Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-08-31

Sliocht ar Thír na Scáth

Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

Íseáia 26:19

Úrscéal stairiúil atá curtha faoinár mbráid ag Breandán Ó Doibhlin. Scéal cogadh. Scéal deireadh ré. Scéal creideamh agus athrú creideamh. Scéal grá. Scéal gruaim.

Ábhar file an reacaire, i sochaí aicmeach na ngael nuair a chuaigh gairm le sliocht. É lonnaithe i dTír Eoghain. Tá an sean riocht ar té a scriosta, faoi bhuillí fealltacha an eachtarchine, mar a thugann an reacaire orthu - Sasanaigh agus Albanaigh lán le dhíogras concas tiomanta ag saint agus faobhar bhreise ar a lanntracha de bharr an athleasú creidimh.

I leataobh ón gcogaíocht seachas corr ruathar atá an insint.

Agus cinnteachtaí ag clis air caithfidh an reacaire a dheánamh amach cad é a ghairm feasta nuair nach féidir muinín a chuir i bpátrúnacht uaisle Gaeil, atá ag loic ar a ndualgais, ag súirí fiú leis an ionróir, ag tarraingt a bhéascna chucu.

Ceathrar duine óg atá i croílár an scéil, cairde. An reacaire, atá ag foghlaim a cheird agus ar tí céim an anruth a bhaint amach nuair a bhuaileann tubaiste an chogaidh a chuireann scaipeadh ar lucht léinn. Ábhar file aneas, díbeartha as cúige Laighean ag lorg oideachas i gceantar atá faoi réimeas Gaeil fós. Bráthair Bocht, cara eile. Rúnsearc an reacaire. Iníon airchinnigh. Céim as a raon san seanreacht. Ach anois?

Scéal súirí agus cogadh fite fuaite. Agus i gcónaí an cheist cad atá i ndán anois. Conas an oidhreacht a chaomhnú?

Chonac cuir síos ar an nGaeilge mar charachtar sa leabhar. Níl fhios agam an rachainn chomh fada sin.

Tá prós shollúnta fhileata ag an reacaire. File é, tar éis an tsaoil. Focalbhách. Ar maos sa litríocht. Múnlaí ársa smaointe.

Ach tá an leabhar soléite dar liom. Teannas san insint.

Ní haon néal maidine agus tine oíche atá anseo.

Tá machnamh agus marana ann, cinnte. Ach is machnamh agus marana an reacaire atá ann, a eascraíonn go nádúrtha as an scéal agus an stair.

Tá plota leanúnach ann, a fhágann go bhfuil drogall mórán eile a rá faoi imeachtaí an scéil, ar eagla go lagóinn pléisiúr léitheora eile.

Tá smál beag ar an leabhar- dornán botúin fánacha cló thall is abhus, a bhaineann tuisle as an léitheoir. Is trua sin.