Píosaí liom in áiteanna eile:
2021-08-31
Scéal corraitheach grá agus méala
2021-08-30
Commando
Reitz le linn an chogaidh, ón Vicipéid Afracáinise |
Eachna
Saothar a choimisiúnaigh duine eile ó Ciara |
Ocus ro eirig inn ingen ac faicsin Chailti, & tairbiris póc dó, & ba cian roime-sin o thuc ben póc dó.
‘Cia thussa, a ingen?’ ar Cailte.
‘Echna ingen Muiredaig meic Finnachta, ingen ríg Connacht missi’, ar in ingen. Ocus is amlaid ro badur na mná, & fidchell acu icá h-imbirt & baiglend do midh so-óla acca ic á h-ól, & benn buabaill ar uachtar na baiglinde, & in trath do thairsed in cluichi do breith do ibhdis deoch, & do bídis ac ól & ac áibnius 'arsin. Ocus is amlaid ro bói in ingen & tri buada furri, uair ro bo do mnaib glicca in domain di, & is í ben is aille ro bí isin doman h-í, & in tí da tabrad comairli do bíth conach & airmitin aici.
Agus d'éirigh an iníon ar fheiscint Caoilte agus thug póg dó; agus ba chian roimhe sin ó thug bean póg dó.
"Cé thusa, a iníon?" arsa Caoilte?
"Eachna iníon Mhuireadaigh mac Fiannachta, iníon rí Chonnacht mise," arsa an iníon. Agus is amhlaidh a bhíodar na mná, agus ficheall acu a imirt, agus umar de mhiodh so-ólta acu á n-ól agus adharc bhubhaill ar uachtar na humaire agus an tráth do buadh cluiche ibhidís deoch, agus bhíodar ag ól agus ag áineas ansin. Agus is amhlaidh a bhí an iníon agus trí bhua aici; óir do ba de na mná is glice sa domhain í, agus dob an bhean is áille san domhan í, agus an té a thugadh sí comhairle do bheadh a chonach agus a thairbhe aige.
Ó Acallamh na Seanórach (liomsa an iarracht Nua Ghaeilge)
2021-08-28
Díseart Uí Fhiannachta
Trí réimse atá sa ghairdín. Anuraidh thug mé suntas don gcoill bheag atá sa ghairdín is faide siar, crainn coll agus caorthainn, gach ceann acu faoi altram ag teaghlach áitiúil. Binsí chun suí orthu, agus ardán sa chúinne do ceol agus filíocht. Bhí ceolchoirmeacha ann i mbliana, cé nár fhreastail mé féin ar ceann ar bith. Agus mé ann i mbliana bhí scata páiste sceitimíneach ag amharc ar na coiníní a chónaíonn ann - i gcroílár Bhaile an Daingin.