Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-07-30

Cogarnach ár gCósta


Rud éigin ar Twitter a spreag mé le fios a chur ar chuntas Ger Ó Cíobháin ar a iomramh naomhóige deiseal timpeall cósta na hÉireann i lár na seachtóidí.

Leabhar measartha gairid atá ann, agus go leor rudaí nach mbaineann leis an turas farraige fágtha ar lár sa chaoi is nárbh léir dom gur sé seachtaine agus breis a mhair an turas.

Ach is fileata an cur síos ann, ó chéad mhúscailt an smaoineamh in aigne déagóra go dtí gur aimsigh sé comrádaí —Danny Sheehy óg - agus é féin i lár a shaol.

Rinne mé iontas - léiriú ar an athrú saoil - ar an méid tagairtí do chaitheamh toitíní atá ann, agus é fós sa leaba ar maidin fiú. Agus fuisce agus pórtar leo sa naomhóg agus iad ag slogadh go minic!

Ba léir a ghrá domhain don fharraige agus don dúlra, agus a chreideamh láidir i nDia agus naomh na nGaeil a thug misneach dó ar thuras a bhí contúirteach go maith, agus cúpla eachtra scáfar ann.

Ba léir freisin a dhoicheall - agus na Trioblóidí in airde réime - roimh taobh amháin ó thuaidh, cé go bhfeictear dom gur caitheadh cóir go maith leis, go háirithe ag lucht an Gharda Chósta a bhí ag faire amach dóibh.

Fuaireadar comhluadar agus aíocht mórán gach áit fán slí, seachas, ar chúis ait éigin, ar Oileán Chléire!

Leabhar taitneamhach agus cuireann léaráidí Tom Roche go mór leis. 

Ger Ó Cíobháin
Cló Dhuibhne, 1979. 

2021-07-26

Toil Dé

Bhí mé ag fanacht i bhfad leis an leabhar seo teacht chugham ón leabharlann. Measaim go ndeachaigh an t-iarratas ar strae - nuair a d'fhiosraigh mé an cheist le lucht na leabharlanna is cosúil gur seoladh duine éigin go domhain isteach i stóras éigin chun é aimsiú.
Is dócha gur Bildungsroman atá ann, fear óg de sliocht sean uaisle Gaelach ag teacht in inmhe le linn Cogadh na Saoirse agus ina dhiaidh. Gaol maith aige lena athair, agus caidreamh le bean óg - ach go dtéann sise i dtreo na Poblachta áit a chloínn seisean leis an Saorstát.

Tréimhse sna hÓglaigh, tréimhse i gcampa géibhinn, tréimhse in Ollscoil na Tríonóide agus é i gceist aige bheith ina oide, tréimhse ar ais ar an bhfeirm de dheasca tubaiste sláinte a bhain dá athair. Agus an fear céanna ag tabhairt óráid sa Seanad nuair a bhuaileann an taom é.

Tá deireadh an scéil aisteach, agus iomarcach dar liom - measaim dá mbeadh eagarthóir liteartha maith ag Mac Giolla Iasachta go bhfágfaí an chríoch ar lár!

Feictear dom gur chuir sé go leor leor dá thaithí agus smaointe féin sa scéal, agus is iomlánú maith é dá réir ar a dhialann. Tá an insint féin tarraingteach go maith.

Measaim go bhfeictear ann conas ar thráigh go leor d'fhuinneamh na ndaoine de bharr aighneas an Chonartha. Agus bhí cúrsaí talmhaíochta thíos leis chomh maith, dar le Mhic Giolla Iasachta, cúis na Gaeilge.

Úrscéal spéisiúil. Ní sa chlúdach deas as barr an leathanaigh a bhí an chóip a fuair mé, ach i gclúdach crua leabharlainne! 

2021-07-23

Botún cló le toradh tromchúiseach

I ndiaidh dom alt a scríobh inné faoi ríomhchlárú agus intleacht shaorga léigh mé an t-alt seo maidir le botún tromchúiseach i Chrome OS, a d'fhág daoine gan rochtain ar a ngléasanna.

Chuir an míniú mearbhall orm i dtosach - "&" in áit "&&" a bhí i gceist. Ní bheadh a leithéid tromchúiseach i C - cé go bhféadfadh sé toradh mícheart a thabhairt. Is éard is ciall le "&" le dhá oibreann i C ná agus de réir giotáin - beidh an giotán san toradh fíor má tá an ghiotán san dá oibreann fíor. Mar shampla, ag úsáid uimhreacha déanárta:

0b1010 & 0b1011 => 0b1010.

ach

0b0101 & 0b1010 => 0b0000

I C ciallaíonn && agus loighice; má tá an dá oibreann fíor, beidh an toradh fíor. Níl an luach ar fíor sáinmhínithe, is ionann aon luach nach náid agus fíor. Go hiondúil, is 1 a bhaineann an tionsaitheoir feidhm as mar fíor.

Mar sin is ionann

0b1010 && 0b1011 = (0 != 0b1010) && (0 != 0b1011) => FÍOR = 1

agus

0b0101 && 0b1010 = (0 != 0b0101 ) && (0 != 0b1010 ) => FÍOR = 1

Bhí corr eile i gceist leis an bhfadhb a tháinig chun cinn i gcás Chrome, áit a bhfuil C++ in úsáid, agus brí beagáinín éagsúil i gceist le & agus &&. 

Tá feidhm loighice acu araon; ach má tá an oibreann ar chlé bréagach, ní dhéanann && an oibreann ar dheis a ríomh in aon chor. Seo, is, cosúil, an feidhm a spreag an fadhb.

std::string VaultKeyset::GetLabel() const {
  if (key_data_.has_value() & !key_data_->label().empty()) {
    return key_data_->label();
  }
  // Fallback for legacy keys, for which the label has to be inferred from the
  // index number.
  return base::StringPrintf("%s%d", kKeyLegacyPrefix, legacy_index_);
}

Dá mbeadh && úsáidte, agus dá mbeadh key_data_.has_value() bréagach, ní ríomhfaí in aon chor key_data_->label().empty(). Déanaim amach, sa chás go raibh an chéad oibreann bréagach, nach mbeadh an dara ceann bhailí, agus go mbeadh fabht ann dá ndéanfaí iarracht é a ríomh.

Is cosúil, dar liom, go raibh feidhm nua a thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh, ach go raibh an sean feidhm ("legacy keys") de dhíth dáiríre. Shamhlóinn freisin gurb é sin an chúis nár aimsigh na scrúdaithe an fhadhb sular scaoileadh é - go raibh siad ag díriú ar an feidhm nua a bheith ag obair ceart. Ba cheart ar ndóigh bheith cinnte, má tá seanfeidhmeanna in úsaid, nach bristear iad. Ach is éasca do forbróir dearmad a dhéanamh ar an tsean-rud!

Is minic, san ríomhchlárú, go mbíonn fabht tromchúiseach mar thoradh ar bhotún fánach mar seo. 

2021-07-22

Ardeaglais, basár, intleacht shaorga....

Blianta fada ó shin, scríobh Eric Raymond aiste fhada faoi forbairt bogearraí foinse oscailte - The Cathedral and the Bazaar ag déanamh codarsnacht idir stíleanna lárnaithe comhlachtaí agus stíl oscailte leithéidí Linux. 

I measc na nathanna a mhúnlaigh sé ann bhí nath ar ar thug sé dlí Linus "ach a dóthain súile a bheith agat, tá fabht ar bith éadomhain".

Ó shin, tá córais fearacht Linux tar éis ard chaighdeán cáilíochta a bhaint amach, i bpáirt de bharr an líon ábhalmhór úsáideoirí oilte atá in ann, agus fonn orthu, tochailt go domhain isteach in inní an chórais. Sé sin, úsáideoirí ar forbróirí iad.

Ainneoin na comhlachtaí móra tráchtála atá ar dromchla an idirlín, is bogearraí foinsí oscailte cnámh droma an chórais. Agus tá na milliúin tograí éagsúla ar leithéidí github ina bhfuil eagraíochtaí móra fearacht NASA nó ESA, agus forbróirí aonair tar éis a gcuid bogearraí a chuir ar fáil i bhfoirm foinse oscailte faoi réimse leathan ceadúnais foinse oscailte (a choinneoidh foireann dlíodóirí oilte gnóthach ar feadh na cianta le hoibriú amach cé na cearta a cheileann agus a bhronnann siad, ach sin scéal eile).

Ainneoin go bhfuil táirgí áirithe tar éis ardchaighdeán a bhaint amach, uaireanta ní amharcann na súile san treo ceart! Roinnt blianta ó shin thangathas ar fabht dochrach i leabharlann SSL atá in úsáid go forleathan chun eolas ar an idirlíon a chriptiú - thug an fabht ar baisteadh Heartbleed air deis do bhradálaithe teacht ar eolas ón sprioc-chlár tríd teachtaireacht bradach a sheoladh. Is botún simplí a rinne forbróir amháin a bhí i gceist, nár tugadh faoi ndeara. Tarlaíonn a leithéidí!

Anois tá an comhlacht Microsoft, a bhfuil seilbh acu ar github féin tar éis feidhm a bhaint as Intleacht Shaorga atá bunaithe ar GPT-3 chun cúntóir ríomhchláraithe a chruthú. Amhail mar a "fhoghlaimíonn" GPT-3 conas téacs a chumadh tríd scagadh a dhéanamh ar ábhar ón idirlíon, "foghlaimíonn" CoPilot ó cód ar GitHub. 

Ach is iomaí togra tréigthe ar GitHub, agus is iomaí togra nach bhfuil ach duine nó beirt ag plé leis - mar sin, tharlódh an cód a bheith fabhtach. Má tá leithéidí CoPilot ag slogadh isteach cód mar sin, agus ag cruthú cód a rachadh tríd an tiomsaitheoir gan aon fhabht a léiriú. 

Ach mura bhfuil sé feicthe ag súil ar bith, le tuiscint, conas a d'fheadfadh sin bheith amhlaidh?

2021-07-20

Stevenson agus a Asal, trascruthaithe ag Seán Ó Ruadháin

Thóg sé chomh fada ar an leabhar seo teacht chugham ón leabharlann go bhfuil dearmad déanta agam cad é go díreach an moladh a spreag mé chun fios a chur ar Mise agus m'Asal le R.L. Stevenson, aistrithe ag Seán Ó Ruadháin. Alt irise, measaim.

Cuntas ar thuras tríd ceantar sléibhtiúil na Cevennes atá ann, Stevenson agus Asal a cheannaigh sé chun a threalamh a iompar agus na heachtraí a bhain dó agus é seal ag codladh faoin spéir, seal ar lóistín i Mainistir Trappach, seal i dtithe aíochta.

Is léir go raibh taighde déanta aige roimh ré ar stair an cheantair, áit a raibh éirí amach fuilteach ag Protastúnaigh Hugenot i gcoinne cuir faoi chois fuilteach an Rí orthu.

Tá an stair sin mar chúlra dá eachtraí agus é ag foghlaim conas asal a thiomáint!

Níor shíl mé ón méid a bhí léite agam gur duine cráifeach ab ea Stevenson (agus seans nárbh ea) ach is cinnte gur léirigh sé ba do na Protastúnaigh a rinne éirí amach sa cheantar.

Tá an Ghaeilge a chur Ó Ruadháin air saibhir (agus réamhchaighdeánach agus san cló Gaelach), rud a d'fhág ag streachailt mé uaireanta. Formhór na logainmneacha fágadh sa bhunleagan agus i gcló Iodálach Antiqua iad, ach aistríodh roinnt acu. Chur "Lochán" mearbhall orm mar ainm abhainn go dtí gur chaith mé súil ar an léarscáil agus chonaic go raibh an Tarn i gceist.

Bhain mé sult as smaointeoireacht Stevenson mar a nocht sé san insint é, agus an cuir síos éadromchroíoch ar a thaisteal, ainneoin a dheacra is a achrannaí a bhí cuid de. Tá fonn fánaíochta orm ar aon nós, agus ba dheas bheith in ann léamh faoi, ar a laghad. 




2021-07-16

Scéinséir spéisiúil soineanta


Níl mórán leabhair ann do dhéagóirí óga, agus is maith mar sin an leabhar nua seo faoi Ána agus Mac Dara, clann lánúna ar seandálaithe iad. Ag tús an scéil tá na gasúir i Nua-Eabhrac, a dtuismitheoirí imithe ar strae sa tSualainn, ach iad le seoladh go hÉirinn don samhradh chuig lánúin eile seandálaithe, móide madra!

Os scéinséir atá ann, ní mian liom an plota a mhilleadh ar éinne trí sonraí an scéil a sceitheadh. Ach is iomaí corr ann, uisce faoi thalamh agus cabhair diamhair, go sroichtear deireadh sona, na bithiúnaigh gafa nó ar a gcoimeád, taisí luachmhara slánaithe don náisiún, tuismitheoirí aimsithe agus Ána agus Mac Dara ina laochra.

Measaim go mbainfeadh déagóirí óga sult as an scéal seo. Tá sé eachtrúil gan a bheith scanrúil.

Bhain mé féin taitneamh as agus mé á léamh. I ndiaidh dom é léamh - mar léitheoir taithíoch scéinséirí - mhothaigh mé go raibh roinnt poill ann. Easpa imní na daoine óga faoin easpa nuachta óna dtuismitheoirí, abair.

Ach ar an mórgóir thaithin sé liom, agus seans nach mbeadh léitheoirí óga chomh géar céanna is atáimse.


Brian Ó Broin
€9.00
136 lch; clúdach bog; 978-1-909907-55-3

2021-07-13

Allagar de Fréine le Rilke

Le linn an comhrá fileata a bhí mar chuid de Féile Litríochta Idirnáisiúnta Átha Cliath labhair Celia de Fréine faoin gcnuasach seo a d'eascair as fionnachtain nuair a chaith sí seal i gColáiste na nGael i bPáras. Tháinig sí ar chnuasach de chuid filíochta Fraincise Reiner Maria Rilke. Is beag atá léite agam de Rilke, agus i nGearmáinis an bheagán sin. Bheadh níos lú fós léite agam ach ab é gur chuir Valentin Iremonger Gaeilge ar Bheatha Mhuire, agus Máire Mhac an tSaoi Gaeilge ar Marbhnaí Duino. I nGearmáinis atá bunleaganacha na saothair sin. Ach chaith Rilke féin tréimhsí i bPáras, agus scríobh neart filíochta sa bhFraincis.

Thug sin - go háirithe na dánta i  Migration des Forces (foilsithe is cosúil in imleabhar darbh ainm Ébauches et Fragments) tinfeadh do Celia de Fréine sraith dánta machnamhacha a scríobh, amhail is dá mbeadh scáth Rilke dá tionlacan tríd Páras agus ar ais go Conamara fiú. Dánta faoin tinfeadh agus filíocht.

Ón leabharlann a fuair mé an cnuasach, rud a chiallaigh go raibh orm é léamh laistigh d'achar áirithe. Ní hé sin an dóigh is fearr le filíocht a léamh. B'fhearr go mór tumadh isteach ann anois is arís, machnamh a dhéanamh. Ach chaith mé féin seal i bPáras agus go deimhin cúpla uair an chloig i gColáiste na nGael, nó le bheith cruinn sa chlós ann. D'fhéadfainn file agus scáth a shamhlú ag siúl na sráideanna in allagar éigse....

Celia de Fréine
ISBN: 9781851322411
Arlen House 

2021-07-03

Athbheo

Tagairt ag Seán de Fréine don leabhar Athbheo le Tomás Ó Floinn a spreag mé chun fios a chur ar ón leabharlann. Bhí sé ag trácht san Timire ar na cnuasaigh filíochta ba thábhachtaí dar leis. Rinne Seán féin go leor den fhilíocht a chuir ar fáil dúinn sa chnuasach Croí Cine a cuireadh atheagrán de ar fáil i 2019.

An rud a chuir Tomás Ó Floinn roimhe ná rogha dánta ón tsean litríocht a chuir ar fáil nach raibh fáil orthu ach in aistriúchán Béarla agus na bunleaganacha Sean-Ghaeilge. Litríocht ón naoú aois go dtí an aonú aois déag. Litríocht a bhfuil dearcadh ar leith ar an ndúlra ann, dearcadh - mar atá pléite aige san réamhrá - atá éagsúil le pandiachas litríocht na Gréige agus na Róimhe, a raibh tionchar acu in iarthar na hEorpa.

Chomh maith leis na dánta dúlra agus séasúracha tá scéal amháin ó Saltair na Rann aige, scéal béaloidis ón am i ndiaidh d'Ádhamh agus Éabha bheith díbeartha as gairdín parthas - ina maítear go bhfuil cloch sa mhuinchille ag Lucifer d'Ádhamh toisc gur a dhiúltú ómós a thabhairt d'íomhá Dé ann ba chúis lena dhíbirt.

Tá lorg diantréanas na hEaglaise in Éirinn go háirithe ar an dán sin - an diantréanas céanna, dar le Tomás Ó Floinn, a thug léargas ar leith ar an dúlra dóibh.

Tá na bunleaganacha - nó léamh áirithe orthu - agus leaganacha Nua Ghaeilge Uí Fhloinn aghaidh ar aghaidh ar a chéile, agus nótaí agus foinsí tugtha ag deireadh an leabhair.

Ba mhaith an rud go deimhin, mar a dúirt Seán de Fréine ina alt, go mbeadh an cnuasach seo i gcló i gcónaí.

Tá cnuasach eile leis Athdhánta atá tógtha ón dtobar céanna ar mo leabhragáin agam. Cnuasach níos fairsinge ach nach bhfuil ann ach na leaganacha Nua Ghaeilge.