Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-02-13

Táin Bó Cuailgne

Le fada is taobh le leaganacha coillte do pháistí, nó leaganacha Béarla a bhí an léitheoir Nua Ghaeilge a raibh suim aige i seanchas liteartha ár sinsir. Feictear dom go bhfuil  borradh faoi leaganacha nua Ghaeilge áfach - Laoch na Laochra Réamoinn Ó Ciaráin foilsithe ag Gael Linn agus Conaire Mór Diarmuid Johnson foilsithe ag Leabhar Breac, le péire a lua.

Darach Ó Scolaí, foilsitheoir Leabhar Breac, a chóirigh an leagan seo den Táin. Leanann sé go dlúth na lámhscríbhinní, ag cuir nua Ghaeilge ar an mbunteanga. Earra suntasach an leabhar dá réir, lán ruthaig. Aidiachtaí carntha ar a chéile. Liostaí fada logainmneacha nó ainmneacha dílse, nó an dá rud in éineacht. Comhraic fuilteacha áibhéileacha. Mion chuir síos ar feisteas agus trealamh. Slad agus ár. Giotaí filíochta fite fuaite tríd.

Cinnte ní raibh gach focal agam, ach ní raibh mé ag stopadh le foclóirí a chéadú. Tá comhthéacs ann. Tá rithim agus ceol san insint. Dar liom tá mianach sár chlosleabhar ann, ach na guthanna oiriúnacha a aimsiú.

Tá an insint iontach saibhir, leabhar ar gá blaiseadh ar do shó, á leagan uait anois is arís chun anáil intinne a tharraingt.

Ach sár leabhar.

Gura fada buan Leabhar Breac agus Darach Ó Scolaí agus iad ag oscailt seoda ár sinsir do ghlúinte nua Gaeil.

Táin Bó Cuailgne
Leabhar Breac