Píosaí liom in áiteanna eile:
2021-09-18
Auschwitz
2021-09-12
gementes et flentes in hac lacrimarum valle
Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe). Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.
Do chruit a bhfuil dlaoithe órga Apollo mar sreanga uirthi
Don chéad uair le fada bhí mé ag ceolchoirm oíche Aoine, faoi chúinsí Coivide; ní raibh ach b'fhéidir trian de na suíocháin líonta in amharclann an Mermaid i mBré, agus muid ar fad scartha go sóisialta. De bharr an dóigh gur cheannaigh muid na ticéid bhí an déagóir agus mo nuachar san ró tosaigh agus mise agus mo mhac siar píosa maith. Ach is chun éisteacht a bhíomar ann (agus ba mhaith an rud sin, mar le pusachán orm bhí mé cráite le gal ar na spéaclaí anois is arís).
Eamon Sweeney a bhí freagrach as an gclár, smaoineamh a bhí á fhorbairt aige roimh covid - san ré RC mar a déarfá. Sé sin, oirfidigh a cheolann ar modh an cheoil luath a thabhairt le chéile le ceoltóirí traidisiúnta comhaimseartha - tá leaganacha de na foinn céanna i stór an dá dhream.
Go deimhin Ceol Ársa Cláirsí is ainm don CD a thug Steve Cooney, a bhí i measc na hoirfidigh ar an oíche - ceol a seinneadh i dtús ama ar chláirseach á sheinm go binn ar ghiotár aige.
B'iad a bhí sa chliar ná :
Filíocht (Béarla) - Jane Clarke
Cruit le sreanga práis - Siobhan Armstrong
Viola de gamba - Malachy Robinson
Chitarra Battente/Bandora - Eamon Sweeney
Giotáir - Steve Cooney
Feadóga - Cormac Breatnach
Is mar sin a bhíodar romhainn ar an stáitse. Ceol le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, Ruairí Dall Ó Catháin, Thomas Connellan agus as cnuasach Goodman a chuir siad romhainn. Is minic go raibh agallamh beirte i gceist idir dhá cheoltóir agus a huirlisí, agus iad ag freagairt dá chéile.
Goltraí agus geantraí. Agus a cuid filíochta, roghnaithe don ócáid ag Jane Clarke, ag amharc siar ar an ré neamhghnách reatha agus siar níos faide go haimsir cumtha an cheoil. Daoine agus dúlra á spreagadh, mar a spreag sé na cumadóirí. (Is beag mo spéis i bhfilíocht Béarla, ach anois is arís chorraigh frása nó leathrann mo chroí - bás aoire, falscaí Chill Áirne,...)
Taitníonn ceol ársa liom, tá sollúntacht sa cheol a bhaintear as téada práis nó uirlis téada neamhghnách. Draoithe ceoil a bhí ar an ardán, iad i dtiúin lena n-uirlisí agus le chéile, agus rabharta ceoil ag líonadh clapsholas na hamharclainne. Ag cothú mothúcháin ainneoin go raibh an lucht féachana scaipthe scáinte.
Kammermusik an chineál seo ceoil ar aon nós, oiriúnach do lucht féachana beag atá sáite sa cheol.
Oíche dár saol.
2021-09-11
Béaloideas, dúchas, oiliúint
2021-09-07
Agape
2021-09-05
Scaoileann díchuimhne dubhrúnta
Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.
Sin cuir síos an foilsitheora Barzaz (inphrionta de chuid Futa Fata) ar an chéad leabhar atá foilsithe acu, agus an chéad úrscéal atá foilsithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin.
Is geal le talamh sácráilte an Shoah; smál ar stair na hEorpa, na Gearmáine ach go háirithe, ach téama íogair sna tíortha nach bhfuil ach ag dul i ngleic leis an gcuid sin dá stair anois mar go raibh siad faoi impireacht na Rúise a d'eascair as an Dara Ár Eorpach go dtí le déanaí. Agus is ultach é ar gach Giúdach - níl éinne acu nach bhfuil teagmháil éigin acu leis - agus cuireann sé le castacht scéal Iosrael, do Ghiúdaigh agus neamh Ghiúdaigh. Ball íogair. Shíl mé go raibh Tadhg ag dul go mór san amhantar a cuir brionnú scéil marthanóra i lár a úrscéal, nuair a léigh mé an cuir síos.
Ní bhaineann an scéal liom go pearsanta, ar ndóigh, cé go bhfuil Auschwitz siúlta agam, agus tuairiscí leithéidí Primo Levi léite agam agus go domhain i mo chuimhní. (Agus eolas éigin agam ar pháis na hEastóine tríd saothar Sofi Oksanen ar tharraing Alex Hijmans m'aird air). Anois agus an scéal léite agam, creidim nach mbeadh marthanóir den tuairim go bhfuil éagóir déanta.
Scéinséir - nochtadh tragóide folaithe atá anseo, agus de bhrí go scaoileann an t-údar linn noda diaidh ar ndiaidh go sciliúil, muid ag cuir tuiscint ar an scéal de réir mar atá Levana, ach muid níos eolgaisí ná í, ní mian liom aon rud a sceitheadh - níl sé i gceist agam mar sin faic mórán a rá faoin scéal; ach gur bhain sé creathadh asam agus go raibh comhbhá agam do Madame Lazare, agus do Levana araon; duine acu ar nochtadh a rún dá ainneoin, agus ainneoin iarrachtaí na mblianta doras na cuimhne a choinneáil iata; an duine eile ar baineadh an bonn dá féiniúlacht - mar gur máthair Giúdach a dhéanann Giúdach de dhuine.
Scéal atá anseo faoi fhéiniúlacht. Féiniúlacht a eascraíonn as gaol. Agus is de dhlúth agus inneach an ghaol na ceithre ghrá, mar a rinne C.S. Lewis cur síos orthu - storge (ceanúlacht), philia (cairdeas), eros (searc lánúine) agus agape (grá Dé - san dá chiall den nath sin). Is faoi réir ag na ceithre grá seo atá na caidrimh éagsúla atá lárnach san scéal. Thóg Memé agus a fear Samuel (Pépe) Levana nuair a fuair a n-iníon Brigitte bás óg agus Levana fós ina pháiste. Leag a n-iníon an dualgas orthu í thógáil go ceartchreidmheach, nósanna nár chleacht siad féin. Tuigeann Levana seachantacht a Mémé, a col le ceist ar bith faoin am atá thart. Ach tá íota eolais uirthi toisc gurb an aimsir caite sin atá mar cloch bonn dá féiniúlacht.
Fite fuaite tríd an scéal tá fíor chuimhní Mémé; cuimhní a bhfuil seanchas a muintire lárnach ann; béaloideas, agus a creideamh, agus a muintir - cuimhní a mbaineann grá agus tragóid leo.
Tá an chreideamh, agus a mhaolú faoi thionchar tubaistí an tsaoil fite fuaite tríd an scéal freisin.
I gcúpla abairt cruthaíonn Tadhg carachtar inchreidte le tréithe láidre a léiríonn gné den scéal; fiú na carachtar tánaisteacha tá siad tarraingthe go soiléir aige le cúpla abairt - iad ag léiriú ag an am chéanna gné den ábhar atá tábhachtach; béaloideas, cuimhne, creideamh, stair. Údarás an lámh láidir; agus údarás na huaisleachta nádúrtha. An rud a chuireann duine amháin luach air, agus gur lú leis an duine eile ná an sioc é.
Is léir go raibh na blianta oibre agus taighde ann sular dlúthaíodh i ndrioglann samhlaíochta Thadhg an t-úrscéal seo ina bhraon fíor uasal. Beidh mé ag machnamh ar an scéal seo go ceann i bhfad.
Tadhg Mac Dhonnagáin