Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-09-02

Córas domhanda loingseoireachta le satailítí

Nuair a thosaigh mise ag siúl sléibhe, compás, léarscáil, airdeall agus tomhas ama a bhí de dhíth chun loingseoireacht. Sna 1970í, chun críche míleata, d'fhorbair Roinn cosanta Mheiriceá an córas suite domhanda.  I 1993 bhí an córas iomlán, 32 satailít i bhfithis timpeall an domhain, ag craoladh comharthaí. Tá ionaid rialaithe ar an domhan freisin chun súil a choinneáil ar na satailítí agus ceartúcháin a dhéanamh ar an eolas a chraolann siad. Ceadaíodh úsáid neamhmhíleata an córais ó na 1980í, ach ní raibh an t-eolas atá ar fáil do ghlacadóir sibhialta chomh cruinn céanna go dtí an bhliain 2000. (Rinneadh laghdú d'aon ghnó ar an caighdeán chun go mbeadh buntáiste ag úsáideoirí míleata.)

Tá clog adamhach ar bord gach satailít. Craolann siad comhartha ag na minicíochtaí iompair. Anuas ar an comhartha sin tá cód súdarandamach atá uathúil do gach satailít. Tugtar cód óir ar an gcomhartha sin. Anuas air sin arís craoltar an t-eolas gps. An príomh eolas ná an t-am agus an ionad ina raibh an satailít nuair a craoladh an comhartha. Ach bíonn eolas breise ann. Eolas faoi éifeacht an atmaisféar ar na comharthaí, eolas faoi chruinneas ama, agus eifimiris - eolas faoi fithis na satailítí. Bunaithe ar an eolas sin caithfidh glacadóir cothromóid i gceithre anaithnid a réiteach - domhanfhad, domhanleithead, airde agus am. Mar sin, caithfidh glacadóir comhartha ó ar a laghad ceithre satailít a chur san áireamh. Go hiondúil baintear feidhm as cúig chinn. I gcás glacadóir ar fón is féidir eolas ó na stáisiún bunáite - a bhfuil a n-ionad aitheanta - a chur san áireamh chun cruinneas a fheabhsú. 

Is féidir freisin córas gps a úsáid chun am a ríomh le cruinneas clog adamhach, má tá eolas cruinn ar an ionad. Mar sin a fhaigheann córas na gutháin soghluaiste an t-am. 

Tá an chóras ГЛОНАСС (glonass - córas domhanda satailítí loingseoireachta) ag an Rúis agus Galileo ag an Aontas Eorpach. Ní hionann na mionsonraí teicniúla, ach tá na prionsabail céanna i gceist. 

Tá caint faoi láthair ar trasnaíocht gps. Is féidir leis sin tarlú má chraoltar comhartha láidir ag na minicíochtaí atá in úsáid ag gps. Fágann sé sin nach féidir le glacadóirí an comhartha ceart a aithint. 

Táimid éirithe thar a bheith spléach ar na córais seo, do loingseoireacht agus fiú do nithe fearacht am cruinn agus suirbhéireacht. 
Cúis imní mar sin má tá mioscais sa scéal. 


2025-09-01

Friotail thar Farraige: Éire agus St. Gallen san Eoraip sa Luath-Mheánaois

Chuaigh mé le déanaí chuig an taispeántas seo le déanaí. Bhí mé dírithe ar na LSS, toisc go raibh macasamhla na hearraí eile feicthe agam. Ach theastaigh uaim na LSS a fheiceáil le mo shúile cinn.

Agus sásaíodh mé. 

Bhí idir LSS ina raibh maisiúcháin thar a bheith ealaíonta, agus cinn nach raibh iontu ach scríbhinn lom. Agus iad ó thréimhsí éagsúla. Ina measc liosta de na leabhair Éireannacha i Mainistir Nṃ̇ Gall.

Tá catalóg ag dul leis an taispeántas, costas 20€ air. Agus is fiú é. Tá sraith aisti stairiúla agus seandálaíochta ann - seandálaíocht thurgnamhach san áireamh.

Tá mionchuntas ar gach taispeántán ann freisin. Neart sonraí i leabhar mór tiubh.

Tá mé ag súil, tar éis dom léamh faoi san catalóg, athchuairt (nó dhó) a thabhairt ar an dtaispeántas. Amharc ar na taispeántáin le tuiscint níos doimhne.

Is iontach an píosa oibre atá ann - muintir na mainistreach ag obair as lámha a chéile le foireann an iarsmalainn.

Tá deis le tapú go dtí Deireadh Fómhair.