorcha Nic Mathúna an dara cainteoir a labhair ag Imbolc i mbliana. Bainisteoir cumarsáide craobh na hÉireann de Oxfam í.

Bunaíodh Coiste fóirithinte ghorta Áth na nDámh sna 1940í nuair a bhí gorta sa Ghréig de bharr cúinsí polaitíochta - léigear de dheasca an chogaidh. Cúinsí polaitíochta is cúis le mórchuid anachain an tsaoil, cé go bhfuil fórsaí an dúlra i gceist. Bíonn na gnáth tograí daonchabhrach ar bun ag Oxfam. Uisce glan agus séarachas sábháilte a speisialtóireacht. Ach tuigeann siad gur leasú pholaitiúil atá de dhíth chun réiteach buan a bhaint amach, agus gur i lámha an phobail áitiúil atá sin. Díríonn siad dá réir ar cabhrú leis na pobail áitiúla dul i bhfeidhm ar a gceannairí.

Is é an dáileadh éagothrom maoine an dúshlán is mó. Tá feabhas mór tagtha ar bhochtanas agus ocras, ach tá constaicí fós chun bia folláin agus cúram sláinte cuí a chuir ar fáil.

Tá nasc idir seilbh a bheith ag líon beag daoine ar sciar ollmhór de mhaoin an domhain agus na deacrachtaí atá ann.
Léirigh iniúchadh de chuid Oxfam go bhfuil oiread maoine i seilbh an ochtar is saibhre agus atá ag an gcuid eile den gcine le chéile.

Tá nasc idir seachaint cánach agus an gcnuasach seo- tá ar chumas lucht an tsaibhris cáin corparáideach nó ioncaim a sheachaint- go dleathach go minic. Titeann ualach táillí agus cáin breis luacha níos troime ar an daibhir, agus is cánacha iad atá dosheachanta.

Ar ndóigh, níl tírghrá ag an gcaipitil. Fadhb dhomhanda is ea seachaint cánach, agus is gá réiteach dhomhanda a aimsiú.

Thug Sorcha ana léargas ar a gcuid oibre, spreagadh agus lón machnaimh gan géilleadh do chlamhsán ná éadóchas.

2017-02-14

Imbolc 2017: Litríocht bhlasta

Ó Aisling Mheic Conglinne go Ross O'Carroll Kelly an teideal a thug Máirtín Mac Con Iomaire ar an gcaint a d'oscail comhdháil Imbolc.

Cócaire agus léachtóir le cócaireacht é Máirtín. Ach is dual athair dó bheith ina cnuasaitheoir béaloidis, agus bhí sé ag cnuasach stair béil lucht bialanna Bhleá Cliath, toisc gur thuig sé go raibh go leor eolais á chailleadh agus daoine ag dul in aois agus ar shlí na fírinne.

Agus é ar chonair léann na cócaireachta tháinig sé ar mhaíomh gurb annamh trácht ar bhia nó tnuthán le bia ar leith i scéalta agus litríocht na hÉireann.
Ós rud é go bhfuil sé féin sáite óna óige i dtraidisiún na Gaeilge bhí fhios aige go maith go raibh dul amú ar an té a dúirt.

Thug sé caint spleodrach, ag ardú a ghuth i rannaireacht agus ag reic amhrán. Ag tabhairt suirbhé ó Aisling Mheic Conglinne anall go Ross O'Carroll Kelly ar an mbia i litríocht na hÉireann, go háirithe san aoir agus san Dinnseanchas.

Bhí a chuid cainte saillte go maith, mar atá an litríocht le gean agus greann.

B'é an t-aon locht ná an t-ocras a d'fhág sé orainn ainneoin bricfeasta flúirseach an Mhuilinn!

Tá a chuid saothair foilsithe in ailt agus caibidil leabhair thall agus abhus, ach tá an príomh chúrsa - leabhar iomlán dá chuid féin - fós le teacht.

Ba ghéarú goile den scoth a chuid cainte áfach, agus léargas nach bocht ná tur traidisiún bia na hÉireann in aon chor, ach ceilte agus folaithe beagán ag claontuairimí.



2017-02-13

Imbolc 2017

D'fhill mé inné ón oilithreacht bhliantúil go féile Imbolc i mBaile Bhúirne. Tá na rúibricí socruithe faoi seo. Gabhann triúr againn siar ó dheas sa charr tráthnóna Aoine. Bíonn béile (agus deoch de dhéantús an ghrúdlanna áitiúil)  againn sa Mhuileann sula dtugann muid aghaidh ar an gCeolchoirm san Ionad Cultúrtha.
Ar ais go dtí an Mhuileann ansin do scléip agus allagar, agus oíche (gairid) codlata.
Bíonn na cainteanna ar feadh an lae ar an Satharn agus leanann an t-allagar sna sosanna a bhíonn idir gach dhá caint. Bíonn lón agus comhrá mar anlann leis sa Chrúiscín Lán againn.
An ghnáth nós atá agam na siúlóid a dhéanamh tríd an gcoill chuig Reilig agus tobar Ghobnatan.
Bhí cúpla corr sa scéal i mbliana áfach a chuir i malairt treo mé.
Ar an gcéad dul síos, taispeánadh scannán 'Ó Dhúthaigh Mhúscraí' faoi ealaíontóirí na háite agus an spreagadh a fhaigheann siad ón dtírdhreach áitiúil.
D'fhág sin gur lean an lá rud beag níos faide ná mar is iondúil.
Ansin, ba lá le Gobnait a bhí ann. Bhí cloiste agam go raibh dealbh ó na meánaoiseanna ar taispeáint sa séipéal i mBaile Bhúirne. Bhí fonn orm é fheiceáil. Bhí scata maith sa tóir uirthi, ag beannú ribíní le deasghnáth leis an dealbh. (Bhí na ribíní ar díol sa séipéal. Táim idir dhá chomhairle faoina leithéidí de ghnás ach chroch mé liom péire, do m'iníon is dom mháthair).
Méadair ar fhaid atá an dealbh, cruth mnaoi ina luí, lámha fillte ina hucht. Tá an aghaidh caite, ag póga na gcreidmheach thar na blianta is dócha. Mheabhraigh sé cos phráis Pheadair ina bhaisleac sa Róimh atá fágtha ina chnap ag muirniú na céadta bliain.
Tomhaistear fad an dealbh leis na ribíní, agus cuirtear timpeall muineál, com agus glúine iad. Glacaim leis go bhfuil paidir nó ortha i gceist freisin - breis taighde de dhíth.
Bhí an cuma air go rabhthas ar tí aifreann a rá, mar sin d'fhan mé san séipéal. Cheap mé go mbeadh Aifreann lá le Gobnait á rá, ach ar ndóigh bigil an Domhnaigh a bhí ann, agus aifreann dá réir- as béarla. Bhí sé aisteach béarla ghalánta an sagart paróiste a chlos, fear nár chuala mé roimhe uaidh ach Gaeilge nádúrtha deisbhéalach.
Faoin am a raibh an aifreann thart bhí dorchadas na hoíche tite agus ba den chríonnacht gan dul san amhantar sa choill. Shiúl mé ar ais fán mbóthar dá réir go dtí an Muileann agus béile na féile, comhluadar agus allagar den scoth mar anlann le bia bhreá an Mhuilinn.

Cuirimid clabhsúr leis an deireadh seachtaine le aifreann i gCúil Aodha, le tionlacan an chóir. Is iontach an rud é na ceithre glúin d'fhearaibh na háite a chlos i mbun comhcheoil.

Beidh tuairisc uaim abhus ar na cainteoirí, a bhí ar ardchaighdeán arís i mbliana, spleodrach eolgaiseach spreagúil.

Treise le Bernice agus Tomás agus gura fada buan Féile Imbolc!

2017-02-07

Ríomhaireacht agus an Ardteist

Tá caint arís ar ríomhaireacht mar ábhar ardteiste, agus códáil mar ábhar bunscoile.

Aithním an phráinn a bhaineann le breis innealtóirí is teicneolaithe oilte. Go deimhin, tá mé ar mo bhealach ag oíche gairmeacha i meánscoil agus súil agam spéis sa ghairm a mhúscailt.

Ach tá an amhras orm faoi na hiarrachtaí seo.

Bhain mise céim amach san innealtóireacht i 1990. Lasmuigh de cúpla ollscoil, ní raibh aon idirlíon an uair úd. Rinne mé mo thogra céime i FORTRAN ar Vax. Ní fhaca mé ceachtar ó shin. Táim ag plé le bogearraí neadaithe ó shin, cuid mhaith den am i réimsí atá thar a bheith mall, ar bhonn slándála, glacadh le teicneolaíocht nua - iarnród agus spás. Ainneoin sin bhí plé agam le dosaen cineál ríomhaire ar a mbeadh an bogearra ag rith, agus b'fhéidir dosaen teanga ríomhaireachta - gan trácht ar na canúintí ar leith a bhaineann le ríomhaire ar leith. Bhí mé ag obair le scata mór uirlisí ar ríomhairí éagsúla - leaganacha éagsúla UNIX, Linux agus Windows. (Tá táirgí Apple seachanta agam go dtí seo). Le teacht an idirlíon agus borradh faoi bogearraí na bhfoinsí oscailte tá saibhreas leabharlanna cód agus uirlisí cumhachtacha ar fáil.

Tá dhá rud a bhaineann le togra ríomhaireachta - an rud ceart a dhéanamh, agus é dhéanamh i gceart. Is deacra go mór an chéad rud.

Tá eolas, uirlisí agus treoirlínte ar fáil chun cabhrú dearbhú go bhfuil an ríomhchlárú déanta i gceart agus ar dhóigh a chuideoidh é chothabháil nuair a chaithfear athraithe a dhéanamh. (Agus is 'nuair' seachas 'má' atá i gceist)

Tá sé i bhfad níos deacra an fhadhb atá le réiteach a thuiscint.

Measaim go bhfuil sé ró luath ar an meánscoil bheith ag plé le hoiliúint, le teicnicí ná teicneolaíocht. Cinnte tá sé ró luath bheith ag plé leo sa mbunscoil.

Cinnte is féidir feidhm a bhaint as ríomhaireacht san oideachas. Fiú códáil go pointe, ach é bheith dírithe ar coincheapa a mhúineadh seachas módh nó teanga. Beidh caonach liath orthu sin sula sroicheann na daltaí an saol gairmiúil.

Dúirt Dijkstra go raibh dhá acmhainn riachtanach don ríomhchláraitheoir. Cumas matamaitice, agus máistreacht ar a theanga dhúchais.

Is mó i bhfad focail i cáipéisí atá scríofa agam go gairmiúil ná cód.

Agus is tábhachtaí cumas taighde agus fiosracht agus samhlaíocht ná scileanna códála.

Tá an rud ar a dtugtar na 3 R as béarla riachtanach - léamh, scríobh agus áireamh. Sin fotha gach rud eile. Is gá cleachtadh san réasúnú freisin.

Tá an matamaitic i ndrochchaoi inár scoileanna ceal oidí oilte spreagtha, agus feictear dom go bhfuil Togra Mata tar éis praiseach ceart a dhéanamh de.

Tá an amhras orm faoi ábhar a chuir leis gan trealamh, gan oiliúint, gan oidí. Tá ganntanas innealtóirí san tír cinnte - ach cad as a thiocfadh na hoidí?

Díríodh na scoileanna ar na bun rudaí a bheith ceart, as cumas taighde is foghlama a bheith ag na daltaí. Bíodh siad fiosrach agus samhlaíoch, in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh.

Foghlaimeoidh siad na teicnicí ansin!

Ní haon dochar ach oiread cuspaí spreagthacha a chuir rompu - ós comhair mná óga ach go háirithe.

Ach ná bímis ag súil le slata draíochta ná aicearraí san oideachas!

Agus sin mo racht go nuige seo.

2017-02-06

Iris IMRAM

Sheol Ciara Ní É mór eagrán 3/4 d'iris IMRAM ag REIC san Generator Déardaoin beag seo. Tá sé ar fáil ar 6€. (5€ a bhí air ar an oíche)

Forbairt ar an bhFéile agus na hócáidí eile a eagraíonn IMRAM atá san iris. Foirm buan á thabhairt do bhlaiseadh de léamha agus cainteanna a tugadh le linn na bliana.

Bhí mé thar a bheith sásta aiste Tracey Ní Mhaonaigh ┐Thadhg Ó Dúshláine a fheiceáil ann. Scaipeadh go leor eolais faoin Doibhlinneach ag an oíche ómóis dó; tá sciar áirithe de sin caomhnaithe san aiste seo. Léargas ar a shaothar leathan ilteangach, agus go leor dá chuid focail féin ann.

Tá léirmheasa téagartha ann, filíocht le Doireann Ní Ghríofa. Sliocht as úrscéal le Lorcán S. Ó Treasaigh, a léigh sé ag ócáid eile.

Dhá gearrscéal.

Ceann láidir le casadh san eireaball ag Aodh Ó Domhnaill.

Agus scéal álainn fada lán sonraí faoi saol Scréachóg Reilige ag Eithne Ní Ghallchobhair.

Blaiseadh de héagsúlacht litríocht comhaimseartha na Gaeilge agus d'fhéile IMRAM. An rud ar fad in iris ar pháipéir maith le dearadh cuanna agus cló snasta.

2017-02-05

Susanna

Tá mo mhac ag dul do chéim san cheoil, agus mar chuid de tá sé ag dul don cantaireacht Opera. Bhí muid i láthair (ar éigin - d'fhág muid an-mhall é ticéid a iarraidh) aréir nuair a chuir an coláiste Susanna Handel i láthair i Scoil na mBuachaillí in Amharclann Smock Alley.

Sa chór a bhí Fionn - bhí sé ina aisteoir ionaid ar dhá ról eile ach ní bhfuair sé a dheis an uair seo.

Scéal ársa faoi dhrúis agus cumhacht atá i gceist le Susanna - scéal atá sa Bhíobla i 13ú caibidil Dainéil. Sa Bhablóin sa deoraíocht atá scéal Dainéil lonnaithe; lonnaigh an feisteas a bhí sa dráma an scéal i schtetl Oirthear na hEorpa san 19ú aois - suíomh sóisialta a bheadh gar don bunleagan; pobal faoi daoirse ach roinnt acu acmhainneach.

Lánúin óg nuaphósta sona lúcháireach, ach caithfidh an fear dul ar aistear. Imní agus uamhan ar a bhean, ach leanann an saol ar aghaidh. Cor ina cinniúint nuair a lasann beirt seanóir i ndrúis léi, agus déanann comhcheilg len í a mhealladh dá dheoin nó dá ainneoin - ag bagairt uirthi go gcúiseofar í i ndrúis le hógánach mura ngéilleann sí dóibh. Ní ghéilleann agus ciontaítear í de bharr fianaise éithigh na seanóirí. Go dtí go dtagann ógánach an slí - Dainéil - agus aithníonn an cluiche corr atá á imirt. Éiríonn leis an éitheach a nochtadh trí an dá sheanóir a cheistiú ar seach agus á fianaise ag teacht salach ar a chéile.

Bhí an ceol fíor mhaith - cumhachtach. Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm orm go háirithe ná an aisteoireacht. Go háirithe duine den na seanóirí (Oisín Ó Dálaigh) a rinne ionchollú fíor éifeachtach ar olc Meifisteolach - ag gríosú a chomhsheanóir (Matthew Mannion) sna gníomhartha táire - ag stánadh go drúisúil, nimh ina chroí.

Sháraigh Súsanna (Amy Ní Fhearraigh) é áfach - lúcháireach soineanta ag an tús, diongbháilte le linn an ionsaí uirthi - a imríodh mar éigniú ach gur chuir an pobal isteach air. Diongbháilte láidir le linn na trialach, fios aici í bheith gan locht i súile Dé fiú má bhí sí tréigthe ag daoine.

Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm dáiríre orm ná a hiompar tar éis do Dainéil í a ghlanadh sa chúirt - seachas caithréim is amhlaidh a bhí sí briste ag a taithí; eagla agus cúthail tagtha in áit an lúcháir soineanta a bhí roimhe; a caidreamh lena nuachar (Martha O'Brien) agus a hathair (Jakob Mahese) gonta ainneoin a ndícheall siúd.

Bhí ana ghuth ag an té i ról Dainéil (Catherine Donnelly) agus cumas maith aisteoireachta freisin, ach gan an scóip céanna aici toisc gan í bheith i láthair ach ar feadh deireadh an cheoldráma.

Bhí iompar an phobal imeartha go maith freisin - léiriú ar an gcaoi gur féidir le cúpla guth an slua a chasadh bealach amháin nó bealach eile. Go fiú cairde Súsanna, a thuig cuid den scéal, ina dtost de bharr sceimhle roimh údarás.

Bhí blas searbh na fírinne ar an cur i láthair; seachas gur annamh a thagann Dainéil chun breithiúnas a thabhairt san fíor saol.

Cuidíonn ceol agus amhráin leis an scéal mothúchánach seo a chuir ina luí ar an lucht féachana. I bhfianaise gur fó-chéimithe ollscoile agus dornán atá i mbun máistreacht an chliar, ba chumhachtach an taispeántas a bhí ann.

Tá sé na blianta ó bhí mé ag ceoldráma - níl siad fairsing anseo, agus go deimhin ní dócha go mbeidh éinne den chliar ar mian leo dul chun cinn sa ghairm sin lonnaithe go buan in Éirinn - mór an trua.

Ealaíon éifeachtach atá ann.

Lá leis na Lochlannaigh

Bhronn na Trí Ríthe "Lá leis na Lochlannaigh" ar m'iníon.
Sa leabhar seo tugann Myra Zepf a laochra Brídín agus Cormac, agus muidne leo, tríd doras draíochta siar san am chuig Duibhlinn na Lochlannach. Buaileann siad le cailín ann - Bjarki. Gael í máthair Bjarki agus Lochlannach a hathair - tá Gaeilge agus Lochlainnis aici.  Bíonn siad gafa in achrann contúirteach le beirt maistín, ach tagann siad as an achrann le gliceas.

Tá an scéal fíor mhaith, ach an rud is mó a thaitin liom ná na sonraí go leor faoi saol na Lochlannach i nDuibhlinn. Sonraí iad seo atá bunaithe ar thaighde cúramach - agus ag deireadh an leabhair tá liosta de na nithe ón iarsmalann a bhí mar spreagadh ag an údar.

Bealach iontach atá anseo chun foghlaim faoi ré na Lochlannach - i ngan fhios beagnach, mar go bhfuil an scéal féin chomh heachtrúil.

Tá dearadh an leabhar thar barr chomh maith - agus tá léaráidí breátha dubh agus bán ann. Úsáidtear nathanna Lochlainnise thall agus abhus sa leabhar, rud a chuireann leis an insint. Is trua liom nár tugadh gluais Gaeilge - Lochlainnis do na nathanna seo, ach níl sé de dhíth dáiríre.
Tá gluais beag Gaeilge Béarla ag deireadh. Sin nós nach maith liom - b'fhearr go mór, dar liom, má tá gá le gluais na focail a mhíniú as Gaeilge.

Bhain mise agus m'iníon araon an-taitneamh as an scéal. Eachtra lán eolais!
Máire Zepf
Lá leis na Lochlannaigh
ISBN: 978-1-907494-55-0
Foilsithe: 2016
Léaráidí le: Olivia Golden
Leathanaigh: 74
€8.00  
Léaráid ón leabhar